breadcrumb.ecName

An Tallann san Eoraip a chur chun tairbhe: borradh nua faoi Réigiúin an Aontais

  • 17 January 2023
An Tallann san Eoraip a chur chun tairbhe: borradh nua faoi Réigiúin an Aontais

Tá daoine éirimiúla san Eoraip. Ach is gá na daoine éirimiúla sin a chothú, go háirithe de réir mar a ghabhann an tAontas trí aistriú déimeagrafach tábhachtach. Tá gá níos mó leis sin i réigiúin atá thíos le lucht saothair atá ag laghdú agus leis an líon íseal daoine a bhfuil oideachas treasach acu, agus i réigiúin atá buailte ag imeacht na ndaoine óga.

Mura dtugtar aghaidh ar an méid sin, spreagfaidh an t-aistriú sin éagothromaíochtaí críochacha nua agus méadaitheacha de réir mar a théann réigiúin in aois agus de réir mar a thiteann siad ar gcúl i dtaobh uimhreacha agus scileanna a lucht saothair. Is féidir leis athrú a dhéanamh ar thírdhreacha déimeagrafacha na hEorpa, rud a chuireann bac ar athléimneacht agus ar iomaíochas an Aontais.

Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh réigiúin atá ag dul i ngleic le gaiste forbartha tallainne níos athléimní agus níos tarraingtí i dtiomantas an Aontais gan aon duine ná aon áit a fhágáil ina dhiaidh.

Is é sin an fáth a bhfuil an ‘Sásra chun cur leis an Tallann'' á sheoladh ag an gCoimisiún. Tacóidh an sásra seo le réigiúin an Aontais atá thíos le meath luathaithe a ndaonra in aois oibre chun na daoine, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an aistrithe dhéimeagrafaigh a oiliúint, a choinneáil agus a mhealladh.

Cuirtear an Sásra i láthair sa Teachtaireacht maidir leis an Tallann san Eoraip a chur chun tairbhe i Réigiúin na hEorpa inniu agus is é an chéad phríomhthionscnamh in 2023 é a chuireann leis an mBliain Eorpach um Scileanna mar a mhol an Coimisiún, arb é is aidhm dó spreagadh nua a thabhairt d'athoiliúint agus d'uas-sciliú. Cuirtear réitigh shaincheaptha áitbhunaithe iltoiseach ar fáil sa Teachtaireacht, lena n-áirítear úsáid chistí agus tionscnaimh an Aontais atá ann cheana chun tacú leis na réigiúin is mó atá thíos leis an aistriú déimeagrafach leanúnach agus na fo-éifeachtaí a bhaineann leis agus chun cosc a chur ar theacht chun cinn éagothromaíochtaí críochacha nua agus méadaithe san Aontas.

Tá Tuarascáil 2023 maidir le Tionchar an Athraithe Dhéimeagrafaigh á fhoilsiú ag an gCoimisiún inniu freisin, tuarascáil lena dtugtar Tuarascáil Dhéimeagrafach 2020 cothrom le dáta. Déantar athbhreithniú leis ar na treochtaí déimeagrafacha agus na tionchair a sainaithníodh i bhfianaise na bhforbairtí le déanaí, amhail Brexit, COVID-19 nó ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Cuirtear i bhfios go láidir sa Tuarascáil go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an aistriú déimeagrafach chun rathúnas agus folláine amach anseo san Aontas a chinntiú. Áirítear ar na dúshláin sin aosú chomh maith le daonra atá ag laghdú, agus daonra in aois oibre atá ag laghdú, ach éagothromaíochtaí críochacha atá ag méadú freisin, lena n-áirítear deighilt mhéadaitheach idir ceantair uirbeacha agus thuaithe. Breathnaítear sa Tuarascáil ar an gcaoi a gcuirtear dlús leis na patrúin dhéimeagrafacha sheanbhunaithe nó an gcuirtear isteach orthu, agus tráth a tharlaíonn siad, más suaití sealadacha iad, nó má bhíonn tionchar buan acu ar an athrú déimeagrafach.

An ‘gaiste forbartha tallainne' i roinnt réigiún san Aontas

Tá Ballstáit an Aontais ag dul i ngleic le laghdú géar ar a ndaonra in aois oibre. Tá laghdú 3.5 milliún duine tagtha ar an daonra sin idir 2015 agus 2020 agus meastar go gcaillfear 35 mhilliún duine sa bhreis faoi 2050.

Tá 82 réigiún i 16 Bhallstát (is é sin beagnach 30 % de dhaonra an Aontais) buailte go dona ag an laghdú sin ar an daonra in aois oibre, ag líon íseal céimithe ollscoile agus ardoideachais, nó ag soghluaisteacht dhiúltach a ndaonra idir 15-39 mbliana d'aois. Tá dúshláin struchtúracha shonracha roimh na réigiúin sin, amhail neamhéifeachtúlachtaí sa mhargadh saothair, sna córais oideachais, oiliúna agus um fhoghlaim aosach, feidhmíocht íseal i réimsí na nuálaíochta, an rialachais phoiblí nó na forbartha gnó, agus rochtain íseal ar sheirbhísí. Trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, d'fhéadfadh na réigiúin oibrithe níos oilte a mhealladh. Tá roinnt de na réigiúin sin i ‘ngaiste forbartha tallainne' cheana féin agus beidh an baol sin roimh na réigiúin eile go luath amach anseo. Mura dtabharfar aghaidh ar an staid sin, cuirfear rathúnas fadtéarmach an Aontais i mbaol.

Sásra nua de chuid an Aontais: an ‘Sásra chun cur leis an Tallann'

Forbróidh an Coimisiún an Sásra chun cur leis an Tallann a bheidh bunaithe ar 8 gcolún:

  • Seolfar treoirthionscadal nua in 2023 chun cabhrú le réigiúin atá ag dul i ngleic le ‘gaiste forbartha tallainne' straitéisí saincheaptha cuimsitheacha a mhionsaothrú, a chomhdhlúthú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, chomh maith le tionscadail ábhartha a shainaithint chun oibrithe oilte a oiliúint, a mhealladh agus a choinneáil. Cuirfear tacaíocht ar fáil do na réigiúin phíolótacha a roghnófar ar bhonn glao oscailte.
  • Cuirfear tús in 2023 le tionscnamh nua maidir le ‘Oiriúnú cliste na réigiún don aistriú déimeagrafach' chun cabhrú le réigiúin ina bhfuil líon níos airde daoine óga ag imeacht chun oiriúnú don aistriú déimeagrafach agus infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt tallainne trí bheartais shainoiriúnaithe áitbhunaithe. Roghnófar na réigiúin is tairbhithe ar bhonn glao oscailte.
  • Tacóidh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (TSI) leis na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, faoi ghlao TSI 2023, leis na hathchóirithe is gá ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach chun aghaidh a thabhairt ar an laghdú atá tagtha ar an daonra in aois oibre, ar an easpa scileanna agus chun freagairt do riachtanais an mhargaidh áitiúil.
  • Spreagfaidh cláir an Bheartais Chomhtháthaithe agus Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha nuálaíocht agus deiseanna le haghaidh poist ardscileanna agus, ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar dheiseanna chun daoine éirimiúla a choinneáil agus a mhealladh sna réigiúin sin.
  • Seolfar glao nua ar ghníomhaíochtaí nuálacha faoin ‘‘Tionscnamh Uirbeach Eorpach' chun tástáil a dhéanamh ar réitigh áitbhunaithe faoi stiúir cathracha atá ag laghdú agus a thugann aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le hoibrithe oilte a fhorbairt, a choinneáil agus a mhealladh.
  • Cuirfear tionscnaimh de chuid an Aontais a thacaíonn le tallanna a fhorbairt ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe. Leis sin tabharfar rochtain níos éasca ar fhaisnéis do réigiúin leasmhara faoi bheartais an Aontais i réimsí amhail taighde agus nuálaíocht, oiliúint, oideachas agus soghluaisteacht na hóige.
  • Malartófar taithí agus scaipfear dea-chleachtais: beidh an deis ag na réigiúin meithleacha téamacha agus réigiúnacha a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha ghairmiúla nó chríochacha.
  • Déanfar tuilleadh forbartha ar an eolas anailíseach is gá chun tacú le beartais fianaisebhunaithe maidir le forbairt réigiúnach agus imirce agus chun na beartais sin a éascú.
  • Tallann a scaoileadh trí chistí agus tionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana

    Leagtar béim sa Teachtaireacht freisin ar an gcaoi is féidir le hionstraimí agus beartais an Aontais atá ann cheana tacú le hathbheochan eacnamaíoch agus le forbairt na scileanna cearta chun gníomhaíochtaí ardacmhainneachta a mhealladh sna réigiúin atá buailte, lena n-áirítear tríd an Seimeastar Eorpach a stiúradh. I measc nithe eile, an Clár Oibre Eorpach um Nuálaíocht nua ina leagtar amach an Tionscnamh Tallann Domhainteicneolaíochta, tionscnamh suaitheanta sonrach chun freagairt don bhearna tallainne in earnálacha na domhainteicneolaíochta, lena gcomhtháthaítear gach réigiún san Eoraip.

    Leagtar béim inti freisin ar an gcaoi a gcabhraíonn agus a leanfaidh an Beartas Comhtháthaithe de bheith ag cabhrú leis na réigiúin sin a ngeilleagar a éagsúlú, inrochtaineacht ar sheirbhísí a uasghrádú, borradh a chur faoi éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí agus rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil a chinntiú trí straitéisí tiomnaithe áitbhunaithe.

    Ar deireadh, tugtar leis roinnt samplaí de thionscnaimh agus de dhea-chleachtais náisiúnta agus réigiúnacha lena dtugtar aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin struchtúracha i gcomhthéacs áitiúil, rud a chuireann le tarraingteacht na réigiún do dhaoine éirimiúla. Chun an fhoghlaim fhrithpháirteach a éascú, leanann an Coimisiún de bheith ag obair leis na húdaráis náisiúnta, ag mapáil na ndúshlán déimeagrafach is géire atá sainaitheanta acu chomh maith le samplaí de bheartais agus de thionscadail atá dírithe ar thionchair an athraithe dhéimeagrafaigh a bhainistiú.

    Na chéad chéimeanna eile

    Tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta maidir le cur chun feidhme na Teachtaireachta seo.

    Cúlra

    Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach chun sochaí níos cothroime agus níos athléimní a thógáil. Ós rud é go bhfuil tionchar ag an aistriú déimeagrafach leanúnach ar réimsí éagsúla beartais, ní mór do lucht ceaptha beartas a bheith rannpháirteach i gcomhordú casta a mbeidh na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil rannpháirteach ann. Cé go bhfuil formhór na luamhán beartais a bhíonn ag déileáil leis na dúshláin sin ar an leibhéal náisiúnta go fóill, cuireann an Coimisiún impleachtaí agus tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh san áireamh ina thograí beartais.

    Ghlac an Coimisiún Tuarascáil cheana féin maidir le Tionchar an Athraithe Dhéimeagrafaigh san Eoraip in 2020, lenar réitíodh an bealach do thionscnaimh bhreise in 2021 nuair a glacadh an Páipéar Uaine maidir le haosú agus an Fhís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais go dtí 2040.

    I measc na dtionscnamh is déanaí ar leibhéal an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit déileáil leis an athrú déimeagrafach i réimsí agus in earnálacha éagsúla, tá an Straitéis Cúraim Eorpach leis na Moltaí ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán agus ar oideachas agus cúram na luath-óige, Straitéis Chuimsitheach an Aontais maidir le Cearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, an Pacáiste Tacaíochta Fostaíochta don Aos Óg, an Moladh ón gCoimisiún maidir le Tacaíocht Ghníomhach Éifeachtach don Fhostaíocht, an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, an Pacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas agus an togra a rinneadh le déanaí chun an Bhliain Eorpach um Scileanna a bhaint amach in 2023 chomh maith leis an Teachtaireacht maidir leis an Tallann a chur chun tairbhe i réigiúin na hEorpa a glacadh inniu.

    Tá an tsaoirse gluaiseachta ar cheann de na héachtaí is luachmhaire atá bainte amach ag an Aontas. Chun an méid sin a chomhlánú, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh na hacmhainní ag réigiúin ina bhfuil an daonra ag laghdú agus atá ag dul i ngleic le gaiste forbartha tallainne dá bharr, chun torthaí a n-infheistíochtaí a mhealladh agus leas a bhaint astu. D’fhéadfadh an t-athrú déimeagrafach a bheith ina dheis chun athléimneacht a neartú ar fud chríocha an Aontais.

    Dubravka Šuica, an Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht - 17/01/2023

    I measc na ngaistí uile, tá an gaiste tallainne ar cheann de na cinn is mó imní ós rud é go mbaintear leis na daoine is fearr agus is éirimiúla díobh. Is féidir leis an mbeartas comhtháthaithe, lena chur chuige áitbhunaithe, a bheith ina chatalaíoch chun cabhrú le réigiúin an tallann a choinneáil, a fhorbairt agus a mhealladh. Is coinníoll é sin chun éagothromaíochtaí críochacha méadaithe ar fud an Aontais a sheachaint.

    Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin - 17/01/2023

    Is é is aidhm don Bhliain Eorpach um Scileanna meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn i gcomhthéacs an mhargaidh saothair atá ag athrú go tapa. Is mian linn borradh a chur faoi iomaíochas chuideachtaí na hEorpa agus acmhainneacht iomlán an chlaochlaithe dhigitigh agus ghlais a bhaint amach ar bhealach cothrom cuimsitheach. Is deis mhaith é sin do réigiúin a bhfuil deacrachtaí acu oibrithe oilte a mhealladh nó a choinneáil chun na constaicí a chuireann cosc ar a ngnólachtaí agus ar a lucht saothair a shainaithint chun bogadh i dtreo earnálacha atá níos táirgiúla agus níos oiriúnaí don todhchaí. Is féidir leis an sásra tiomnaithe nua chun tallann a threisiú i réigiúin a bheith ina thacaíocht thábhachtach chuige sin.

    Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta - 17/01/2023

    Is é bunchloch phrionsabail an Aontais a chinntiú go bhfuil na féidearthachtaí céanna ag gach Eorpach, beag beann ar an réigiún inar rugadh iad. Tá ról ríthábhachtach ag an nuálaíocht agus ag an oideachas chun a chinntiú go mbeidh éiceachóras nuálaíochta tacúil agus linn tallann atá dea-ullmhaithe dá n-iomaíochas agus dá rathúnas amach anseo ag réigiúin uile an Aontais, go háirithe ceantair thuaithe.

    Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige - 17/01/2023

    More information