breadcrumb.ecName

Beartas Comhtháthaithe an Aontais: Glao € 120 milliún ar thionscadail nuálaíochta uirbeacha

  • 01 June 2023
Beartas Comhtháthaithe an Aontais: Glao € 120 milliún ar thionscadail nuálaíochta uirbeacha

Beartas Comhtháthaithe an Aontais ag cuidiú le nuálaíocht inár gcathracha. Inniu, seoladh an dara glao ar thograí dar luach €120 milliún ag an Tionscnamh Uirbeach Eorpach do thionscadail nuálacha, tionscadail ar cheart dóibh réitigh nua a fhorbairt agus a thástáil chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair i gceantair uirbeacha.

Tá tionscadail á lorg ag an nglao a spreagann fíorathrú i gcathracha, a ghineann infheistíochtaí agus a spreagann daoine eile.

Ní mór na tionscadail díriú ar cheann de na trí thosaíocht seo a leanas:

  • Glasú cathracha - réitigh nuálacha inláimhsithe le haghaidh bonneagar glas agus gorm a thástáil agus a chur ar fáil, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin bhithéagsúlachta, truaillithe agus aeráide;
  • Turasóireacht inbhuanaithe - chun claochlú glas agus digiteach fadtéarmach, athléimneacht agus inbhuanaitheacht in earnáil na turasóireachta a spreagadh. D'fhéadfaí é sin a bhaint amach trí tháirgí turasóireachta a éagsúlú, féachaint le tionchar dearfach a imirt ar phobail áitiúla agus ar an gcomhshaol, cuimsiú sóisialta agus nuálaíocht shóisialta a chothú, agus naisc le ceantair agus bailte beaga a fheabhsú;
  • Leas a bhaint as daoine tréitheacha i gcathracha atá ag crapadh - treoirthionscadail atá comhtháite agus bunaithe ar an suíomh áitiúil chun réitigh nua a thástáil chun daoine tréitheacha a choinneáil agus a mhealladh. D'fhéadfaí é sin a bhaint amach trí pháirt a thabhairt do phobail áitiúla agus trí aghaidh a thabhairt ar na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil arb é an t-aistriú déimeagrafach is cúis leo.

Maoineoidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) 80 % de chostas tionscadal roghnaithe. Tá suas le €5 mhilliún le fáil ag gach tionscadal. Tacóidh cuid den chistiú sin le réitigh nuálacha a aistriú chuig cathracha eile san Eoraip chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh tionchar níos mó fós acu, go háirithe sna cathracha agus sna réigiúin is mó a dteastaíonn claochlú uirbeach inbhuanaithe uathu. Chuige sin, beidh údaráis uirbeacha ann a mbeidh tacaíocht á fáil acu, agus bunóidh na húdaráis sin comhpháirtíochtaí aistrithe le trí chathair eile chun na tionscadail a mhacasamhlú.

Tá an glao oscailte do chathracha uile an Aontais ina n-aonar nó mar ghrúpa. Iarrtar ar iarratasóirí clárú do sheimineáir eolais agus do chruinnithe eile atá beartaithe sna seachtainí amach romhainn. Beidh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh.

Is é an 5 Deireadh Fómhair 2023 an spriocdháta chun iarratais a dhéanamh.

Cúlra 

Sheol an Tionscnamh Uirbeach Eorpach an chéad ghlao ar thograí cheana i mí Dheireadh Fómhair 2022 chun tacú le Bauhaus Eorpach Nua. Cuireadh 99 n-iarratas isteach ó 21 Bhallstát. Fógrófar buaiteoirí an ghlao sin i mí an Mheithimh.

Is ionstraim nua é an Tionscnamh Uirbeach Eorpach ag a bhfuil buiséad tiomnaithe CFRE de €450 milliún, a thacaíonn le gné uirbeach Bheartas Comhtháthaithe 2021-2027. I gclárthréimhse 2021-2027, ní mór 8 % ar a laghad d'acmhainní CFRE i ngach Ballstát a infheistiú i dtosaíochtaí agus i dtionscadail a roghnóidh na cathracha iad féin agus a bheidh bunaithe ar a straitéisí féin um fhorbairt uirbeach inbhuanaithe.

Le cois na nuálaíochta, tacaíonn an Tionscnamh Uirbeach Eorpach le hacmhainneachtaí na limistéar uirbeach uile ar fud na hEorpa. Cuireann sé fianaise ar fáil maidir le beartais a cheapadh agus eolas a chomhroinnt faoin bhforbairt uirbeach inbhuanaithe, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh tríd an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach.

Is é an Coimisiún agus Réigiún Hauts-de-France na Fraince a bhainistíonn an Tionscnamh Uirbeach Eorpach. Cuireann sé le Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha chlárthréimhse 2014-2020, ach dírítear níos mó fós ar an nuálaíocht uirbeach, ar an inbhuanaitheacht agus ar an gcumas macasamhlú a dhéanamh i gcathracha eile.

Tá cathracha ríthábhachtach, is cuma cé chomh mór nó beag atá siad, chun cuidiú leis an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050 agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin déimeagrafacha. Leis an dara glao seo ón Tionscnamh Uirbeach Eorpach, spreagfar réitigh nuálacha agus straitéisí uirbeacha misniúla chun cathracha an Aontais a dhéanamh níos glaise, chun samhlacha a chur ar fáil don turasóireacht inbhuanaithe agus chun daoine tréitheacha a mhealladh – chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na fadhbanna is práinní sa lá atá inniu ann agus sampla a thabhairt ar féidir le cathracha eile foghlaim uaidh agus é a mhacasamhlú. I mbeagán focal, cuirfidh sé ar chumas chathracha an Aontais a gcion a dhéanamh maidir le cuspóirí fadtéarmacha an Aontais agus an Bheartais Comhtháthaithe a bhaint amach.

Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin - 31/05/2023

More information