breadcrumb.ecName

Beartas Comhtháthaithe an Aontais: Thacaigh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le FBManna, le fostaíocht na milliún daoine agus le táirgeadh an fhuinnimh ghlain

  • 31 January 2023
Beartas Comhtháthaithe an Aontais: Thacaigh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le FBManna, le fostaíocht na milliún daoine agus le táirgeadh an fhuinnimh ghlain

In 2014-2020, le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE), scaoileadh infheistíocht iomlán de EUR 731 billiún, agus chistigh an tAontas EUR 535 bhilliún den mhéid sin, lenar cothaíodh cóineasú socheacnamaíoch marthanach, comhtháthú críochach, Eoraip shóisialta agus aistriú rianúil glas agus digiteach.

Mínítear é sin i dTuarascáil Achomair 2022 maidir le Cur Chun Feidhme Chistí SIE, a ghlac an Coimisiún.

Cuirtear i láthair sa tuarascáil éachtaí Chistí SIE faoi dheireadh 2021:

  • Tacaíodh le breis agus 4 mhilliún gnólacht bheag agus mheánmhéide;
  • tacaíodh le 55.2 milliún duine trí ghníomhaíochtaí fostaíochta, cuimsithe shóisialta nó scileanna agus oideachais;
  • Tháinig méadú níos mó ná 3.600 meigeavatuair in aghaidh na bliana ar acmhainneacht táirgeachta fuinnimh mar thoradh ar acmhainní fuinnimh in-athnuaite agus laghdaíodh ídiú fuinnimh phríomhúil bhliantúil na bhfoirgneamh poiblí faoi 2.6 teireavatuair in aghaidh na bliana (atá coibhéiseach leis an méid leictreachais arna thomhailt ag thart ar 720,000 teaghlach ar feadh bliain iomlán);
  • Thacaigh 2.3 milliún tionscadal leis an earnáil talmhaíochta agus le FBManna tuaithe a bheith níos iomaíche agus chuidigh siad le poist a chruthú i gceantair thuaithe;
  • Rinneadh breis agus 44,000 post a choinneáil ar bun agus breis agus 6,000 post nua a chruthú san earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe.

Bhí Cistí SIE ag túslíne na tacaíochta do na Ballstáit agus do na Réigiúin chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 agus ar a tionchar eacnamaíoch.

A bhuí le solúbthachtaí sealadacha a tugadh isteach sa Bheartas Comhtháthaithe tar éis na héigeandála sláinte, tugadh an deis do na Ballstáit cistí an Bheartais Chomhtháthaithe nár caitheadh a ath-leithdháileadh ar réimsí tosaíochta amhail cúram sláinte, scéimeanna oibre gearr-ama agus tacaíocht do FBManna.

Dáileadh Cistí SIE ó thús na paindéime in 2020 agus in 2021 chun na riachtanais atá ag teacht chun cinn a chumhdach, riachtanais i ndáil le hinstitiúidí leighis, taighdeoirí, úinéirí gnó, fostaithe agus daoine leochaileacha. Ina theannta sin, chuidigh cistí SIE le hoiliúint a chur ar na milliúin daoine a bhfuil scileanna ísle acu, agus bhain cuid mhór acu cáilíochtaí foirmiúla amach.

Ar deireadh, bhí ról lárnach ag Cistí SIE i dtaca le borradh a chur faoi bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh, athchóiriú foirgneamh agus comhtháthú margaidh, mar phríomhspreagthaí shlándáil fuinnimh an Aontais. Chabhraigh an Beartas Comhtháthaithe leis na Ballstáit agus leis na réigiúin dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus poist inbhuanaithe a chruthú san earnáil tógála agus foirgníochta san am céanna.

Cúlra

Is éard atá sa tuarascáil achoimre bhliantúil maidir le Cistí SIE lena gcumhdaítear cur chun feidhme in 2014-2020 ceanglas de réir Airteagal 53 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Cuirtear i láthair i dtuarascáil na bliana seo an fhorbairt ar chur chun feidhme airgeadais Chistí SIE sa tréimhse 2014-2020 faoi dheireadh 2021. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse airgeadais 2014-2020 ag deireadh 2023 faoi riail N+ 3, mar a thugtar uirthi.

Mar cheann de na hionstraimí infheistíochta is mó faoi bhuiséad an Aontais, tacaíonn Cistí SIE le comhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta réigiúin na hEorpa, chomh maith lena n-athléimneacht agus a dtéarnamh ón ngéarchéim le blianta beaga anuas.

Is éard atá iontu:

Ar na cuspóirí beartais a shaothraítear le Cistí SIE, tá:

  • taighde agus nuálaíocht
  • teicneolaíochtaí digiteacha
  • tacú leis an ngeilleagar ísealcharbóin
  • bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha
  • gnólachtaí beaga
  • fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach,
  • fostaíocht, oideachas agus oiliúint níos fearr,
  • acmhainní na n-institiúidí an riaracháin phoiblí a neartú,
  • forbairt uirbeach agus comhar críochach (Interreg).

More information