This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Fiontraíocht

Poitéinseal fiontraíochta na hEorpa a scaoileadh le borradh a chur faoin bhfás

Chun an ghéarchéim dífhostaíochta san AE a shárú, ní foláir don Eoraip níos mó post a chruthú, agus níos mó fiontraithe a spreagadh. Glactar leis go forleathan go mba cheart obair a bheith ar fáil do gach éinne, ach ní ghlactar leis go forleathan go bhféadfadh daoine atá ag lorg oibre a bpoist féin a chruthú, seachas fanacht ar dhuine eile iad a fhostú.

Tá réabhlóid chultúrtha de dhíth san Eoraip chun an dearcadh ginearálta i leith fiontraithe a athrú. Ba cheart a thuiscint go bhféadfadh duine ar bith comhlacht a bhunú agus a reáchtáil.

Sin fírinne an scéil, ach níl tuiscint ach ag an mbeagán air sin. Ní dúirt ach 37% de mhuintir na hEorpa ar cuireadh ceist orthu gurbh fhearr leo bheith féinfhostaithe seachas a bheith ina bhfostaithe i gcomparáid de 51% den phobal sna Stáit Aontaithe, agus 56% sa tSín. Tá an céatadán san Eoraip ag laghdú.

"Is ionann tuilleadh fiontraithe agus tuilleadh post, tuilleadh nuálaíochta agus tuilleadh iomaíochais. Tá riosca pearsanta agus sáriarracht ag teastáil chun a bheith i d'fhiontraí agus d'fhís a chur i ngníomh. Is iad fiontraithe laochra ár linne. Sa stair eacnamaíoch, is í an fhiontraíocht is mó a thiomáin an fás eacnamaíoch. Ach poitéinseal fiontraíochta na hEorpa a scaoileadh, is féidir linn borradh a cur faoin bhfás arís san Eoraip."

D'fhonn an treocht seo ar ábhar imní í a athrú, tá an Coimisiún ag tathant ar thíortha an AE taithí fiontraíochta a áireamh mar chuid den churaclam éigeantach oideachais. Caithfear dearcadh mhuintir na hEorpa a athrú mar chéad chéim, agus a suim i ngnó a chur ar bun a mhúscailt, ach ní fiú sin má tá timpeallacht an ghnó ródhian, rud atá fíor go minic faoi láthair. Tosaíocht don Choimisiún is ea an maorlathas a shimpliú, do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe. Ach ní leor sin. Ba cheart dúinn fáil réidh leis na bacainní atá ann faoi láthair, agus tacaíocht a sholáthar freisin dóibh siúd is mó atá ina gátar.

Ar an gcúis sin, táimid gníomhach ag iarraidh bheith ag cabhrú le comhlachtaí nuabhunaithe, mar meastar go dteipeann ar a leath de ghnólachtaí nua sna chéad chúig bliana. Spreagtar tíortha an AE le níos mó acmhainní a chur ar leataobh chun cabhrú le gnólachtaí le linn na tréimhse criticiúla sin, chun cabhrú leo lena leithéid oiliúint bainistíochta, oiliúint i dtaighde agus forbairt agus líonrú le piaraí, soláthraithe agus cliaint ionchasacha.

Caithfidh fáil a bheith ag gnó ar a dhóthain airgid le linn saolré an ghnó sin. Tá roinnt tionscnamh ar siúl chun fáil réidh leis na bacainní a cruthaíodh le linn na géarchéime airgeadais.

Is mór an tábhacht a bhaineann le dara seans a thabhairt d'fhiontraithe ionraice tar éis dá ngnó cliseadh, dar leis an gCoimisiún Eorpach, ós rud é go bhfuil sé cruthaithe gurb iad íocaíochtaí déanacha nó fadhbanna praiticiúla eile is cúis le 96% de na clistí sin. Simpleofar freisin na rialacha maidir le húinéireacht gnó a aistriú.

Tá roinnt tionscnamh ar bun chun cabhrú le comhlachtaí ríomhscileanna a fhoghlaim, mar meastar go bhfásann FBManna dhá nó trí oiread níos tapúla nuair a úsáideann siad teicneolaíochtaí faisnéise. Is chun leasa gach éinne atá sé scileanna teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a fhorbairt - beidh inniúlachtaí digiteacha de dhíth do 90% de phoist faoi 2015.

Tuilleadh eolais Deutsch (de) English (en) français (fr) italiano (it)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr