This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Íocaíochtaí déanacha

Uirlisí a thabhairt do FBManna le dul i ngleic le híocaíochtaí déanacha

Chuile lá san Eoraip, téann na dosaein fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) i bhfiacha de bharr airgid nár íocadh leo. Teipeann ar na gnólachtaí sin de dheasca na bhfiach atá amuigh orthu, seachas na fiacha atá orthu féin. Cruacheist é sin atá ag cur isteach ar an iomarca gnólachtaí san Eoraip na laethanta seo. Deir níos mó ná a leath de na gnólachtaí go bhfuil fadhbanna airgeadais acu de dheasca íocaíochtaí déanacha. Tá an fhadhb seo ag dul i méid freisin. Idir 2011 agus 2012, tháinig fás 10 % ar líon na bhfiontraithe a bhí thíos leis an bhfadhb seo.

Ar cheann de thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh tá fadhb na n-íocaíochtaí déanacha a réiteach. Tá rátaí dífhostaíochta os cionn 10 % in go leor tíortha san AE faoi láthair, agus mar sin tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhunús na faidhbe. Is léir go bhfuil baint mhór ag íocaíochtaí déanacha leis, mar is iad is cúis le féimheachtaí. In 2012, cailleadh 450,000 post san AE agus fágadh luach €23.6 billiún d'fhiacha gan íoc de dheasca dócmhainneachtaí.

"Gach bliain téann na mílte FBManna i bhfiacha agus iad ag fanacht ar íocaíochtaí ar a gcuid sonrasc. Táimid tiomanta deireadh a chur le nós damáisteach na n-íocaíochtaí déanacha san Eoraip, ar ábhar imní é i saol an ghnó le fada an lá. Is léir gur ábhar práinne é do na Ballstáit Treoir na nÍocaíochtaí Déanacha a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta a luaithe agus is féidir. Is deacair teacht ar chreidmheas le linn na géarchéime reatha eacnamaíche seo ach, trí na bearta seo, cuirfear tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do na FBManna. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeadh gnólachtaí Eorpacha, FBManna go háirithe, ar an eolas faoina gcearta agus conas tairbhe a bhaint astu"

Chun an galar seo a leigheas, mhol an Coimisiún Eorpach treoir nua, agus glacadh an treoir sin i mí Feabhra 2011. Neartaíonn an treoir Deutsch (de) English (en) français (fr) italiano (it) nua an chosaint atá ag fiontair i gcoinne íocaíochtaí déanacha. Nuair is gá, simplíonn sí nósanna imeachta agus cinntíonn sí go bhfuil siad leanúnach, agus tá sí infheidhme i ngach tír san AE, ón 16 Márta 2013 amach. Is é is brí leis sin fiú mura ndéanfaidh tír áirithe san AE an treoir sin a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin dáta sin, go mbeidh gnólachtaí i dteideal cur i bhfeidhm na rialacha nua Eorpacha a éileamh. Is uirlis nua chumhachtach é d'fhiontraithe airgead atá dlite go dlisteanach dóibh a éileamh.

Tá an treoir seo ina ceangal ar údaráis phoiblí, agus ní mór dóibh íoc as na hearraí agus na seirbhísí a fhaigheann siad laistigh de 30 lá nó, i gcúinsí sár-eisceachtúla, laistigh de 60 lá. Mura gcloítear leis na tréimhsí íocaíochta sin, beidh ar an bhféichiúnaí ráta úis a íoc atá 8 bpointe céatadáin ar a laghad os cionn ráta tagartha an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Ní cheadaítear d'údaráis phoiblí ráta úis níos ísle a shocrú d'íocaíocht dhéanach. Beidh iallach ar chuideachtaí poiblí freisin an féichiúnaí a chúiteamh as na costais bhreise a tabhaíodh le linn dóibh an íocaíocht dhéanach a fháil ar ais.

Creidiúnaithe atá ag fanacht ar íocaíocht dhéanach, tá siad i dteideal ús a éileamh láithreach ar íocaíocht dhéanach agus is féidir leo freisin íosmhéid socraithe €40 a fháil mar chúiteamh ar chostais a bhaineann leis an airgead a fháil ar ais. Is féidir leo cúiteamh a éileamh ar na costais réasúnta uile eile a bhaineann leis an airgead a fháil ar ais.

Ba chóir go n-íocfadh fiontair phríobháideacha a sonraisc laistigh de 60 lá, ach amháin má tá téarmaí eile aontaithe go sonrach acu, agus mura bhfuil sé iomlán mífhéaráilte don chreidiúnaí. Táthar ag súil go gcruthófar fáinne óir agus go spreagfar, de réir a chéile, íocaíochtaí tráthúla i ngach cineál gníomhaíochta eacnamaíche.

Chun go mbeadh gnólachtaí ar an eolas faoi na cearta nua seo, sheol an Coimisiún Eorpach feachtas eolais atá á reáchtáil i ngach tír san AE ó mhí Dheireadh Fómhair 2012 ar aghaidh; tiocfaidh deireadh leis an bhfeachtas sin ag deireadh 2014.

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr