This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Tógáil

Leas iomlán a bhaint as acmhainneacht foirgneamh ísealfhuinnimh le fás a athbhunú

Ba cheart tús a chur le réabhlóid ghlas na hEorpa in earnáil na tógála. Tá cuma paradacsa air, ach mura ndéanfaimid ár ndícheall le foirgnimh atá an cheana a athchóiriú agus an bealach a réiteach do thógáil nua atá níos tíosaí ar fhuinneamh, seans nach n-éireoidh leis an Eoraip ina cuid iarrachtaí an t-athrú aeráide a shárú.

Is iad foirgnimh thráchtála, phoiblí agus chónaitheacha a úsáideann tuairim is 40% de d'fhuinneamh an AE. Ach foirgnimh a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh, meastar go nginfear coigilteas fuinnimh suas le 12 % faoi 2020, agus i bhfad níos mó fós san fhadtéarma.

Tá earnáil na tógála ríthábhachtach d'athnuachan cathracha Eorpacha le go mbeidís ina gcathracha cliste. Ar an drochuair níl ach glacadh teoranta sa mhargadh ag foirgnimh ísealfhuinnimh a bhfuil ardacmhainneacht coigiltis acu ó thaobh CO2 agus costais fuinnimh de, in ainneoin a gcuid buntáistí eacnamaíocha agus comhshaoil.

"Tá tionchar nach beag ag feidhmíocht earnáil na tógála ar fhorbairt an gheilleagair ina iomláine. Mar sin is ceist thábhachtach í iomaíochas cuideachtaí tógála ní hé amháin don fhás agus don fhostaíocht i gcoitinne ach freisin le hinbhuanaitheacht na hearnála a chinntiú."

Tá an Coimisiún Eorpach gníomhach ag tacú leis an earnáil tógála cuspóirí uaillmhianacha ó thaobh tíosachta ar fhuinneamh de a bhaint amach. Tá plean cuimsitheach gníomhaíochta ar siúl ag an gCoimisiún, a mhairfidh go dtí 2020.

Ach an earnáil a athchóiriú is chun leasa an chomhshaoil agus an gheilleagar Eorpaigh é. Is iad na cuideachtaí tógála a ghineann beagnach 10 % d'OTI an AE agus cuireann siad 20 billiún post ar fáil, go príomha i micrifhiontair agus i bhfiontair bheaga.

Ach tá an earnáil seo ar cheann de na hearnálacha is mó atá thíos leis an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíochta, agus tháinig 16 % ar na hoibreacha tógála agus infreastruchtúir a rinneadh idir 2008 agus 2012 san AE.

Le cur in aghaidh na treochta contúirtí sin, a dhéanann difear don gheilleagar Eorpach ina iomláine, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an sprioc bhliantúil maidir le hathnuachan foirgneamh rialtais láir a mhéadú faoi dhó, is é sin 3 %. Thairis sin, molann sé gur chóir 2 % den soláthar iomlán foirgneamh a athchóiriú.

Chuige sin teastaíonn iarracht shuntasach ó údaráis náisiúnta, agus pleananna infheistíochta poiblí agus príobháideacha nach beag. Tugadh solúbthacht nua isteach go sealadach sna spriocanna buiséid do thíortha a fhanann faoi bhun thairseach easnaimh an AE. Ba chóir cistí nua a chaitheamh anois ar ghníomhaíochtaí a chuirfidh le fás, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí in earnáil na tógála.

Tá an Coimisiún gníomhach freisin le héascaíocht a dhéanamh do chuideachtaí tógála Eorpacha oibriú lasmuigh de theorainneacha an AE, rochtain a fháil ar thairiscintí poiblí ar bhonn cómhalartach lenár gcomhpháirtithe trádála is infheistíochta is tábhachtaí.

Tógáil: An margadh aonair á éascú do chuideachtaí Deutsch (de) English (en) français (fr) italiano (it)

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr