This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Ceimiceáin

Tionscal ceimiceán na hEorpa - slán agus iomaíoch

Tá athrú tagtha ar an domhan ina bhfuilimid de bharr an tionscail cheimiceáin, mar tá táirgí anois níos saoire, níos éadroime agus níos athléimní. Scéal ráthaíochta na hEorpa is ea é, agus ní mór a chinntiú go leantar leis. 

I measc bhunchlocha thionscal an AE tá ceimiceáin, plaistigh agus rubar. Táirgí na hearnála ceimiceán a chumasaigh nuálaíocht i réimse iomlán na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha, amhail táirgeadh gluaisteán agus eitlíocht, agus bhí tionchar dearfach aige sin ar an bhfás eacnamaíoch, ar nuálaíocht, fostaíocht agus onnmhairithe. 

Ceannródaí san earnáil seo is ea an Eoraip agus tá sciar aon chúigiú den mhargadh domhanda aici. De bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá gnólachtaí na hEorpa iomaíoch i gcónaí agus in ann a dtáirgí agus a smaointe a dhíol ar fud an domhain leis na blianta. Is iad ceimiceáin a thabharfaidh réitigh ar dhúshláin amach anseo freisin, amhail an t-aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin.

"Scéal ráthaíochta na hEorpa le fada is ea an tionscal ceimiceán. Ba chóir dúinn gach iarracht a dhéanamh chun an rangú ard domhanda atá aici a choinneáil. Chun an méid sin a dhéanamh, ní foláir dúinn praghsanna iomaíocha fuinnimh a sholáthar, agus an chothromaíocht cheart a fháil idir ár mbeartas uaillmhianach comhshaoil agus riachtanais na dtionscal a mbaineann baol dí-chomhchruinnithe leo."

Ach tá tuilleadh le baint amach chun éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr a chur chun cinn san earnáil cheimiceán.  Tá breis fuinnimh - go háirithe ola agus gás nádúrtha - ag teastáil sna monarchana ceimiceán i gcomparáid le gnáthmhonarchana, agus is féidir a mbillí fuinnimh a bheith ard. Tá costais an fhuinnimh ag ardú san Eoraip, murab ionann le titim ginearálta ar chostais sa chuid eile den domhan. Is ionann costais fuinnimh san Eoraip agus trí oiread costas fuinnimh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus go ginearálta tá siad níos airde ná mar atá i réigiúin iomaíocha eile.

Le scór bliain anuas, is é freagairt an tionscail cheimiceáin ar an mbrú sin, déine fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 50% (fad is atá ardú 70% tagtha ar tháirgeadh). In ainneoin na bhfeabhsuithe sin, mar gheall ar arduithe ar chostais fuinnimh, d'fhéadfadh go mbeadh na gnólachtaí ceimiceán is déine ó thaobh fuinnimh de ag smaoineamh ar a gcuid infheistíochtaí a aistriú go SAM nó chuig tíortha ina bhfuil na costais níos lú. Is é an toradh is measa air sin ná monarchana á ndúnadh san AE.

Tá an Coimisiún ag déanamh a sheacht ndícheall an treocht seo, ar ábhar buartha í, a iompú droim ar ais. Foilseofar go luath tuarascáil ar chostais fuinnimh chun tionchar diúltach billí fuinnimh ollmhóra ar earnálacha áirithe, an earnáil cheimiceán san áireamh, a mheas. Ardú feasachta a bheidh anseo i leith an méid atá i ngeall ó thaobh an gheilleagair de agus táthar ag súil go spreagfaidh sé na gníomhaíochtaí is gá.  Tacaímid freisin le breis deimhneachta dlíthiúla i ndáil le conarthaí leictreachais fadtéarmacha le haghaidh tionscal a ídíonn an-chuid fuinneamh. Ba chóir praghsanna níos ísle a sholáthar do cheannaitheoirí fuinnimh dá bhrí sin, agus cobhsaíocht airgeadais níos fearr do dhíoltóirí fuinnimh.

I gcomhréir leis sin, ní foláir nuálaíocht a chur chun cinn. Infheistíonn iomaitheoirí Meiriceánacha agus Seapánacha i bhfad níos mó i dtaighde agus i bhforbairt ná mar a infheistíonn cuideachtaí ceimiceán na hEorpa. Beidh ról lárnach ag an athchúrsáil san earnáil amach anseo freisin, agus is deis seachas ualach é sin. 

Tá an Coimisiún ag obair go dian chun timpeallacht dhlíthiúil a sholáthar a éascóidh cúrsaí do chuideachtaí ceimiceán, rud a laghdóidh ar an maorlathas agus a spreagfaidh infheistíocht. 

Cúis mórtais don Eoraip an reachtaíocht ceimiceáin is forbartha agus is sláine a bheith aici. Leagann REACH caighdeáin síos don domhan i gcoitinne. Tá ár margadh ag feidhmiú níos fearr a bhuí leis an rialachán seo agus tá ár saoránaigh níos sábháilte. Ach tuigimid freisin go bhfuil ualach mór rialála ar an tionscal a d'fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar iomaíochas. Táimid ag obair chun nósanna imeachta REACH a chuíchóiriú agus chun a chur ar chumas gnólachtaí níos lú cur in iúl na faisnéise atá uathu a bhainistiú ar bhealach níos éasca.

Tuilleadh eolais Deutsch (de) English (en) français (fr)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr