This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Turasóireacht

Tóir na dturasóirí ar an Eoraip mar cheann scríbe a chothú

Bíonn daoine níos sona sásta a bhuí le turasóireacht. Gné thábhachtach chun mianach saoil a thomhas is ea turasóireacht agus ba cheart teacht a bheith uirthi ag níos mó daoine. Ag an am céanna, cuireann sí borradh faoinár ngeilleagar.

Is mian leis an gCoimisiún Eorpach earnáil na turasóireachta a mhéadú agus an t-ioncam a fhaightear ón earnáil sin a scaipeadh níos cothroime ó cheann ceann na bliana. Chun an méid sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach an táirge atá á thairiscint againn a fheabhsú agus a éagsúlú. Tacaímid le samhlacha gnó inbhuanaithe nua a fhorbairt, mar shampla, táirgí turasóireachta trasnáisiúnta bunaithe ar thurais chultúrtha agus stairiúla, Cinn Scríbe Eorpacha Barr Feabhais (EDEN) nach bhfuil an oiread céanna cáil orthu, agrathurasóireacht agus turasóireacht theirmeach. Tacaímid freisin le nuálaíocht i bhfo-earnálacha traidisiúnta, m.sh. turasóireacht trá, arb í an rogha is fearr i bhfad le muintir na hEorpa, ach gur earnáil shéasúrach í.

Ar mhaithe le daoine nach mbíonn seans acu bheith ag taisteal go minic, lainseáil an Coimisiún tionscnamh Calypso. Is éard is aidhm leis turasóireacht a dhéanamh níos cuimsithí trí mhalartú turasóireachta trasnáisiúnta ísealshéasúir a spreagadh agus a éascú do dhaoine óga, do daoine faoi mhíchumas, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus do sheanóirí. Is ceist comhionannais agus ceist eacnamaíoch araon an méid sin. Tá acmhainn ollmhór sa turasóireacht nár baineadh leas aisti fós. Measaimid go gcailltear €160 billiún in earnáil turasóireachta an AE in aghaidh na bliana toisc go mbíonn an rochtain ar a cuid saoráidí teoranta. Ní gá ach infheistíochtaí beaga chun an bhearna sin a líonadh.

"Is í an turasóireacht an tríú tionscal is tábhachtaí san Eoraip ó thaobh láimhdeachais de agus fostaítear 12% de dhaonra oibre iomlán an AE go díreach nó go hindíreach inti. Ba chóir dúinn an bua seo a chaomhnú agus an acmhainn nár baineadh leas aisti fós a úsáid chun poist nua a chruthú. Ag an am céanna, ba chóir dúinn an líon daoine a bhfuil teacht acu ar sheirbhísí turasóireachta a mhéadú, mar go gcreidim gur táscaire den scoth é ar ár mianach saoil."

Tá duine as gach ceathrar atá ina gcónaí san Aontas Eorpach idir 55 agus 80 bliain d'aois. Ní théann ach 41% díobh sin ag taisteal, in ainneoin na hacmhainní agus an t-am is gá chuige a bheith ag a bhformhór. Trína thionscnamh turasóireachta do sheanóirí, tá sé d'aidhm ag an gCoimisiún na seanóirí sin a spreagadh dul i mbun turasóireachta, agus ag an am céanna cur leis an turasóireacht as séasúr.

Tá an straitéis atá againn dírithe freisin ar thurasóirí a mhealladh isteach ó thíortha lasmuigh den AE. Is í an Eoraip an chéad cheann scríbe turasóireachta ar domhan agus tá a leath den mhargadh domhanda aici. Faoi láthair, tá tuairim is 535 milliún duine ar fud an domhain a thaistealaíonn ar thóir turasóireachta, agus is é an AE a chuireann fáilte roimh 401.2 milliún díobh sin, agus táthar ag súil go méadófar an líon sin go suntasach sna blianta amach romhainn. Táimid tiomanta ceannaireacht dhomhanda na hEorpa a chosaint.

Ach tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá amach romhainn. Tá an iomaíocht ó iomaitheoirí seanbhunaithe agus ó gheilleagair atá ag teacht chun cinn ag éirí níos déine. In 2012, tháinig méadú 2.5% ar líon na gcuairteoirí idirnáisiúnta san AE, ach i réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin tháinig méadú 6.9% ar an ráta fáis, agus méadú 5.4% ar an ráta sin san Afraic agus 4.6% i Meiriceá. Tá an AE chun deiridh ar réigiúin eile ó thaobh turasóirí nua a mhealladh ó thíortha nach bhfuil san AE de agus go háirithe ó gheilleagair atá ag teacht chun cinn.

Leis an treocht a iompú droim ar ais, is é an chéad rud is ceart a dhéanamh é a dhéanamh níos éasca do thurasóirí eachtrannacha teacht isteach san AE. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, faoi dheireadh na bliana 2013, Cód Víosaí athbhreithnithe a thabhairt isteach lena ndíreofar ar shaoránaigh ó gheilleagair atá ag teacht chun cinn le go mbeidh siad in ann víosaí gearrfhanachta a fháil. 

Táthar ag súil go méadófar líon na dturasóirí idirnáisiúnta a thiocfaidh isteach san AE ach nósanna imeachta níos soiléire agus níos cuíchóirithe maidir le víosaí a bheith ann, rud a chothódh fás eacnamaíoch agus malartú cultúir. Ag an am céanna, ní dhéanfaidh athbhreithniú an chóid aon difear do shlándáil, mar is príomhthosaíocht an AE i gcónaí í. Ní dhéanfar aon athrú ar sheiceálacha slándála.

Tuilleadh eolais

Tóir na dturasóirí idirnáisiúnta ar an Eoraip mar cheann scríbe a chothú

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr