breadcrumb.ecName

Togra ón gCoimisiún maidir leis an Margadh Aonair a neartú trí dhul i ngleic le constaicí dlí agus riaracháin i réigiúin trasteorann na hEorpa

  • 12 December 2023
Togra ón gCoimisiún maidir leis an Margadh Aonair a neartú trí dhul i ngleic le constaicí dlí agus riaracháin i réigiúin trasteorann na hEorpa

Inniu, ghlac an Coimisiún togra leasaithe le haghaidh ‘Rialachán maidir le Réitigh Thrasteorann a Éascú' chun cabhrú leis na Ballstáit réiteach a fháil ar chonstaicí a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil an 150 milliún saoránach Eorpach atá ina gcónaí i réigiúin trasteorann na hEorpa.

Ar na constaicí a bhíonn roimh shaoránaigh, gnólachtaí, agus riaracháin phoiblí sna réigiúin sin, tá caighdeáin theicniúla éagsúla nó forálacha náisiúnta riaracháin agus dlíthiúla nach gcuirtear an ghné thrasteorann san áireamh iontu. Is féidir leis na constaicí sin tionchar a imirt ar fhorbairt bonneagar agus ar oibriú seirbhísí poiblí trasteorann. Cuireann constaicí den chineál sin bac ar shaol na bpobal trasteorann, mar shampla, trí rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte a laghdú (seirbhísí éigeandála san áireamh) agus trí theorainn a chur lena gcumas iarrachtaí freagartha i gcás tubaistí a chomhordú agus comhoibriú ar chomhthionscadail bhonneagair, i measc nithe eile.

Chuirfí feabhas mór ar fheidhmiú Mhargadh Aonair an Aontais ach dul i ngleic leis na constaicí sin. De réir staidéar a mhaoinigh an Coimisiún, measadh dá gcuirfí deireadh le 20 % de na constaicí dlí agus riaracháin atá ann faoi láthair go gcuirfí borradh 2 % faoi OTI i réigiúin trasteorann agus go gcruthófaí os cionn milliún post.

Cad ata i gceist leis an Rialachán sa chleachtas?

Molann an Coimisiún go mbunódh na Ballstáit Pointí Comhordúcháin Trasteorann, seirbhís nua a dhéanfaidh measúnú ar aon iarraidh arna chur isteach ag páirtithe leasmhara teorann maidir le constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann, agus a ghníomhóidh mar idirchaidreamh idir iad féin agus na húdaráis náisiúnta. Féachtar chuige leis an Rialachán go bhfaighidh páirtithe leasmhara freagra tar éis measúnú a dhéanamh ar gach iarraidh, ina míneofar conas a dhéileálfar léi.

Más ann do chonstaic i ndáiríre agus mura bhfuil aon chomhaontú um chomhar déthaobhach nó idirnáisiúnta i bhfeidhm a d'fhéadfaí a úsáid chun réiteach a chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit an Uirlis um Éascú Trasteorann a chur i bhfeidhm ansin, nós imeachta caighdeánach deonach atá ceaptha chun constaicí riaracháin agus dlíthiúla i réigiúin thrasteorann a réiteach. Cé nach mór freagra a thabhairt ar gach iarraidh, tá sé fós de shaincheart ag na húdaráis náisiúnta inniúla a chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh siad constaic a réiteach.

Moltar sa Rialachán freisin líonra Pointí Comhordúcháin Trasteorann a chruthú in éineacht leis an gCoimisiún, chun fóram a chruthú chun dea-chleachtais a mhalartú agus eolas a roinnt.

Cúlra

I mí na Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún rialachán maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann (togra ECBM). Níor thángthas ar aon chomhaontú, áfach, idir an Pharlaimint agus an Chomhairle maidir leis an gcomhad. I mí Mheán Fómhair 2023, ghlac an Pharlaimint rún reachtach féintionscnaimh, ina bhfuil moltaí don Choimisiún arb é is aidhm dóibh an tsáinn maidir le togra ECBM a shárú. Leis an Rialachán nua maidir le ‘Réitigh Thrasteorann a Éascú,' tá an Coimisiún ag leasú a thogra ó 2018 trí aird chuí a thabhairt ar na hábhair imní agus ar na moltaí a rinne an dá chomhreachtóir, agus san am céanna a fhócas bunaidh a choinneáil ar chonstaicí a réiteach a chuireann bac ar shaol na bpobal trasteorann. Déanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle an togra ón gCoimisiúin a chaibidliú anois.

Comhlánaíonn an togra roinnt tionscnamh ón gCoimisiún chun tacú le réigiúin teorann, ‘b-solutions', cuir i gcás, a seoladh in 2018 chun tacaíocht dhlíthiúil a chur ar fáil d'údaráis phoiblí chun bunchúiseanna na gconstaicí dlíthiúla agus riaracháin a shainaithint agus chun féachaint ar réitigh a d'fhéadfadh a bheith ann. Léirigh an t-eolas a fuarthas ó bhreis agus 150 cás a sainaithníodh go mbeadh uirlis dlí Eorpach, ar nós na huirlise atá á moladh inniu, ina cuidiú chun níos mó ná aon trian de na cásanna a réiteach.  

In 2021, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin maidir le ‘Réigiúin Teorann an Aontais — Saotharlanna Beo na Lánpháirtíochta Eorpaí', lena léirítear na héifeachtaí dearfacha — ar réigiúin teorann agus ar an Aontas ina iomláine araon — a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar chonstaicí trasteorann. Áiríodh ann freisin machnamh ar roinnt de na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, agus na constaicí trasteorann a tháinig chun cinn mar gheall ar na srianta a cuireadh i bhfeidhm.

Inniu, tá céim eile á glacadh ag an gCoimisiún Eorpach chun deireadh a chur le níos mó de na bacainní atá ann le fada ar mhargadh aonair an Aontais. Tá constaicí dlíthiúla agus riaracháin fós roimh an iliomad réigiún trasteorann atá againn, ar constaicí iad a chuireann bac ar ghníomhaíocht ghnó agus ar fheidhmíocht eacnamaíoch agus a chuireann bac, freisin, ar iarrachtaí fóirithinte trasteorann – mar shampla, falscaithe a chomhrac agus cúnamh leighis éigeandála a chur ar fáil. Is é is aidhm dár dtogra comhar réidh saoráideach a chur chun cinn idir daoine, údaráis phoiblí, agus gnólachtaí sna réigiúin ríthábhachtacha sin, agus leas a bhaint as a n-acmhainneacht chun tuilleadh fáis agus rathúnais a spreagadh chun an margadh aonair a neartú a thuilleadh.

Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine - 12/12/2023

Fiú agus 30 bliain imithe thart ó bunaíodh an Margadh Aonair, tá go leor constaicí fós ann atá ag cur bac ar réigiúin teorann tairbhe iomlán a bhaint as lánpháirtiú an Aontais. Leis an togra maidir le réitigh thrasteorann a éascú, molaimid uirlis sholúbtha shimplí do na húdaráis náisiúnta chun deireadh a chur leis na constaicí sin. Aon trian de dhaonra an Aontais, is daoine iad a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann; agus is é atá i dtogra an lae inniu bealach chun go bhféadfaí feabhas nithiúil a chur ar a saol siúd ó lá go lá.

Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin - 12/12/2023

More information