breadcrumb.ecName

Cé chomh hiomaíoch atá do réigiún? Foilsíonn an Coimisiún an tInnéacs um Iomaíochas Réigiúnach

  • 27 March 2023
Cé chomh hiomaíoch atá do réigiún? Foilsíonn an Coimisiún an tInnéacs um Iomaíochas Réigiúnach

Inniu, d'fhoilsigh an Coimisiún an tInnéacs um Iomaíochas Réigiúnach (RCI), leagan lán-athbhreithnithe d'uirlis sheanbhunaithe lena dtomhaistear gnéithe éagsúla iomaíochais do réigiúin uile an Aontais.

Léirítear le RCI 2.0, a ndearnadh athbhreithniú iomlán air, go bhfuil difríochtaí móra fós idir réigiúin an Aontais, ach freisin go bhfuil feabhas á chur ar a n-iomaíochas ag na réigiúin bheagfhorbartha. Léirítear san innéacs freisin gurb iad réigiúin Utrecht, Zuid-Holland agus réigiún príomhchathrach na Fraince, Île-de-France, na réigiúin is iomaíche san Aontas Eorpach.

Tá réigiúin bheagfhorbartha ag breith suas

Idir eagráin 2016 agus 2022 den innéacs, tá feabhas tagtha ar an iomaíochas réigiúnach sna réigiúin bheagfhorbartha, agus tá feidhmíocht na réigiún trasdula níos measctha. Tá réigiúin níos forbartha fós ar na réigiúin is fearr.

Mar sin féin, tá na luachanna is ísle comhchruinnithe fós i réigiúin bheagfhorbartha na mBallstát in oirthear an Aontais.

Chuir gach réigiún sna Ballstáit in oirthear an Aontais feabhas ar a bhfeidhmíocht idir eagráin 2016 agus 2019, agus bhí an fheidhmíocht i réigiúin theas an Aontais measctha, áit a bhfuil leibhéil iomaíochais measartha íseal freisin. Idir eagráin 2019 agus 2022, lean an chuid is mó de na réigiúin in oirthear an Aontais de bheith ag breith suas, lena n-áirítear sna Stáit Bhaltacha, sa Chróit, san Ungáir, sa Pholainn agus sa tSlóivéin. Mar sin féin, bhog codanna den tSeicia, den Rómáin, den tSlóvaic agus den Bhulgáir níos faide ó mheán an Aontais.

I ndeisceart an Aontais, chuir na réigiúin sa Phortaingéil, sa Spáinn agus sa chuid is mó den Ghréig feabhas ar a bhfeidhmíocht (bíodh sin ó leibhéil an-íseal i gcás na Gréige), ach d'imigh formhór na réigiún san Iodáil agus sa Chipir ó mheán an Aontais.

Bíonn réigiúin na bpríomhchathracha na réigiúin is iomaíche beagnach i gcónaí ach tá an bhearna níos ísle sna Ballstáit níos iomaíche

Is iad réigiúin na bpríomhchathracha na réigiúin is iomaíche i ngach Ballstát seachas an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ísiltír. D'fhéadfadh an bhearna leis na réigiúin eile a bheith leathan agus tá sí an-ard sa Fhrainc, sa Rómáin agus sa tSlóvaic.

I dtíortha níos iomaíche, is iondúil go mbíonn bearna níos lú iontu idir réigiúin na príomhchathrach agus na réigiúin eile. Cuireann sé sin i dtábhacht gur cheart cóineasú aníos a chur chun cinn le beartais phoiblí agus le hinfheistíochtaí poiblí, rud a chuidíonn le réigiúin nach bhfuil chomh hiomaíoch céanna feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht agus breith suas, agus áirithítear ag an am céanna go leanfaidh na réigiúin is iomaíche de bheith rathúil.

Bíonn buntáistí móra ag réigiúin níos iomaíche

I réigiúin níos iomaíche, tá OTI in aghaidh an duine níos airde. Sna réigiúin sin, bíonn creatchoinníollacha níos fearr ag mná, dá bhrí sin is féidir leo torthaí níos fearr a bhaint amach, agus bíonn níos lú mná óga nach bhfuil fostaithe, nó nach bhfuil san oideachas ná san oiliúint (rátaí NEET). Ar deireadh, tá réigiúin níos iomaíche an-tarraingteach do chéimithe nua, toisc go mbíonn sé níos éasca post a fháil iontu.

An tábhacht atá leis an mBeartas Comhtháthaithe d'iomaíochas réigiúnach an Aontais

Léirítear i dtorthaí RCI 2.0 an chaoi a bhfuil tacaíocht ón Aontas fós ag teastáil ó réigiúin an Aontais chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas agus ar na bearnaí cúnga eatarthu. Is é an Beartas Comhtháthaithe príomhbheartas infheistíochta an Aontais chun tacú le réigiúin a mhéid a bhaineann le cruthú post, iomaíochas gnó, fás eacnamaíoch, forbairt inbhuanaithe, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil na saoránach.

Is éard is iomaíochas críochach ann cumas réigiúin timpeallacht tharraingteach inbhuanaithe a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do chónaitheoirí chun cónaí agus oibriú inti. Tugann an t-innéacs athbhreithnithe seo léargas níos doimhne dúinn ar na leibhéil éagsúla iomaíochais i réigiúin an Aontais agus is uirlis luachmhar é chun beartais a cheapadh ar bhealach níos fearr. Cuirfidh sé ar ár gcumas beartais níos fearr a cheapadh, lena bhféadfar dálaí maireachtála tarraingteacha agus inbhuanaithe a chur ar fáil do shaoránaigh i réigiúin na hEorpa. Is é sin príomhchuspóir an Bheartais Chomhtháthaithe. Ós rud é go bhfuil gach réigiún uathúil, cuirimid tacaíocht shaincheaptha ar fáil chun iad a chumhachtú agus chun cabhrú leo leas a bhaint as a gcuid láidreachtaí agus sócmhainní.

Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin - 27/03/2023

Cúlra

Seoladh RCI in 2010 agus foilsítear gach 3 bliana é, agus cuireann sé ar a gcumas do réigiúin an Aontais faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a bhforbairt le himeacht ama agus i gcomparáid le réigiúin eile. Is uirlis thábhachtach é lena dtugtar peirspictíocht Eorpach maidir le hiomaíochas na réigiún bunaithe ar 68 dtáscaire.

In eagrán 2022 de RCI, úsáidtear modheolaíocht lán-athbhreithnithe agus athríomhtar an dá eagrán roimhe sin. San RCI 2.0 seo, tá trí fho-innéacs, is iad sin ‘Bunúsach', ‘Éifeachtúlacht' agus ‘Nuálaíocht', agus tá 11 cholún maidir le gnéithe éagsúla den iomaíochas: ‘Institiúidí', ‘Cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch'. ‘Bonneagair', ‘Sláinte', ‘Oideachas bunata', ‘Ardoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil', ‘Éifeachtúlacht mhargadh an tsaothair', ‘Méid an mhargaidh', ‘Ullmhacht theicniúil', ‘Sofaisticiúlacht ghnó' agus ‘nuálaíocht'.

Tá RCI 2.0 bunaithe ar réigiúin staidrimh NUTS 2 (Ainmníocht Aonad um Staidreamh Críochach). Bhí gach táscaire ann roimh an gcogadh san Úcráin. Is é seo an chéad eagrán de RCI gan an Ríocht Aontaithe.

More information