This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Cosaint agus Slándáil

I dtreo earnála cosanta agus slándála san Eoraip atá níos iomaíche agus níos éifeachtúla

Le blianta fada is faoi chúram na Stát Aontaithe a bhí cúrsaí slándála na hEorpa, ach tá athrú ag teacht ar an scéal sin anois. Ba cheart don Eoraip freagracht níos mó a ghlacadh chuici féin as cúrsaí cosanta. I bhfianaise na laghduithe atá tagtha ar bhuiséid, is é an t-aon bhealach leis an méid sin a bhaint amach, comhar i measc thíortha an AE a mhéadú.

Tá deiseanna móra feabhsúcháin ann. Faoi láthair san Eoraip, níl ach 25 % den soláthar cosanta iomlán tiomnaithe do sholáthar comhoibríoch le haghaidh tionscadal míleata. Úsáidtear an 75 % eile ar leibhéal náisiúnta, agus is minic dúbláil agus córais neamh-chomhoiriúnach mar thoradh air sin. Cuireann an ilroinnt sin bac ar bharainneachtaí scála, plúchann sé cumas nuálaíochta agus ar deireadh cuireann sé acmhainní amú.

Mar shampla, tá 11 soláthróir frigéad ag an AE áit nach bhfuil ach ceann amháin ag na Stáit Aontaithe. I dtíortha an AE tá 17 líne táirgthe ann le haghaidh tancanna cogaidh, i gcomparáid le dhá cheann sna Stáit Aontaithe. Fiú amháin san earnáil aerloingseoireachta, arb í an earnáil is comhdhlúite, tá acmhainní na hEorpa á róleathadh, ar mhaithe le trí chineál éagsúla scairdeitleán forbartha cogaidh a thógáil. Ní amháin go bhfuil sócmhainní á ndúbláil ag an Eoraip, tá sí ag titim chun deiridh i ndáil le príomhtheicneolaíochtaí eile amhail ladrainn.

"Má tá an Eoraip leis an gcumas tionsclaíoch atá inti a chaomhnú chun na riachtanais mhíleata a bheidh orainn amach anseo a chomhlíonadh, agus bunús inchreidte a chur faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta, ní foláir comhbheart ar an leibhéal Eorpach a dhéanamh. Is léir mar sin nach mbeidh ach tionchar teoranta ag cur chuige a théann i ngleic le saincheisteanna tionsclaíocha agus margaidh mura mbeidh ann do chomhaontú substainteach Eorpach. Tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh tionscal cosanta na hEorpa mar lárionad ceannródaíoch le haghaidh déantúsaíochta agus nuálaíochta ar leibhéal domhanda, rud a chruthódh poist do dhaoine ardcháilithe agus a chothódh fás."

Is é réiteach na bhfadhbanna sin comhar agus comhdhlúthú idir gnólachtaí na hEorpa. Tá an dá rud ar bun faoi láthair, ach ag bogadh go mall. Chun dlús a chur leis an bpróiseas, tá bearta simplí molta i bplean gníomhaíochta a d'fhoilsigh an Coimisiún i mí Iúil 2013, chun margaí náisiúnta a oscailt tuilleadh agus chun go mbeidh cumas iomaíochta níos fearr ag comhlachtaí cosanta an AE ar fud an domhain.

Ní comhdhlúthú amháin atá de dhíth, ach caighdeánú níos fearr agus deimhniú coiteann. Ceal deimhnithe choitinn le haghaidh armlóin a lainseáiltear ón talamh, meastar go bhfuil costas €1.5 billiún ar an Eoraip gach bliain, as an €7.5 billiún a chaitear in aghaidh na bliana ar armlón san AE. Ach táimid ag obair ar chur chuige coiteann maidir le deimhniú. Tacaímid freisin le forbairt comhchaighdeán ar fud thíortha an AE, agus tá sé beartaithe againn caighdeáin hibrideacha a fhorbairt le haghaidh táirgí "dé-úsáide" is féidir a úsáid chun críocha míleata agus sibhialtacha araon.

In ainneoin go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar bhuiséid mhíleata, tá an Eoraip chun tosaigh sa domhan maidir le caiteachas ar chosaint. In 2011, ba mhó an caiteachas sin ná caiteachas na Rúise, na Seapáine agus na Síne le chéile. Buiséid chosanta bhliantúla dar luach €19 billiún atá ag an AE agus mar sin tá an cumas aige bheith ina ghníomhaí straitéiseach ar an stáitse idirnáisiúnta, i gcomhréir lena luachanna féin. Chun an méid sin a bhaint amach, ní foláir airgead a infheistiú ar bhealach níos fearr agus, seachas é a chur ar leataobh do phearsanra (an costas is mó i gcónaí in ainneoin go bhfuil sé ag laghdú), an t-airgead a chaitheamh ar thaighde agus ar fhorbairt. Faraor thit caiteachas ar an dá réimse sin 14% idir 2005 agus 2010.

Ní foláir an treocht sin a iompú, mar tá taighde agus forbairt ríthábhachtach chun inniúlachtaí a fhorbairt don todhchaí agus imríonn siad tionchar tábhachtach ar earnálacha eile - amhail an earnáil leictreonaice, earnáil spáis agus an earnáil eitlíochta sibhialta. Caitheann na Stáit Aontaithe, ar ceannródaí iad i gcúrsaí nuálaíochta, seacht n-oiread níos mó airgid ar thaighde agus forbairt sa réimse cosanta ná mar a chaitheann 27 tír an AE le chéile. Iarraimid ar thíortha an AE an méid céanna a dhéanamh agus beartú ar thacú leis an iarracht seo trí bhíthin airgead an AE a chaitheamh ar thaighde agus forbairt i réimse na dteicneolaíochta dé-úsáide.

Tuilleadh eolais English (en)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr