breadcrumb.ecName

Duaiseanna REGIOSTARS 2023 bronnta ag an gCoimisinéir Elisa Ferreira ar thionscadail cheannródaíocha arna maoiniú ag an Aontas faoin mBeartas Comhtháthaithe

  • 16 November 2023
Duaiseanna REGIOSTARS 2023 bronnta ag an gCoimisinéir Elisa Ferreira ar thionscadail cheannródaíocha arna maoiniú ag an Aontas faoin mBeartas Comhtháthaithe

Inniu, bhronn an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin Elisa Ferreira Gradaim REGIOSTARS 2023 ar sheacht dtionscadal nuálacha den scoth ar fud na hEorpa, tionscadail a fuair tacaíocht ó chistí an Bheartais Comhtháthaithe.

Léirítear leis na tionscadail sin an chaoi a ndéanann an tAontas, trí bhíthin an Bheartais Comhtháthaithe, athruithe a chur i bhfeidhm ar an láthair agus, san am céanna, an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta a neartú ar fud an Aontais. Bhí an searmanas bronnta ar siúl in Ostrava na Seicia.

Le haghaidh eagrán 2023, cuireadh 228 n-iarratas san iomlán isteach, an líon ba mhó riamh, chun dul san iomaíocht don duais is fearr i 6 chatagóir éagsúla, agus cuireadh 30 tionscadal ar an ngearrliosta don bhabhta ceannais.

Catagóir 1 — Eoraip iomaíoch agus chliste: Is é tionscadal na Spáinne, ‘Edificio Fundacion Pasqual Maragall', a bhí ag barr an liosta sa chatagóir seo. Tá bonneagar úrscothach anois ag an bhfondúireacht atá lonnaithe in Barcelona, bonneagar lenar féidir taighde, digitiú agus comhoibriú le tíortha eile de chuid an Aontais a dhéanamh chun galar Alzheimer a chomhrac. 

Catagóir 2 — An Eoraip Ghlas: Tionscal Interreg From mine to river. The Water Guardians' atá lonnaithe ar theorainn na Rómáine agus an tSeirbia a rug an chraobh leo sa chatagóir seo. Chuaigh dhá ollscoil agus eagraíocht neamhrialtasach le chéile chun réiteach a dhearadh chun truailliú de bharr gníomhaíochtaí mianadóireachta a laghdú agus chun tarraingteacht nádúrtha agus aeistéitiúil an limistéir teorann a a thabhairt ar ais. 

Catagóir 3 — Eoraip Nasctha: Bhuaigh tionscadal Interreg atá ag feidhmiú sa Ghearmáin, san Ostair, sa Chróit, san Ungáir, san Iodáil agus sa Pholainn an duais don chatagóir sin. Feabhsaíonn ‘Dynaxibility4CE' an tsoghluaisteacht ísealcharbóin agus cáilíocht an aeir ar fud réigiún na hEorpa Láir trí straitéisí pleanála agus na huirlisí is gá a thabhairt d'údaráis iompair phoiblí chun déileáil le treochtaí nua soghluaisteachta. 

Catagóir 4 — Eoraip shóisialta chuimsitheach: Is é ‘ProFem 2.0' as an tSeicia an buaiteoir. Leis an tionscadal cuirtear tacaíocht ar fáil d'íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus ghnéasaigh trí ionaid thiomnaithe agus ardán ar líne. Léiríodh leis an tionscadal an cumas tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh ar fud na tíre trí struchtúir shonracha a bhunú ar an leibhéal náisiúnta.

Catagóir 5 — Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh: Is é ‘EuregioFamilyPass', cárta a chuireann go leor buntáistí ar fáil do theaghlaigh (mar shampla, rochtain ar imeachtaí cultúrtha, iompar poiblí agus oideachas) i réigiún na Tioróile Theas-Alto Adige idir an Ostair agus an Iodáil, a fuair an bua sa chatagóir seo. 

Catagóir 6 — Topaic na bliana (An Bhliain Eorpach um Scileanna 2023): Fuair ‘TechGrounds' ón Ísiltír an áit is fearr sa chatagóir seo. Réitíonn an tionscadal an neamhréir a bhíonn ann go minic i margadh saothair TF trí dhaoine tréitheacha ceilte a ghníomhachtú agus trí chur chuige treoraithe a chur ar fáil i leith TF, idir leideanna ionduchtaithe agus oiliúint thiomnaithe.

Cosúil le gach bliain, tugtar cuireadh don phobal vóta a chaitheamh don tionscadal is fearr leo i measc an 30 tionscadal atá ar an ngearrliosta don bhabhta ceannais. Ba léir gurb é Ionad Cultúrtha agus Ealaíne: músaem agus leabharlann' in Burgas na Bulgáire rogha an phobail i mbliana agus is é a fuair an líon vótaí is mó ar líne. A bhuí leis na cistí Comhtháthaithe, rinneadh foirgneamh tréigthe a ath-thiontú ina ionad cultúrtha agus oideachais agus tá músaem ann anois, an leabharlann is mó in Oirdheisceart na Bulgáire ina bhfuil 600 000 leabhar, agus spás is féidir a úsáid le haghaidh imeachtaí agus ceardlanna pobail.

Cúlra

Is comórtas bliantúil iad Gradaim REGIOSTARS atá á n-eagrú ag an gCoimisiún ó 2008 i leith. Is é atá iontu anois lipéad barr feabhais na hEorpa do thionscadail a fhaigheann maoiniú ón Aontas faoin mBeartas Comhtháthaithe, ar tionscadail iad a léiríonn cineálacha cur chuige nuálacha agus cuimsitheacha i leith na forbartha réigiúnaí. Bhí siad ina spreagadh ag na réigiúin Beartas Comhtháthaithe AE ar mó a thionchar a chur i bhfeidhm, beartas atá ag freastal ar riachtanais na saoránach ar an leibhéal áitiúil.

I mbliana, bhí na céadta tionscadal in iomaíocht i gcúig chatagóir a bhí ailínithe le cuspóirí beartais chlárthréimhse 2021-2027, agus cuireadh catagóir shonrach amháin ar bun don eagrán seo — bhain an chatagóir sin leis an mBliain Eorpach um Scileanna 2023. Dá bhrí sin, d'fhéadfaí dul san iomaíocht i 6 chatagóir agus le haghaidh ollghradam rogha an phobail, bunaithe ar vóta an phobail dá rogha tionscadail ar liosta an bhabhta ceannais.

As 228 n-iarratas, roghnaíodh 30 tionscadal don bhabhta ceannais chun a gcur i láthair deiridh a chur faoi bhráid ghiúiré le linn Sheachtain bhliantúil Réigiúin an Aontais, a bhí ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2023.

Socraíodh an searmanas bronnta deiridh ansin a chur ar siúl i gcathair Ostrava na Seicia. Gach bliain, déanann Ballstát éagsúil an searmanas a óstáil bunaithe ar fhéilire uainíochta. 

Comhghairdeas ó chroí le buaiteoirí ghradaim REGIOSTARS na bliana seo. Arís eile, is cúis mhór inspioráide dom tionscadail nuálacha den sórt sin a fheiceáil agus tuairisc a fháil orthu, tionscadail a bhfuil fíorthionchar acu ar shaol daoine ar fud na hEorpa. Léirítear go soiléir leis na tionscadail sin breisluach an Bheartais Chomhtháthaithe chun freagairt do riachtanais na saoránach ar an leibhéal áitiúil. Tá sé de chumhacht ag an mBeartas Comhtháthaithe tionchar dearfach a imirt ar shaol laethúil na saoránach — agus tá go leor eile le teacht!

Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin - 16/11/2023

More information