This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Oideachas Fiontraíochta

Is é an t-oideachas fiontraíochta a chuirfidh borradh faoin ngeilleagar

Conas a d'fhéadfaimis deireadh a chur le dífhostaíocht i measc daoine óga? Seachas a bheith ag tathant ar ghnólachtaí poist a chur ar fáil do dhaoine óga, d'fhéadfadh stáit na hEorpa a chinneadh níos mó acmhainní a chur ar leataobh chun teagasc do dhaoine óga conas a ngnó féin a chur ar bun, agus a bheith féinfhostaithe.

Bheadh ról lárnach ag an oideachas sa réabhlóid chultúrtha seo. Is fiontraithe ó dhúchas iad daoine áirithe. Ach formhór an ama, foghlaimíonn daoine conas a bheith ina bhfiontraithe. Idir 15% agus 20% de na mic léinn a ghlacann páirt i gclár mionchomhlachta sa mheánscoil, cuirfidh siad tús lena chomhlacht féin níos déanaí. Sin trí go cúig oiread níos mó ná líon an phobail ghinearálta a dhéanann an rud céanna.

"Cur i gcéill is ea é a cheapadh gur féidir poist a chruthú trí bhreis foirne a earcú i seirbhísí sibhialta atá lán go doras cheana féin nó trí dhreasachtaí a thabhairt do chomhlachtaí móra daoine a earcú. Tiocfaidh formhór na bpost nua ó mhicreachomhlachtaí nó ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide a n-éireoidh go maith leo. Daoine óga a chuirfidh tús lena bhformhór sin. Sin é an fíorphóiteinseal is cóir dúinn a shaothrú. Toisc nach leor dúil agus cumas an duine chun comhlacht a chur ar bun, tá sé beartaithe againn oiliúint agus cláir chun spiorad an fhiontraí a chur chun cinn a áireamh sa churaclam éigeantach. Beidh príomhról aige sin le dul i ngleic leis an dífhostaíocht san Eoraip, go háirithe i measc na ndaoine óga."

In ainneoin na fianaise sin, de ghnáth ní mhúineann na córais oideachais san Eoraip scileanna fiontraíochta. Tá athrú ag teastáil. Agus ba chóir an t-athrú sin a dhéanamh ar gach leibhéal. Iarrtar ar na Ballstáit a chinntiú go gcuimseofar 'fiontraíocht' mar chuid den churaclam i mbunscoileanna, meánscoileanna, gairmscoileanna, agus mar chuid den ardoideachas agus den oideachas do dhaoine fásta roimh dheireadh 2015.

Tá an Coimisiún ag tathant ar ollscoileanna cur lena gcumas fiontraíochta agus a naisc le gnólachtaí a mhéadú, chun gur féidir fiontair bhrabúsacha a dhéanamh de na smaointe is fearr atá ag taighdeoirí agus ag mic léinn.

Tá obair ar bun chun cruthú gnó ag ollscoileanna a éascú, agus chun éiceachórais ollscoile-gnó a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin na sochaí. Forbraíodh creat le haghaidh ollscoileanna fiontraíochta i gcomhar leis an OECD chun cabhrú le hollscoileanna modúil foghlama a cumadh go speisialta a chur i bhfeidhm.

Ní foláir an oiliúint chuí agus tacaíocht do ghnólachtaí nua a bheith lámh le hoideachas atá níos dírithe ar fhiontraíocht. Ba cheart an deis a thabhairt do mhic léinn tréimhse amháin ar a laghad de thaithí phraiticiúil a bheith acu sula bhfágann siad an córas éigeantach oideachais.

Beidh deiseanna nua ann de bharr scéim ráthaíochta don ógra. Úsáidfear an buiséad Eorpach chun oiliúint agus cláir nua foghlama do dhaoine óga a mhaoiniú, agus freisin chun an dara deis ar oideachas a thabhairt do dhaoine fásta.

Tar éis an chéad teagmháil le fiontraíocht a fháil ar scoil agus ar an ollscoil is féidir le fiontraithe ionchasacha taithí phearsanta a fháil agus a ndeiseanna oiliúna agus lionraithe a leathnú amach tríd an gclár malartaithe Erasmus d'Fhiontraithe Óga.

Ní amháin gur dualgas é lámh cúnta a thabhairt do dhaoine óga, ach is chun leasa gach éinne é mar d'fhéadfadh príomhról a bheith ag comhlachtaí nuathionscanta i mborradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch san Eoraip chomh maith le smaointe agus cleachtais ghnó nua a spreagadh.

Tuilleadh eolais Deutsch (de) English (en) français (fr) italiano (it)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr