This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Misin le haghaidh an fháis

Misin le haghaidh an fháis - Cuidiú le FBManna gnó a dhéanamh go hidirnáisiúnta

Sa lá atá inniu ann, tá an fás eacnamaíoch dírithe ar mhargaí lasmuigh den AE. Meastar gur sna geilleagair atá ag teacht chun cinn a tharlóidh 70% den fhás domhanda faoi 2020. Ach is deis seachas míbhuntáiste atá sa mhéid sin do chuideachtaí Eorpacha.

Leis an deis sin a thapú, ní mór do chuideachtaí an AE bheith in ann dul san iomaíocht i margaí eachtracha. Tá fiontair mhóra ina bhun cheana. Is é an fíordhúshlán ligean d'Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide AE dul san iomaíocht ar leibhéal domhanda.

Níl ach fíorbheagán FBManna AE a oibríonn lasmuigh dá dteorainneacha náisiúnta. Níl ach 25% díobh a bhfuil gníomhaíochtaí ar siúl acu i dtír AE amháin nó níos mó seachas a dtír féin. Níl ach méid suarach díobh, 13%, atá gníomhach lasmuigh den AE. Tá an Coimisiún tiomanta do na figiúirí sin a mhéadú. Tá idirnáisiúnú na FBManna ar cheann de thosaíochtaí straitéis thionsclaíoch English (en) nua an AE, a glacadh i nDeireadh Fómhair 2012.

'Cuidíonn na misin le haghaidh an fháis na coinníollacha a chruthú le haghaidh cásanna ina mbeidh bua ag gach taobh. Tairbhíonn cuideachtaí Eorpacha de rochtain níos éasca ar mhargaí seachtracha, agus tá deis nithiúil ag gníomhaithe agus údaráis áitiúla infheistíocht eachtrannach a mhealladh'.

Le cuidiú lenár gcuideachtaí gnó a dhéanamh go hidirnáisiúnta, tá sé ríthábhachtach margaí trádála cuimsitheacha a chaibidliú le tríú tíortha - dleachtanna a laghdú ach freisin bacainní neamhtharaifí a dhíothú, soláthar poiblí a oscailt suas, forghníomhú éifeachtach rialacha trádála a chinntiú, na caighdeáin cosanta is fearr d'infheistíochtaí idirnáisiúnta agus cosaint iomlán ceart maoine intleachtúla a ráthú. Áireofar na gnéithe sin sa ghlúin nua de mhargaí trádála AE.

Ach ní leor sin. Ba cheart dúinn freisin taobhú le teagmhálacha díreacha idir fiontraithe AE agus údaráis eachtracha agus cuideachtaí eachtracha chun caidreamh gnó marthanach a chothú. Seo an cuspóir atá ag 'Misin le haghaidh an Fháis' a bunaíodh le déanaí agus atá á stiúradh ag an gCoimisiún. Leis na misin sin - nár cheart a mheascadh suas le gníomhaíochtaí traidisiúnta chun trádáil a chur chun cinn - tugtar le chéile ionadaithe gnólachtaí AE agus na húdaráis ó thríú tíortha, rud a spreagfaidh comhar sa todhchaí.

Tá Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Antonio Tajani, gafa go pearsanta leis na misin sin. Ó 2011 i leith, thug sé cuairt ar 17 dtír éagsúla, sna Meiriceá (NA, an Bhrasaíl, an Airgintín, Meicsiceo, an Cholóim, Peiriú, an tSile, agus Uragua), an Áis (an tSín, Maenmar, Vítneam agus an Téalainn) an Afraic Thuaidh agus an Meán Oirthear (an Éigipt, Maracó, an Túinéis, Iosrael) agus Cónaidhm na Rúise. Ar gach misean, bhí toscaireacht nach beag d'fhiontraithe AE in éineacht leis. Is minic a thosaíonn an próiseas idirnáisiúnaithe leosan.

Is fiú a thabhairt faoi deara nach ionann idirnáisiúnú agus gnó a dhéanamh amach ón gcósta, mar coimeádann cuideachtaí AE a mbunáit san Eoraip. Fásann cuideachtaí idirnáisiúnaithe fiú i ndrochthréimhsí don gheilleagar Eorpach, agus cuireann siad le fás agus le poist san Eoraip. Is iad cuideachtaí AE atá gníomhach lasmuigh den AE is nuálaí agus is iomaíche freisin. Lainseáil 25% de na fiontair AE a oibríonn thar lear táirge amháin ar a laghad ina n-earnáil. Níl ach 8% de chuideachtaí AE a oibríonn ina dtír féin amháin ar féidir leo maíomh as a leithéid de thoradh.

Tuilleadh eolais English (en)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr