This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Domhandú

Deis is ea an domhandú

Deis is ea an domhandú.Cé go bhfuil míbhuntáistí a thagann as an domhandú, tá an iliomad buntáistí éagsúla a bhaineann le margaí eachtracha oscailte: is féidir le gnólachtaí leas a bhaint as taraifí ísle agus as comhchaighdeáin, as nósanna imeachta comhchuibhithe agus as deiseanna nua le dul sa tóir ar chonarthaí soláthair phoiblí ón gcoigríoch. Thabharfadh sé céim níos gaire sinn don fhís de mhargadh inmheánach domhanda — bheadh buntáistí mhargadh aonair na hEorpa le sonrú ar leibhéal domhanda. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta an fhéidearthacht sin a úsáid.

Mar shampla, tá an Coimisiún i mbun stiúrtha ar athchóiriú ar Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe 1958 maidir le rialacháin idirnáisiúnta d’fheithiclí.Sa tionscnamh sin tá 27 Ballstát an AE, faoi stiúir an Choimisiúin, agus an tSeapáin, Cónaidhm na Rúise, an Chóiré Theas, an Afraic Theas agus an Astráil ag obair as lámh a chéile.

"Réiteach ar ghéarchéim an Aontais Eorpaigh is ea an domhandú, ní fadhb atá ann. Le leas ceart a bhaint as an acmhainn sin, beidh orainn comhchaighdeáin agus nósanna imeachta comhchuibhithe a fhorbairt in éineacht lenár gcomhpháirtithe trádála chun na bacainní a chuireann cosc ar ghnólachtaí teacht ar mhargaí eachtracha a bhaint.”

Tháinig na tíortha sin ar chomhaontú faoi rialacháin chomhchuibhithe sábháilteachta agus comhshaoil d’fheithiclí, rud a fhágann nach mbeidh ar dhéantóirí gluaisteán na táillí céanna a íoc le rialacha a chomhlíonadh agus go mbeidh barainneachtaí scála ann dóibh. Is é is cuspóir leis na hathchóirithe atá á moladh ag an gCoimisiún cineálcheadú gluaisteán a bhunú ar leibhéal domhanda, bunaithe ar an bprionsabal carr “a thástáil uair amháin, agus beidh an tástáil bailí gach áit ar domhan”. Is é a chiallaíonn sé sin go bhféadfar aon ghluaisteán a rinneadh i gcomhréir leis na rialacháin sin a chur ar an margadh i ngach tír atá páirteach sa tionscnamh. Tacaíonn an AE leis an tionscnamh sin freisin — idirbheartaíonn sé Comhaontuithe Saorthrádála le mórpháirtithe trádála le fáil réidh le bacainní eile neamhtharaifí.

Cuirfear tús go luath le babhta eile d’idirbheartaíocht dhéthaobhach idir an AE agus comhpháirtithe tábhachtacha ar nós na Stát Aontaithe agus na Seapáine. Féadfaidh an AE sochar mór a bhaint as an gcéim úr sin den domhandú, ach tá sé ríthábhachtach nach amháin ar dhualgais a bhaint agus a ísliú a dhíreoidh na comhaontuithe nua sin. Is gá na bacainní uile a bhaineann den rochtain ar mhargaí tíortha thar lear a bhaint.

Leis an gcuspóir sin a chur i gcrích, beidh sé thar a bheith tábhachtach comhar níos doimhne a dhéanamh le comhpháirtithe trádála an AE maidir le caighdeáin, rialacha táirgí agus nósanna imeachta riaracháin. Beidh gá díriú go speisialta ar chomhchaighdeáin thionsclaíocha a fhorbairt, rialacha a thagann salach ar a chéile a bhaint agus cleachtais mhaorlathacha a chomhchuibhiú. Is rómhinic a bhíonn dua mór ar tháirgeoirí san AE teacht ar thomhaltóirí thar lear mar go mbíonn an iomarca bacainní riaracháin agus teicniúla orthu. I ngeall ar dhifríochtaí beaga idir rialacha agus caighdeáin i dtíortha difriúla déantar dochar mór eacnamaíoch don tionscal mar go gcuirtear cosc ar dhíolacháin thar lear, nó bíonn gá airgead mór a íoc le táirgí a chur in oiriúint do mhargaí i dtíortha eile.

Is ag na déantúsóirí móra amháin atá na hacmhainní lena dtáirgí a oiriúnú do rialacha éagsúla dlí agus teicniúla. Is é an toradh a bhíonn air sin nach n-éiríonn le déantúsóirí beaga, gnólachtaí beaga agus meánmhéide mar shampla, leas ceart a bhaint as margaí i dtíortha thar lear. Ba mhian leis an gCoimisiún deireadh a chur leis an gcás sin.

Ba cheart go gciallódh margaí oscailte freisin go mbeadh gnólachtaí san AE in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail phoiblí thar lear. Sa chuid is mó de na tíortha lasmuigh den AE, bíonn caiteachas iomlán an rialtais cothrom le idir 15% agus 20% den OTI, ach níl ach méid an-bheag den chaiteachas sin atá ar fáil do ghnólachtaí eachtracha. Cé go bhfuil beagnach 85% de mhargadh an tsoláthair phoiblí san AE oscailte do chonraitheoirí eachtracha (ar luach de bhreis agus €350 billiún), ní dhéantar ach 32% de chonarthaí soláthair phoiblí san Stáit Aontaithe a thabhairt do chonraitheoirí eachtracha (faoi bhun €180 billiún). Sa tSeapáin, ní féidir le gnólachtaí ón gcoigríoch ach teacht ar 28% den mhargadh soláthair phoiblí (€27 billiún). Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta an cás sin a athrú agus caidreamh buan nua a bhunú ar chómhalartacht dáiríre.

Tuilleadh eolais Deutsch (de) English (en) français (fr)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr