This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Cruach

Todhchaí na cruach a chinntiú san Eoraip

As cruach a rinneadh Eoraip an lae inniu. Is ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda a tháinig an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) ar an bhfód, agus ba é bunús an Aontais Eorpaigh mar atá sa lá atá inniu ann. Tá athruithe móra tagtha ar chúrsaí ó shin, ach tá an earnáil tábhachtach do gheilleagar an AE i gcónaí mar fostaíonn sí 360 000 duine in 23 Ballstát agus soláthraíonn sí ceann de na hábhair is bunúsaí as a bhfuil formhór ár ndomhain déanta - idir fhoirgnimh agus chuisneoirí.

In éagmais táirgthe cruach, ní fheidhmeodh an tionscal Eorpach. Bheadh ar dhéantúsóirí gluaisteán, longchlóis, déantúsóirí innealra, lucht cosanta agus an earnáil tógála an bunábhar a lorg ar an gcoigríoch, ar phraghsanna níos airde.

"Ó 1951, bhí tionscadal na hEorpa bunaithe ar an ngual agus ar an gcruach. Ach tar éis don Chonradh CEGC dul in éag in 2002, fágadh faoin earnáil chruach a bealach féin a dhéanamh. Tá sé in am breathnú arís ar an earnáil chruach. Tá cruach de dhíth orainn, ní amháin do na tionscail tógála agus gluaisteán, ach freisin má theastaíonn uainn tairbhe a bhaint as foinsí an fháis ghlais. Earnáil straitéiseach san Eoraip is ea an earnáil chruach, agus ní foláir dúinn bheith ag obair i gcomhar lena chéile chun an ghéarchéim seo a shárú."

Is éard atá ón gCoimisiún Eorpach, agus is éard atá de dhíth air, leibhéil leordhóthanach táirgthe cruach a choinneáil san Eoraip, in ainneoin na n‑athruithe tobanna atá tagtha ar an tionscal domhanda le déanaí.

Is é an AE an dara táirgeoir is mó sa domhan i gcónaí, cé gur thit sciar an AE den táirgeacht dhomhanda cruach ó 22% go 12% idir 2001 agus 2011. Tá an t‑aschur cruach titithe go thart ar 17% faoi bhun leibhéil 2007, agus tá suas le 25% den acmhainn táirgthe nach bhfuil in úsáid. Dá bhrí sin, b'éigean do roinnt mhaith monarchana dúnadh nó tá baol a ndúnta ann.

Chun cor a chur sa chinniúint, ní mór dúinn an t‑éileamh ar chruach san Eoraip a athbheochan. Tá an t‑éileamh an‑íseal faoi láthair de dheasca na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche.

Má thugtar aghaidh ar an ngéarchéim le beartas fónta infheistíochta, beifear ag súil go gcuirfidh sé borradh faoi na príomhthomhaltóirí cruach san Eoraip, is é sin an earnáil ghluaisteán agus an earnáil tógála. Iadsan a ghlacann le thart ar 40% den aschur iomlán cruach. Tá roinnt beart spriocdhírithe molta ag an gCoimisiún chun an dá earnáil sin a athbheochan.

Tá sé ríthábhachtach freisin beartas an AE maidir le hathrú aeráide a athbhreithniú, chun go mbeidh sé níos solúbtha. Ceannródaí í an Eoraip sa réabhlóid ghlas agus ba cheart di leanúint de sin. Ach más gá do dhéantúsóirí cruach bogadh go dtí lasmuigh den AE chun rialacha déine agus cánachas dian i ndáil leis an gcomhshaol a sheachaint, ní chuirfidh sé le seasamh na hEorpa sa chomhrac i gcoinne athraithe aeráide.

Déanann gáis cheaptha teasa díobháil don phláinéad, is cuma cá dtairgtear iad. Ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar aschur cruach ar leibhéal domhanda, ba chóir dúinn táirgeadh san Eoraip a chur chun cinn áit a bhfuil cosaint níos fearr á tabhairt don chomhshaol seachas i dtíortha nár shínigh Prótacal Kyoto na Náisiún Aontaithe maidir le hathrú aeráide fiú. Cúnamh don phláinéad a bheidh sa mhéid sin, agus cabhair chun an ráta ard dífhostaíochta san Eoraip a chomhrac freisin.

Ba chóir dúinn an bille leictreachais a laghdú, arb ionann é agus suas le 40 % de chostais iomlána monarchan cruach san Eoraip, méid i bhfad níos mó ná sna Stáit Aontaithe, sa Rúis, sa Mheán Oirthear nó sa tSín.

I mí an Mheithimh 2013, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta maidir le cruach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin ar fad, agus tá na bearta sin a mhol sé á gcur i bhfeidhm aige de réir a chéile.

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr