This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Nuálaíocht

Nuálaíocht ocsaigin na fiontraíochta

Nuálaíocht ocsaigin na fiontraíochta. Iad siúd nach mbíonn i mbun nuálaíochta nó nach gcoinníonn suas le fortbairtí teicneolaíochta, caillfidh siad sciaranna sa mhargadh de réir a chéile agus beidh an baol ann go gclisfidh ar a ngnó. In éagmais ocsaigine, ní féidir leo anáil a tharraingt.

Ón infheistíocht a thagann an nuálaíocht. Príomhghníomhaí ab ea tionsclaíocht sa réimse seo i gcónaí. Is í an earnáil déantúsaíochta is mó a rannchuidíonn leis an earnáil phríobháideach Taighde agus Forbartha san AE; uaithi a thagann 80% den infheistíocht iomlán. Ach ní foláir tuilleadh a dhéanamh.

Tá earnáil na taighde san Eoraip ina ceannródaí i roinnt mhaith earnálacha agus is í atá freagrach as go leor paitinní ceannródaíocha, ach i dtaobh buntáiste thionsclaíoch a bhaint as a ceannaireacht in earnáil na heolaíochta, ní i gcónaí a éiríonn léi sin a dhéanamh. Is sampla maith den chineál ruda sin na cadhnraí liatiam. Tá níos mó ná 30% de na paitinní ábhartha ag gnólachtaí san Eoraip, ach níl aon ioand táirgthe do na cadhnraí sin san AE.

"Tá infheistíocht i nuálaíocht ríthábhachtach chun ár gcumas iomaíochta a choinneáil agus chun borradh a chur faoin bhfás san Eoraip. In éagmais nuálaíochta, ní éireoidh linn ár sprioc a bhaint amach, is é sin rannchuidiú na tionsclaíochta leis an OTI a ardú go 20%, sprioc atá leagtha síos inár straitéis nua ar bheartas tionsclaíoch. Dá bhrí sin, is mó tábhacht agus práinn a bhaineann le comhordú na mbeartas sin ar leibhéal na hEorpa."

Ina theannta sin, tá iarrachtaí ar nuálaíocht ilroinnte agus scaipthe go héagothrom ar fud an AE. Ábhar imní níos mó is ea gur léir ó scórchlár nuálaíochta is déanaí an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil ag méadú ar an mbearna idir na tíortha is mó nuálaíocht agus na tíortha ina bhfuil easpa nuálaíochta.

Ba chóir nuálaíocht a bheith ina sprioc choiteann ag Ballstáit ar fad an AE, agus ba chóir go ndéanfaí iarrachtaí ar chomhordú ar leibhéal náisiúnta. Ar mhaithe leis sin, tá pleananna seolta ag an gCoimisiún chun Aontas atá fíor-nuálaíoch a bhaint amach, agus tá straitéis choiteann beartaithe chun infheistíocht a chur chun cinn i roinnt earnálacha sonracha nuálaíocha, a mheastar a thiomáineann nuálaíocht i ngeilleagar an AE i gcoitinne.

Tá sé réimse tosaíochta inár mBeartas Tionsclaíoch maidir le hinfheistíocht i nuálaíocht. Ina measc tá: rochtain ar airgeadais, fiontraíocht a spreagadh, éileamh ar nuálaíocht a mhúscailt, agus nuálaíocht neamh-theicneolaíoch.

Príomhtheicneolaíochtaí éascaithe (KETanna) a thugaimid ar réimse eile ar a bhfuilimid ag díriú, agus cuimsítear sa réimse sin micrealeictreonaic agus nanaileictreonaic, biththeicneolaíocht thionsclaíoch, fónónaic, nanaitheicneolaíocht agus córais déantúsaíochta forbartha. Meastar go dtiocfaidh méadú os cionn 50% ar an margadh domhanda do KETanna, ó €646 billiún go dtí os cionn €1 trilliún faoi 2015, arb ionann é agus thart ar 8% de OTI na hEorpa.

Dála réabhlóid san innealtóireacht iad na teicneolaíochtaí nua sin (e.g. ábhair chliste) agus athróidh siad táirgeadh earraí (e.g. priontáil 3D), agus soláthróidh siad bonn úr-nua do na margaí traidisiúnta, amhail eangacha cliste, feithiclí glana nó plaistigh bhithbhunaithe. Cé go bhfuil suim againn i dtionscail ardteicneolaíochta tacaímid, i gcomhar leis sin, le nuálaíochtaí tábhachtachta FBManna Eorpacha ísealteicneolaíochta agus meánteicneolaíochta.

Ní ón bhfásach a thagann táirgí nuálaíocha. De ghnáth, is toradh iad ar fheabhsaithe beaga thar blianta fada ar theicneolaíochtaí atá ann cheana. Mianach óir teicneolaíochta is ea an Eoraip, mar tá sí ar ceann de na réigiúin is mó ina bhfuil an teicneolaíocht i réim agus chun cinn. Is mór na torthaí a bhíonn ar iarrachtaí beaga breise, agus cuirfimid lenár mórphribhléid theicneolaíoch dá réir sin.

Tuilleadh eolais Deutsch (de) English (en) français (fr)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr