This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Gluaisteáin atá éifeachtach ó thaobh breosla

Ceannródaíocht na hEorpa i ndéantúsaíocht gluaisteán a chothú

Ba iad gluaisteáin a chur tús le réabhlóid thionsclaíoch na haoise seo caite agus a chur bealach gluaiseachta tapa don duine aonair ar fáil don saol i gcoitinne, nach mór. Anois, beidh ról mór arís ag gluaisteáin ag an gcéim nua seo den ré thionsclaíoch tráth a bheidh an taisteal níos éasca agus níos neamhdhíobhálaí fós don chomhshaol. Tá an Coimisiún Eorpach ag obair chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach. 

Cuid de straitéis chuimsitheach d'fhonn aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim leanúnach déantúsóirí gluaisteán san Eoraip is ea an earnáil seo a dhéanamh níos glaise. Fostóir mór is ea an earnáil gluaisteán. Tá os cionn 12 mhilliún post ag brath uirthi, go díreach agus go hindíreach. Tá isteach is amach le 180 monarcha feithiclí ar fud na hEorpa a thuilleann níos mó ná €700 billiún ar an iomlán in aghaidh na bliana.

Mar sin féin, tá an tionscal thíos leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus le haibiú an mhargaidh Eorpaigh. Tá laghdú ag teacht ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin san Eoraip ó bhí 2008 ann. Dá bhrí sin, tá monarchana á ndúnadh agus tá oibrithe á gcur as obair. In go leor cásanna, is de bharr díolachán lasmuigh den Eoraip amháin a bhíonn déantúsóirí gluaisteán brabúsach.

"Tiocfaidh méadú thar chuimse ar an éileamh ar ghluaisteáin sna blianta amach romhainn agus ní mór, dá bhrí sin, gluaisteáin atá níos éifeachtúla nó gluaisteáin atá saor ó astaíochtaí a tháirgeadh. Féachann straitéis Choimisiún an AE le héifeachtúlacht na n-ineall "bogthe" atá in úsáid faoi láthair a fheabhsú, na hinnill is coitianta a bheidh ann go ceann scór bliain eile ar a laghad, agus ag an am céanna ullmhúchán a dhéanamh do ghluaisteáin na todhchaí, gluaisteáin a mbeidh innill "fhuara" a astaíonn níos lú astaíochtaí iontu."

Tá trí ghné sa chaoi a bhfuil an Choimisiún ag tabhairt aghaidhe ar an ngéarchéim shistéamach seo, agus beidh impleachtaí ag na gnéithe sin do roinnt earnálacha ceangailte, amhail an earnáil cruach, an earnáil ceimiceán agus an earnáil teicstíle.

Ar an gcéad dul síos, teastaíonn uainn borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa, mar chabhródh an méid sin chun cur leis an éileamh ar ghluaisteáin san Eoraip. Má thagann méadú ar dhíolacháin, ba cheart nach mbeadh na monarchana á ndúnadh. In ainneoin nach bhfuil aon dul as ach go ndúnfar roinnt monarchana, tá roinnt nósanna imeachta curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus roinnt maoinithe curtha i leataobh chun cabhrú le hoibrithe oiliúint cheart i réimse nua a fháil chun go mbeidh siad in ann obair eile a lorg a luaithe agus is féidir.

Ar an dara dul síos, táimid ag tacú leis an tionscal bogadh i dtreo táirgí glasa, agus creidimid go mbeidh na táirgí sin níos fearr in ann éileamh táirgeoirí atá meabhrach ar an gcomhshaol a shásamh agus an díobháil atá á déanamh don phláinéad a laghdú ag an am céanna.

Is mó ná taibhreamh é sin. Táimid ag súil go dtiocfaidh ardú suntasach ar líon na bhfeithiclí leictreacha a chlárófar ar fud an domhain agus go mbeidh sciar 7% de mhargadh gluaisteán an AE ag gluaisteáin ghlasa faoi 2020. Chun an t-athrú sin a éascú, tá an Coimisiún ag déanamh infheistíochta i dtaighde i ngluaisteáin ghlana, agus tá an tionscal ag rannchuidiú freisin chun éifeachtúlacht breosla inneall caighdeánach a fheabhsú agus chun feithiclí iontaofa ar phraghas réasúnta a thógáil.

Táthar i mbun bonneagar ceart uirbeach a thógáil chun gluaisteáin leictreacha a luchtú, agus tá an Coimisiún tiomanta comhchaighdeáin a bheith i bhfeidhm i dtíortha ar fud an AE.

Ar deireadh, cabhróimid leis na déantúsóirí gluaisteán rochtain a fháil ar mhargaí eachtracha, margaí ina bhfuiltear ag súil le dúbláil ar an éileamh ar ghluaisteáin faoi 2020. Príomhábhar plé i gcaibidlíochtaí trádálaithe le comhpháirtithe idirnáisiúnta is ea an earnáil gluaisteán.

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr