breadcrumb.ecName

Comóradh 30 bliain an Chiste Comhtháthaithe: EUR 179 mbilliún le haghaidh cóineasaithe agus forbairt inbhuanaithe

  • 03 April 2023
Comóradh 30 bliain an Chiste Comhtháthaithe: EUR 179 mbilliún le haghaidh cóineasaithe agus forbairt inbhuanaithe

Táimid ag comóradh 30 bliain an Chiste Comhtháthaithe inniu.

Le 30 bliain anuas, tá beagnach EUR 179 mbilliún infheistithe ag an gCiste Comhtháthaithe i gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais.

Cruthaíodh an Ciste Comhtháthaithe i gConradh Maastricht mar chomhlánú ar an Margadh Aonair i sraith straitéisí an Bheartais Comhtháthaithe, comhlánú a raibh gá leis, agus ba é an misean a tugadh don Chiste Comhtháthaithe tacú le hinfheistíochtaí sa bhonneagar iompair agus i gcosaint na haeráide agus an chomhshaoil. Áirítear lena phríomhspriocanna feabhas a chur ar sholáthar uisce agus cóireáil dramhaíola, ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fhuinneamh in-athnuaite agus ar bhonneagar bóthair agus iarnróid.

Dírítear leis an gCiste ar Bhallstáit a bhfuil ollioncam náisiúnta (OIN) acu atá faoi bhun 90 % de mheán an Aontais chun borradh a chur faoin gcóineasú idir geilleagair na hEorpa. Dála gach cistithe faoin mBeartas Comhtháthaithe, tá tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe tar éis rannchuidiú leis an méadú ar ioncam náisiúnta na dtíortha is tairbhithe. Bhí Éire agus an Spáinn ar na chéad tíortha ar tháinig méadú ar a OIN, méadú a bhí os cionn na tairsí incháilitheachta de 90 % de mheán an Aontais.

Droichid, córais mheitreo, aerfoirt, traenacha ardluais, agus i bhfad níos mó ná sin

Tá tionscadail aitheanta maoinithe ag an gCiste Comhtháthaithe, tionscadail a rinne athrú ó bhonn ar réigiúin agus cathracha iomlána, agus a chuidigh leo breith ar an gcuid eile den Aontas. Mar shampla, in 1998, thacaigh an Ciste le tógáil Dhroichead Vasco da Gama i Liospóin na Portaingéile, an droichead is faide san Aontas Eorpach, agus é 12.3 km ar fad. Thacaigh sé freisin le Damba Alqueva' in Abhainn Guadiana i ndeisceart na Portaingéile, ceann de na cúltaiscí straitéiseacha uisce is mó san Eoraip.

Bhí ról lárnach ag an gCiste freisin i bhforbairt an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T), trí thacú le 7 800 km de bhóithre TENT-T agus 3 650 km d'iarnród TEN-T a thógáil agus a uasghrádú, chomh maith le go leor uiscerianta agus tollán.  Maoiníodh an tollán iarnróid is faide in oirdheisceart na hEorpa tríd an gCiste, atá á thógáil idir Elin Pelin – Vakarel – Kostenets sa Bhulgáir.  Cuireadh tacaíocht ar fáil freisin don dara hiarnród idir Koper (príomhchalafort Aidriadach na Slóivéine) agus Divača, forbairt a mhéadóidh go mór ar an toilleadh lasta agus a chinnteoidh go mbeidh nasc ann leis an ngréasán iarnróid san Ostair.

Sa Spáinn, cuireadh tacaíocht ar fáil tríd an gCiste Comhtháthaithe chun gréasán traenach ardluais nua-aimseartha na tíre a thógáil. Tá líne ardluais Mhaidrid-Barcelona-theorainn na Fraince, líne ar fad iomlán 804 chiliméadar, ar cheann de na príomh-aiseanna cumarsáide idir an Spáinn agus an chuid eile den Eoraip.

A bhuí leis an gCiste, tá an líne iarnróid idir Vársá agus Gdynia na Polainne tar éis feabhas a chur ar iompar paisinéirí ar Chonair Iompair Mhuir Bhailt-Mhuir Aidriad, agus bíonn rothstoc nua-aimseartha ag rith idir príomhchathracha na Polainne.

Infheistíodh leis an gCiste freisin in iompar poiblí inbhuanaithe a fhorbairt sna cathracha, mar shampla, i dtógáil agus síneadh an chórais meitreo i Vársá, Búdaipeist, Búcairist, Sóifia agus Prág. Sa Bhratasláiv, is le cuidiú ón gCiste Comhtháthaithe a tógadh tramlíne Petrzalka agus a droichead cáiliúil.

Thairis sin, chuidigh an Ciste le haerfoirt a thógáil lena nascfaí ar bhealach níos fearr na Ballstáit a d'aontaigh don Aontas sna 2000idí. Samplaí de na haerfoirt sin, ach gan a bheith teoranta dóibh, is ea aerfoirt ThaillinnVársá, Wroclaw, agus Rzeszow . 

Aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an comhshaol agus sláinte na saoránach a chosaint

Tá tacaíocht tugtha ag an gCiste freisin d'infheistíochtaí i mbonneagair, lena n-áirítear 6 mhilliún duine a nascadh le soláthairtí uisce óil ghlain agus 10.5 milliún duine a nascadh le saoráidí cóireála fuíolluisce. Ina theannta sin, tá tacaíocht curtha ar fáil aige chun 4.2 milliún tona de dhramhaíl uirbeach a athchúrsáil.

Tionscadal amháin, agus é ríthábhachtach ó thaobh an chomhshaoil de, atá dírithe ar gheilleagar glas inbhuanaithe agus a fheabhsaíonn an cháilíocht saoil do na mílte saoránach, is ea an tsaoráid cóireála dramhaíola in Alexandroupolis na Gréige, lenar cumasaíodh laghdú 60 % ar an dramhaíl a bhailítear ó cheithre bhardas de mhaoracht Rodopi agus ó dhá bhardas de mhaoracht Evros.

Tá Bonneagar Cóireála Séarachais an Deiscirt i Málta Theas agus an bainistiú uisce le haghaidh na gceirtleán is mó sa Laitvia tar éis feabhas a chur ar an gcóireail fuíolluisce agus ar cháilíocht an uisce óil le haghaidh saoránach.

réimse an fhuinnimh ghlain, cuireadh tacaíocht ar fáil ón gCiste Comhtháthaithe chun teicneolaíochtaí bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite a shuiteáil sa Liotuáin, rud ar táirgeadh leictreachas le haghaidh beagnach 20 000 teaghlach dá bharr.

Cuireadh infheistíocht ón gCiste ar fáil freisin i gcomhair cosaint ar dhóiteán foraoise le haghaidh 8.3 milliún duine, chomh maith le cosaint ar thuilte le haghaidh 11.4 milliún duine. Áirítear leis sin córas um chosaint ar thuilte agus taiscumar a thógáil chun ceantar Tisza Uachtair a chosaint ar thuilte Abhainn Tisza, san Ungáir.

Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin

Tá sé léirithe go bhfuil an Ciste Comhtháthaithe ina spreagadh leis an gcóineasú, leis an iomaíochas agus an fhorbairt inbhuanaithe, agus leis an margadh inmheánach. Cuireann sé go mór le cothrom iomaíochta níos fearr san Aontas seo againne agus tá sé ar na heiseamláirí is fearr de thacaíocht ón Aontas dá bhfuil ann: tá feabhas tagtha ar shaol na milliúin Eorpach agus tá nuachóiriú déanta ar thíortha ina n-iomláine mar thoradh ar na droichid aitheanta, na hiarnróid agus na córais mheitreo éifeachtacha nua-aimseartha, na haerfoirt, chomh maith leis na cóireálacha dramhaíola agus uisce a tógadh leis an gCiste seo.

Cúlra

Bunaíodh an ‘Ionstraim Airgeadais um Chomhtháthú', a tugadh ar an gCiste Comhtháthaithe i dtús báire, an 1 Aibreán 1993, agus tháinig sí i bhfeidhm in 1994 chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú, agus chun go bhféadfadh tíortha breith ar an gcuid eile den Aontas.

Ar dtús, ba iad an Ghréig, Éire, an Phortaingéil agus an Spáinn na tíortha a bhain tairbhe as an gCiste Comhtháthaithe (1994-99); ansin, ó bhí 2004 ann, an Chipir, an tSeicia, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin; an Bhulgáir agus an Rómáin (ó bhí 2007 ann); agus an Chróit (ó bhí 2013 ann).

Tá buiséad an Chiste Comhtháthaithe leathnaithe go mór ó bhí an méadú in 2004 ann: EUR 18 mbilliún in 1994-1999, 30.6 billiún in 2000-2006, 68.5 billiún in 2007-2013 agus 61.4 billiún in 2014-20.

Sa tréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, tacóidh breis is 37 % de leithdháileadh EUR 48.03 billiún an Chiste le cuspóirí aeráide. Áirítear leis sin EUR 6.9 billiún le haghaidh iompar uirbeach glan, EUR 3.3 billiún le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus EUR 16.9 billiún le haghaidh infheistíochtaí TEN-T d'iarnród agus de bhóthar.

I láthair na huaire, tá an Ciste Comhtháthaithe ag déanamh tairbhe do 15 Bhallstát a bhfuil Ollioncam Náisiúnta (OIN) per capita acu atá faoi bhun 90 % de mheán an Aontais tráth an Chomhaontaithe maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027: an Bhulgáir, an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin.

More information