This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Loingseoireacht Satailíte

Galileo

Tranglam tráchta i lár an bhaile agus coinne nach féidir a chailleadh. Gnátheachtra ina bhfuil géarghá le córais loingseoireachta satailíte i ngluaisteáin, ach tráth freisin ina nochtar go soiléir teorainneacha na teicneolaíochta atá ann cheana. De dheasca trasnaíochta agus gan comharthaí a bheith ar fáil i gcathracha ina bhfuil foirgnimh ardéirí, is minic a chuirtear bac ar fhaisnéis ríthábhachtach a theacht isteach ar bhealach tráthúil. Réiteoidh Galileo an fhadhb sin. 

Is é Galileo, an córas Eorpach domhanda um loingseoireacht satailíte, an bonneagar spáis is mó a dearadh san Eoraip, agus is comhthionscadal gach tíre san Eoraip é. Tá an córas á thógáil faoi láthair agus beidh sé ag feidhmiú ina iomláine faoi 2020.  Seirbhísí loingseoireachta domhanda a bheidh á gcur ar fáil ag Galileo agus beidh siad níos beaichte ná na córais atá ann cheana féin, beidh siad níos fearr in ann trasnaíocht agus frithchaitheamh a shárú, agus freastalóidh siad níos fearr ar riachtanais mhuintir na hEorpa. 

Féadfar sin a dhéanamh a bhuí leis an líon méadaithe satailítí a bheidh in úsáid i gcomparáid leis an líon atá ann anois, agus a bhuí le comharthaí loingseoireachta den ghlúin nua a bheith á dtarchur.  Beidh Galileo comhoiriúnach do chórais loingseoireachta satailíte na Stát Aontaithe agus na Rúise, agus mar sin beidh custaiméirí in ann leas a bhaint as buntáistí na gcóras ceangailte. 

"Tá tábhacht straitéiseach ag baint le Galileo i dtaobh neamhspleáchas an Aontais Eorpaigh i loingseoireacht satailíte, agus is mór an cúnamh a bheidh ann do ghnólachtaí Eorpacha táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt. Cuideoidh sé go mór le téarnamh gheilleagar na hEorpa agus tabharfaidh sé aghaidh ar dhúshláin mhóra amhail iompar inbhuanaithe, feirmeoireacht chliste agus cúnamh do dhaoine scothaosta."

Is léir go rachaidh an beachtas méadaithe a bheidh mar chuid de chóras Galileo chun tairbhe don earnáil iompair, ach ní hí an t-aon earnáil a thairbheoidh de. Buntáiste mór d'oibríochtaí um chosaint shibhialta i dtimpeallachtaí crua a bheidh ann. Cabhróidh faireachán feabhsaithe ar dháileadh agus ar thanú ceimiceán, a bhuí le cóireáil shaincheaptha, agus bainistíocht níos éifeachtaí maoine, leis an earnáil talmhaíochta. 

Beidh fáil ar shonraí níos cruinne don taiscéalaíocht fuinnimh. Feidhmeoidh líonraí teileachumarsáide gan sreang ar bhealach níos éifeachtúla a bhuí le sioncronú sármhaith ama Galileo. Beidh buntáiste ann don earnáil airgeadais go fiú: úsáidfidh siad clog sárbheacht Galileo chun idirbhearta airgeadais a fhíordheimhniú agus chun am na n-idirbheart a stampáil. 

Beidh tionchar ag buntáistí Galileo ar an ngeilleagar i gcoitinne. Meastar go mbeidh tionchar eacnamaíoch thart ar luach €90 milliún ar an iomlán aige as seo go ceann scór bliain. Meastar go ndúblófar ar an margadh loingseoireachta satailíte féin go €244 billiún faoi 2020. 

Meastar luach €14 billiún thar 20 bliain a bheith ar luach mhargadh na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí atá ag brath ar shonraí ó loingseoireacht satailíte. Beidh iarmhairt shuntasach aige a scaipfear ar earnálacha éagsúla, amhail na hearnálacha cúraim sláinte, iompair agus eolaíochta ríomhaireachta, mar is minic a úsáidtear teicneolaíochtaí nua a forbraíodh do thionscadail spáis i bhfeidhmchláir trastíre.

Sa lá atá inniu ann, tá suas le 7% de OTI na hEorpa ag brath ar tháirgí agus ar sheirbhísí a bhaineann úsáid as comharthaí loingseoireachta satailíte a sholáthraíonn córas suite domhanda (GPS) Stáit Aontaithe Mheiriceá. Amach anseo, cuirfidh Galileo leis na seirbhísí GPS atá ar fáil san AE agus cuirfear breisluach soiléir le geilleagar, taighde agus slándáil na hEorpa. Mar sin féin, faoi rialú shibhialtaigh an AE a bheidh seirbhísí Galileo, seirbhísí slándála san áireamh.

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr