This site has been archived on 18/07/2014
18/07/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Cnuasaigh

Cnuasaigh

Tá isteach is amach le 40% de na hoibrithe san Eoraip fostaithe i ngnólachtaí atá i gcnuasach - sin grúpa gnólachtaí atá dírithe ar earraí faoi leith, atá suite i ngar dá chéile agus a bhraitheann ar shaineolas, seirbhísí, acmhainní, soláthraithe agus scileanna faoi leith. Tá sé tugtha le fios ag Faireachlann Eorpach na gCnuasach go bhfuil timpeall 2 000 cnuasach ann san Eoraip atá tábhachtach ó thaobh staidrimh de agus a rannchuidíonn go leanúnach le nuálaíocht, fás agus poist san Eoraip.

Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil cnuasaigh fíorthábhachtach do bhonn tionsclaíoch na hEorpa, agus gurb iad is bunús lena lán táirgí nuálacha a mhúnlaigh stair eacnamaíoch na hEorpa - idir oibreacha cruach na Lorráine agus na Sárlainne agus sceanra Sheffield; idir limistéar síoda Thuaisceart na hIodáile (atá ina shuíomh avant-garde sa ruaimniú teicstílí) agus oibreacha miotail réigiún na nAlp.

"Tá cnuasaigh an-tábhachtach don fhorbairt réigiúnach. Cothaíonn siad buanna na háite agus baineann siad an úsáid is fearr is féidir as acmhainní agus smaointe. Is crann taca iad i mbonn tionsclaíoch na hEorpa agus ní mór go bhfanfadh an scéal amhlaidh. Tá an ról sin acu leis na céadta bliain. Lena chinntiú go bhfanfaidh siad amhlaidh amach anseo, beidh orainn bheith uaillmhianach agus cur lenár gcnuasaigh den scoth tríd an gcomhar trasteorann agus barr feabhais a mhéadú."

Is é an margadh den chuid is mó a spreagann an cineál sin cnuasaigh. Cruthaítear a lán de na cnuasaigh sin ar an toirt mar thoradh ar bhuntáistí iomaíocha nádúrtha, m.sh. acmhainn shonrach a bheith ar fáil sa réigiún inar fhás siad. A luaithe a bhíonn an cnuasach ar an bhfód, is iondúil go dtagann forbairt ar shlabhraí soláthair in aice láimhe de bharr fhórsaí an mhargaidh. Mar shampla, d’fhás cnuasach do pháirteanna gluaisteán ardteicneolaíochta timpeall ar chathair Stuttgart le páirteanna a sholáthar do dhéantóirí gluaisteán áitiúla, ar nós Daimler agus Porsche. 

Ach ní thagann cnuasaigh ar an bhfód ar an toirt i gcónaí. Le blianta beaga anuas, bhí beartais phoiblí, tionscnaimh ghnó nó ollscoileanna agus institiúidí taighde den scoth ina siocair le cnuasaigh láidre a chruthú. Tá an Coimisiún Eorpach lántiomanta na cnuasaigh atá ann cheana a neartú agus tús áite a thabhairt do chnuasaigh i limistéir ghnó nua.

Cuspóir tábhachtach is ea cuimsiú na gcnuasach Eorpach a mhéadú agus comhar trasnáisiúnta a chothú. Éiríonn níos fearr le cnuasaigh dul chun cinn a dhéanamh i dtimpeallacht fiontraíochta ina bhfuil sineirgí difriúla idir na gnólachtaí áitiúla. I ndomhan atá an-iomaíoch agus an-domhandaithe, tá sé fíorthábhachtach bheith páirteach i slabhraí breisluacha domhanda agus go mbeadh sreabhadh nuálaíochta leanúnach ann.

Sampla maith den teacht aniar sin is ea Sassuolo, baile beag i lár na hIodáile, a bhí ina lárionad do tháirgeadh tíleanna leis na céadta bliain. Tháinig an cnuasach tíleanna chun cinn de bharr ardchaighdeán na cré a bhí timpeall ar an mbaile. Ach ídíodh na fosuithe cré thar na céadta bliain. Ainneoin an méid sin, mar thoradh ar an nuálaíocht agus an feabhas a chuirtear ar na scileanna a cothaíodh thar na blianta, tá Sassuolo agus Faenza (as a dtáinig an t-ainm a úsáidtear sa tíliú – ar a dtugtar “faience” sa Fhraincis) fós ina bpointe tagartha tábhachtach do ghnólachtaí tíleanna – a bhfuil saineolas seachas amhábhar á lorg acu anois.

Tuilleadh eolais English (en)

Nuashonrú is déanaí: 18/07/2014 |  Barr