Inniu, ghlac an Coimisiún togra leasaithe le haghaidh ‘Rialachán maidir le Réitigh Thrasteorann a Éascú' chun cabhrú leis na Ballstáit réiteach a fháil ar chonstaicí a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil an 150 milliún saoránach Eorpach atá ina gcónaí i réigiúin trasteorann na hEorpa.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svLatest News
Inniu, bhronn an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin Elisa Ferreira Gradaim REGIOSTARS 2023 ar sheacht dtionscadal nuálacha den scoth ar fud na hEorpa, tionscadail a fuair tacaíocht ó chistí an Bheartais Comhtháthaithe.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svAg an bpreasagallamh inniu lenar seoladh an 21 ú Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, tháinig Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin agus Vasco Alves Cordeiro, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, le chéile chun ról ríthábhachtach an Bheartais Chomhtháthaithe a chur i dtábhacht maidir le héifeachtaí na géarchéime fuinnimh a mhaolú agus chun cuidiú a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ó chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith leis na daoine agus na réigiúin atá ag cur fáilte rompu.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svInniu, tá 15 bhuaiteoir ar Dhuaiseanna Bauhaus Nua na hEorpa 2023 agus 14 thionscadal roghnaithe á bhfógairt ag an gCoimisiún, a bhain tairbhe as EUR 65 mhilliún d'infheistíochtaí ón gcéad Tionscnamh Uirbeach Eorpach — Glao ar Ghníomhaíochtaí Nuálacha faoin mBeartas Comhtháthaithe. Beidh an Searmanas Bronnta ar siúl le linn ócáid leanúnach ‘NEB i Réigiúin agus i gCathracha' sa Bhruiséil leis an gCoimisinéir Ferreira.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svBeartas Comhtháthaithe an Aontais ag cuidiú le nuálaíocht inár gcathracha. Inniu, seoladh an dara glao ar thograí dar luach €120 milliún ag an Tionscnamh Uirbeach Eorpach do thionscadail nuálacha, tionscadail ar cheart dóibh réitigh nua a fhorbairt agus a thástáil chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair i gceantair uirbeacha.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svLe cistiú an Bheartais Chomhtháthaithe in 2021-2027, meastar go dtacófar le cruthú 1.3 milliún post agus go dtiocfaidh méadú 0.5% ar OTI an Aontais ar an meán faoi dheireadh na ndeich mbliana seo, agus méadú suas le 4% i roinnt Ballstát.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svInniu, d'fhoilsigh an Coimisiún an tInnéacs um Iomaíochas Réigiúnach (RCI), leagan lán-athbhreithnithe d'uirlis sheanbhunaithe lena dtomhaistear gnéithe éagsúla iomaíochais do réigiúin uile an Aontais.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svIn 2014-2020, le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), scaoileadh infheistíocht iomlán de EUR 731 billiún, agus chistigh an tAontas EUR 535 bhilliún den mhéid sin, lenar cothaíodh cóineasú socheacnamaíoch marthanach, comhtháthú críochach, Eoraip shóisialta agus aistriú rianúil glas agus digiteach.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | svTá daoine éirimiúla san Eoraip. Ach is gá na daoine éirimiúla sin a chothú, go háirithe de réir mar a ghabhann an tAontas trí aistriú déimeagrafach tábhachtach. Tá gá níos mó leis sin i réigiúin atá thíos le lucht saothair atá ag laghdú agus leis an líon íseal daoine a bhfuil oideachas treasach acu, agus i réigiúin atá buailte ag imeacht na ndaoine óga.
bg | cs | da | de | el | en | es | et | fi | fr | hr | hu | it | lt | lv | mt | nl | pl | pt | ro | sk | sl | sv