This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Fás Glas

Deiseanna le haghaidh fáis inbhuanaithe agus post

Murab ionann is riamh, tá acmhainní nua le haghaidh fáis de dhíth ar an Eoraip Agus daonra an domhain ag méadú breis is 70 milliún gach bliain, méadóidh as cuimse tomhaltas earraí, agus an t-éileamh ar fhuinneamh agus ar amhábhair. Ní mór dul ionsar gheilleagar níos inbhuanaithe, geilleagar atá tíosach ar acmhainní, geilleagar ísealcharbóin. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh na beartais tionsclaíocha, aeráide, fuinnimh, comhshaoil agus beartais ábhartha eile comhtháite agus go dtiocfaidh astu na dálaí is gá chun nuálaíocht agus d'infheistíocht a chothú.

Ní mór dúinn leas iomlán a bhaint as na deiseanna gnó a leanfaidh an t-aistriú go geilleagar inbhuanaithe. Is deis mhór do chuideachtaí Eorpacha é an margadh domhanda do chosaint an chomhshaoil. Faoi láthair, meastar gur fiú tuairim is €1000 in aghaidh na bliana an t-éileamh domhanda ar earraí agus seirbhísí comhshaoil – agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó nó faoi thrí air sin faoi 2020. Agus acmhainní ag dul i dteirce i rith an ama ar fud an domhain, is léir gur féidir le cuideachtaí, chomh maith le tíortha, buntáiste iomaíoch a bhaint as tíosacht ar acmhainní. Is ábhar misnigh é, san Eoraip, go bhfuil mórdheighilt déanta idir fás eacnamaíoch agus tionchar an fháis sin ar an gcomhshaol agus go bhfuil ag méadú air sin i rith an ama. Trí billiún euro an coigilteas agus na tuairisceáin dhomhanda a d'fhéadfaí a dhéanamh as acmhainneacht táirgiúlachta acmhainní a ghabháil de réir meastachán a rinneadh.

"Is féidir an t-uafás a dhéanamh le go mbeidh ár nósanna tomhaltais agus táirgthe san Eoraip níos inbhuanaithe. Is féidir an méid sin a bhaint amach gan aon chostais bhreise a chur ar chomhlachtaí ná ar thomhaltóirí Eorpacha agus is féidir sochar a bhaint as freisin, trí choigilteas fuinnimh agus acmhainní nádúrtha nó trí thapú na ndeiseanna a leanann geilleagar "glas"."

Le go mbeidh mianach saoil réasúnta maille le comharsanachtaí glana ar fáil, tá gá le cuideachtaí rathúla a fhorbróidh táirgí, próisis agus córais fheabhsaithe. Cheana féin táirgeann an Eoraip teicneolaíochtaí agus seirbhísí comhshaoil cheannródaíocha agus is léi trian den mhargadh domhanda. A bhuí lenár gcroí-thionscail chomhshaoil – atá gníomhach i mbainistiú agus rialú truaillithe, bailiú agus cóireáil dramhaíola, fuinneamh in-athnuaite agus athchúrsáil – cruthaíodh breis is 3 mhilliún post san Eoraip.

Ní mór dúinn beart a dhéanamh in dhá phríomhréimse: tíosacht (optamú próiseas); agus ciorclaíocht. Ciallaíonn sin córas tionsclaíoch comhtháite a úsáid ina n-aithnítear deiseanna gnó a dhéanann giaráil ar acmhainní nach mbaintear úsáid iomlán astu: ábhair, fuinneamh, uisce, acmhainn, saineolas, sócmhainní srl. Is féidir mórghnóthachain a bhaint amach trí nuálaíocht sa tíosacht ar phróisis, i ndearadh táirgí agus in optamú an tslabhra luacha.

Trí thíosacht ar phróisis is féidir a chinntiú go bhforbrófar réitigh fhadtéarmacha le dianúsáid breosla iontaise a laghdú i bpróisis thionsclaíocha, le dianúsáid acmhainní sa mhonaróireacht a laghdú go mór agus le dramhaíl thionsclaíoch a laghdú go mór.

Teastaíonn díchuimse ábhar agus fuinnimh chun táirgí a dhéanamh. Luíonn sé le ciall, ó thaobh cúrsaí gnó agus comhshaoil de, soláthar agus éileamh táirgí atá níos tíosaí ar acmhainní a chothú. D'fhéadfadh Treoir Ecodesign an Choimisiúin suas le €90 billiún de choigilteas in aghaidh na bliana agus milliún post a thabhairt. Cé gurb é an fuinneamh an phríomhacmhainn ar a ndíríodh go dtí an pointe seo, díríonn an treoir ar na gnéithe comhshaoil uile ó thaobh saolré de.

Is minic lámh ag an iliomad gnólachtaí nó fochonraitheoirí i dtáirgí deiridh agus is féidir méid nach beag dramhaíola teacht as sonraíochtaí na ndreamanna sin gan a bheith comhoiriúnach dá chéile. Ar an ábhar sin is fiú go mór an slabhra luacha a optamú le gur féidir le tionscail nó cuideachtaí sa slabhra luacha sineirgíochtaí a chruthú chun cuidiú leo comhoibriú le chéile.

Trí Fhás Glas agus cruthú táirgí atá tíosach ar acmhainní is féidir deiseanna gnó ar fud an domhain a thabhairt do chuideachtaí an AE. An chuairt a thug mé ar an tSín, ar ar tugadh "Misean um Fhás Glas" , leagadh béim ar conas mar atá tarraingt ag cuideachtaí Síneacha ar ghnólachtaí AE a bhfuil saineolas dea-fhorbartha acu i dtaobh táirgí agus seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Faoi láthair tá barúlacha geallsealbhóirí á lorg ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhairliúchán poiblí maidir leis na bearta tacaíochta is éifeachtaí chun cuidiú le fiontair bheaga is mheánmhéide (FBManna) a bheith níos tíosaí ar acmhainní.

Tuilleadh eolais Deutsch (de) English (en) français (fr)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr