This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Hábhair

Tábhacht na n-amhábhar

Is iad amhábhair bunchloch na tionsclaíochta. Ní bheidh monaróir iomaíoch mura mbeidh rochtain chothrom aige ar na buneilimintí arb iad is ábhar dá tháirgí deiridh. Ba cheannródaí sa réabhlóid thionsclaíoch í an Eoraip agus tá sí ar thús cadhnaíochta fós ó thaobh na tionsclaíochta de ach, mar sin féin, tá taiscí teoranta amhábhar aici. Chun iomaíochas na hEorpa ó thaobh na tionsclaíochta de a choimeád, dá bhrí sin, tá sé riachtanach soláthairtí réimse leathan amhábhar ó thríú tíortha a ráthú.

Tá lantanam, atá ar liosta 17 dtearcithir nach bhfuil mórán daoibh san Eoraip, de dhíth chun cadhnairí nicle a dhéanamh. Príomh-chomhpháirt i ngutháin phóca, ríomhairí glúine agus gluaisteáin hibride is ea lantanam. Tá tantalam de dhíth ar fheistí leighis agus fearas optúil; níl fáil ar an miotal seo ach sa Bhrasaíl agus san Astráil. Go dtí seo, meastar 14 ábhar a bheith criticiúil toisc go bhfuil siad ríthábhachtach do thionscal an AE, ach tá siad gann anseo agus tá sé deacair teacht orthu i margaí eachtracha.

"Cé nach bhfuil a dóthain amhábhair ag tír ar bith, is leochailí í an Eoraip go háirithe toisc go mbíonn sí ag brath ar allmhairithe go leor amhábhar tábhachtach. Mar gheall air sin tá sé i gcroílár straitéis amhábhar na hEorpa anois comhghuaillíocht a lorg agus dul i mbun comhair le tíortha eile. Chun go n-éireoidh leis an straitéis seo, tá sé ríthábhachtach don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith ag gníomhú le chéile agus ag gluaiseacht sa treo céanna."

Féadfar cur leis an liosta de réir mar a dhéanfar níos mó saofa ar mhargaí amhábhar de dheasca beartas trádála cosantaíocha ar nós cánacha onnmhairiúcháin, dleachtanna allmhairiúcháin, socrú praghsanna agus rialacha sriantacha infheistíochta. Mar shampla, rinne an AE gearán in 2012 leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála i gcoinne na Síne mar gheall ar na srianta a bhí á gcur aici ar thearcithreacha a onnmhairiú. Tá méadú ag teacht ar an éileamh ar amhábhair ar fud an domhain, agus praghsanna níos airde atá mar thoradh air sin.

Ina bhfianaise sin, tá gá le "Taidhleoireacht Amhábhar" a bheadh bunaithe ar chur chuige cuimsitheach i ndáil lenár gcomhpháirtithe domhanda, ina mbainfí úsáid as trádáil, forbairt agus rochtain ar amhábhair mar uirlisí sa chaibidlíocht. De réir mar atá margadh na hEorpa – an margadh is mó ar domhan - á oscailt againn d'iomaíocht ón gcoigríoch, ba cheart go mbeimis diongbháilte freisin ó thaobh rochtain a fháil ar acmhainní eachtracha, faoi choinníollacha cothroma.

Tá pléití ar siúl faoi láthair maidir le rochtain ar amhábhair le comhpháirtithe éagsúla, mar shampla: an Airgintín, an tSín, an Ghraonlainn, an tSeapáin, Meicsiceo, an Rúis agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá sé tábhachtach anois go dtiocfaidh comhaontuithe cinntitheacha as na pléití sin.

Comhar leis an nGraonlainn

Ba mhian linn comhar leis an nGraonlainn go háirithe a fheabhsú, rud a rachadh chun tairbhe don dá pháirtí, trí bhíthin bonneagair chomhpháirteacha agus infheistíochtaí comhpháirteacha a úsáid nó trí acmhainní a fhorbairt chun amhábhair a thaiscéaladh agus a shaothrú. Thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, shínigh mé litir intinne maidir le comhar sa réimse seo i mí an Mheithimh 2012 in Nuuk. Shínigh an Coimisinéir AE um Fhorbairt agus Comhar, Andris Piebalgs, agus Príomh-Aire na Graonlainne, Kuupik Kleist, an litir seo freisin. Faoi láthair is cuideachtaí ó Cheanada nó ón Astráil iad 58 % de na cuideachtaí taiscéalaíochta atá ag obair sa Ghraonlainn. Níl ach sciar 15 % de na hoibríochtaí sa Ghraonlainn ag cuideachtaí ón AE (cuideachtaí ón Danmhairg, ón nGearmáin, ón Phoblacht na Seice agus ón Ríocht Aontaithe). Cé go bhfuil trí cinn den cheithre cheadúnas saothrúcháin don Ghraonlainn ag cuideachtaí ón Eoraip, is beag baint atá ag cuideachtaí Eorpacha le gníomhaíochtaí leanúnacha taiscéalaíochta agus níl mórán ceadúnas taiscéalaíochta acu (ag an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin agus an Danmhairg atá a bhformhór).

Rochtain ar amhábhair: Caidreamh fabhrach a bhunú leis an Afraic

Ag ceathrú cruinniú Coláiste-go-Coláiste an AA-AE an 8 Meitheamh 2010 in Addis Ababa, phléigh mé na gnéithe tábhachtacha den chaidreamh idir an dá mhór-roinn: beartas inbhuanaithe chun rochtain ar amhábhair a fheabhsú, agus deiseanna chun lánpháirtiú agus bonneagar réigiúnach a chothú, go háirithe i gcás feidhmiúchán spáis.

Maidir le rochtain ar amhábhair, d'aontaigh Coimisiún an Aontais Afracaigh (CAA) agus an Coimisiún Eorpach go n-oibreoidís le chéile ar chúrsaí a bhaineann le rialachas, bonneagar agus eolas geolaíocha agus scileanna geolaíocha.

I mí Eanáir 2012, sa Bhruiséil, tionóladh Comhdháil Ardleibhéil ar Chomhpháirtíocht an AE agus na hAfraice ar amhábhair dar teideal "Saibhreas na n‑acmhainní mianracha a aistriú isteach i bhforbairt iarbhír don Afraic".

I dtionscnamh an Choimisiúin maidir le hamhábhair, gheall an Coimisiún go leanfadh sé – i gcomhar le tíortha san Afraic - de na féidearthachtaí a mheas i ndáil le tuilleadh comhair idir suirbhéanna geolaíocha an dá mhór-roinn a spreagadh agus comhar i bhfóraim iltaobhacha ar nós Chlár Geo-eolaíochta UNESCO a chur chun cinn.

Ba cheart tús a chur le staidéar scóipe ar an ábhar seo in 2013. Beidh sé mar aidhm aige comhthionscadail a bhunú chun faisnéis faoi thaiscí san Afraic a fheabhsú, chun líonra a bhunú ar mhaithe le hoiliúint a chur ar fáil do na suirbhéanna san Afraic, agus chun sonraí a mhalartú agus a dhigitiú.

Beidh ról ríthábhachtach ag suirbhéanna geolaíocha na hEorpa sa phróiseas seo.

Táirgeadh amhábhair na hEorpa féin a mhéadú

<pá sé tábhachtach freisin inbhuanaitheacht tionscadal mianadóireachta laistigh den Eoraip a fheabhsú. Tá sé tábhachtach creat rialála amhábhar na hEorpa a fheabhsú chun soláthar cobhsaí iomaíoch amhábhar ó fhoinsí san AE a chinntiú. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil ár n-acmhainní teoranta, ní mór dúinn a mhór a dhéanamh dár ndeiseanna teicneolaíochta, agus inbhuanaitheacht thionscal na mianadóireachta á cothú ag an am céanna.

Meastar gurb é isteach is amach le € 100 billiún luach na n-acmhainní mianracha san Eoraip ag doimhneacht 500 – 1000 méadar nár saothraíodh fós. Is mar gheall air sin a bhunaigh an Coimisiún Comhpháirtíocht Eorpach sa Nuálaíocht maidir le hamhábhair, chun táirgeadh dílis na hEorpa a mhéadú. Tugann sé le chéile caipiteal agus acmhainní daonna, na Ballstáit, cuideachtaí agus taighdeoirí in iarrachtaí comhpháirteacha ar nuálaíocht chun tacú le taiscéaladh, baint agus próiseáil amhábhar. Cúnamh chun baint níos doimhne a dhéanamh faoi dhálaí níos déine agus in áiteanna atá níos iargúlta a bheidh sna teicneolaíochtaí nua. Ní mór beart a dhéanamh freisin chun ionadacha ar amhábhair chriticiúla a fhorbairt agus chun feabhas a dhéanamh ar athchúrsáil an 17kg de bhruscar i bhfoirm fearais leictrigh agus leictreonaigh a sholáthraíonn gach saoránach de chuid an AE gach bliain.

Tuilleadh eolais

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr