This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Déan teagmháil leis an Urlabhraí

Baineann tábhacht bhunúsach le rath thionscal na hEorpa agus a chuideachtaí beaga maidir le leas geilleagrach agus sóisialta na saoránach Eorpach. Is í an bhunaidhm atá agam mar Choimisinéir Fiontair agus Tionscail ná a chinntiú go dtiocfaidh na hearnálacha gnó go léir de chuid an AE amach as an ghéarchéim gheilleagrach atá ann faoi láthair níos láidre agus níos iomaíoch ná cheana, agus go mbeidh siad ábalta tacú le fás inbhuanaithe i ngeilleagar láidir margaidh shóisialta.

Le nuachóiriú agus neartú ar chumas tionsclaíoch an AE, cuirfidh siad seo go mór le rath na scéime 2020 de chuid an AE. Sin é an fáth gur mhaith liom súil a chaitheamh arís ar an mbeartas tionsclaíoch atá ann faoi láthair chun go mbeidh an earnáil níos iomaíoch ar leibhéal domhanda. Ba mhaith liom creat a chur i bhfeidhm chun a chur ar chumas mórthionscal agus mionthionscal araon glacadh le ceanglais gheilleagracha agus chomhshaoil an 21ú Aoise i mbealach dinimic, inbhuanaithe agus nuálaíoch. Is é sin ná an 'geilleagar glas' a chur i gcroílár bheartas nua tionsclaíoch ar bith ionas gur féidir leis an Eoraip bheith ina ceannaire domhanda ó thaobh éicéifeachtacht, éicidhearadh agus éicitheicneolaíocht de.

Ta páirt thábhachtach ag Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide sa chaipiteal tionsclaíoch againne. Ní foláir dúinn a gcumas a fhorbairt, go háirithe sa réimse forbartha onnmhairíochta. Bainfidh cuid de seo le rochtain níos fearr a sholáthar dóibh ar mhaoiniú. Tabharfar tacaíocht dóibh ó lá go lá freisin tríd an Acht um Ghnóthais Bheaga a chur chun feidhme go héifeachtach agus an margadh inmheánach a chomhdhlúthú. Ba mhaith liom freisin cultúr nua fiontraíochta agus nuálaíochta a fhorbairt san Eoraip chun timpeallacht a chruthú nach mbeidh eagla ar shaoránaigh ann triail a bhaint as fiontair nua ghnó.

Ar deireadh, tugann an Conradh Liospóin bunús nua dlí dúinn sa bheartas don spás agus sa turasóireacht. Is gné riachtanach é beartas láidir Eorpach don spás a bheith ann agus tacaíocht á chur lenár n-iomaíochas agus le cumas teicneolaíoch ár gcórais thionscail, agus ba mhaith liom a chinntiú go mbainfidh torthaí d’ardchaighdeán le tionscadail ar nós Monatóireachta Domhanda don Chomhshaol agus don tSábháilteacht agus Galileo do shaoránaigh agus do thionscail araon. Ba mhaith liom freisin acmhainn na hearnála turasóireachta a fhorbairt, earnáil atá ar cheann de na gníomhaíochtaí geilleagracha is tábhachtaí san Eoraip cheana.

Táim féin cinnte dearfa nach féidir lenár gcuid sochaithe ceanglais ghnó an lae inniu a chomhlánú ach amháin nuair a oibrítear ar scala domhanda agus Eorpach agus táim ag súil le dul i gcomhair le tionscal, saoránaigh, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus gníomhaithe polaitiúla chun réitigh dheimhneacha a fháil ar na dúshláin romhainn.

Nuashonrú is déanaí: 22/07/2014 |  Barr