Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Maidir leis an gComhaontas do Phrintíseachtaí

Is ardán il-gheallsealbhóirí é an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí (EAfA) arb é is aidhm dó:

  • Cáilíocht, soláthar agus íomhá printíseachtaí san Eoraip a neartú
  • Soghluaisteacht printíseach a chur chun cinn

Cuirtear na haidhmeanna sin chun cinn trí ghealltanais náisiúnta agus gealltanais dheonacha ó pháirtithe leasmhara.

I mí Iúil 2020 sheol an Coimisinéir Nicolas Schmit an Comhaontas Eorpach athnuaite do Phrintíseachtaí (EAfA), lenar tugadh spreagadh nua do thiomantas an Aontais do phrintíseachtaí agus lena leagtar amach sé thosaíocht uaillmhianacha.

Bunaíodh na sé thosaíocht athnuaite de chuid EAfA den chéad uair sa phacáiste Tacaíochta Fostaíochta don Aos Óg an 1 Iúil 2020. Ba shintéis iad d’ionchur ó dhoiciméid agus beartais éagsúla de chuid an Aontais, arb é an Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha an chéad cheann díobh.

San áireamh le tosaíochtaí athnuaite EAfA tá an méid seo a leanas:

  • tiomantas a spreagadh do phrintíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha i measc na mBallstát agus cuideachtaí trí chomhghuaillíochtaí printíseachta náisiúnta a chothú
  • tacaíocht a dhreasú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun soláthar cobhsaí printíseachtaí éifeachtacha agus ardchaighdeáin a chur ar fáil
  • údaráis áitiúla agus réigiúnacha a shlógadh mar spreagadh do phrintíseachtaí laistigh den timpeallacht ghnó áitiúil
  • idirphlé sóisialta a neartú trí rannpháirtíocht níos gníomhaí ó eagraíochtaí náisiúnta comhpháirtíochta sóisialta
  • teagmháil réamhghníomhach a dhéanamh le coistí Eorpacha um idirphlé earnála maidir le printíseachtaí, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais chomhpháirteacha earnála
  • tacú le hionadaíocht na bprintíseach sna Ballstáit trí Líonra Eorpach na bPrintíseach (EAN) a athsheoladh

Cé hiad na baill?

Chomh maith le rialtais náisiúnta, áirítear ar chomhaltaí EAfA cuideachtaí agus eagraíochtaí gnó, comhlachais tionscail, tráchtála agus ceardaíochta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí óige agus neamhbhrabúis, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, comhlachtaí agus líonraí gairmiúla chomh maith le hinstitiúidí taighde agus meithleacha machnaimh.

Is ardán é EAfA chun taithí a chomhroinnt agus foghlaim ó dhea-chleachtais. Cuireann sé ar a gcumas do chomhaltaí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhpháirtithe a aimsiú
  • imeachtaí a chur chun cinn
  • smaointe agus gníomhaíochtaí nua a fhorbairt
  • rochtain a chur ar fáil ar an nuacht is déanaí agus ar uirlisí maidir le printíseachtaí

Tá an Comhaontas oscailte do gach Ballstát den Aontas, do thíortha CSTE agus do thíortha is iarrthóirí, agus do pháirtithe leasmhara as na tíortha sin.

Cé na buntáistí?

Éascaíonn printíseachtaí an t-aistriú ón oideachas agus ón oiliúint go dtí an obair. Comhcheanglaíonn siad oiliúint ar an láthair sa chuideachta le hoideachas scoilbhunaithe, agus is cáilíocht a aithnítear go náisiúnta a bhíonn mar thoradh orthu nuair a chuirtear i gcrích í.

Foghlaimíonn printísigh scileanna luachmhara an ionaid oibre i dtimpeallacht ghairmiúil, rud a chinntíonn leibhéal níos airde infhostaitheachta amach anseo

Cuideachtaí a chuireann printíseachtaí ar fáil, is dócha go mbainfidh siad tairbhe as brabús glan ar a n-infheistíocht. Féadfaidh sé go dtarlóidh sé sin le linn na printíseachta, nó go luath ina dhiaidh sin trí oibrí lánoilte a fhostú.

Tugtar le fios san fhianaise go bhfuil leibhéil níos ísle dífhostaíochta i measc na n-óg ag tíortha a bhfuil córas láidir gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) agus printíseachta acu. Is minic a bhíonn caidreamh conarthach idir an fostóir agus an printíseach, agus íoctar an printíseach as a c(h)uid oibre.

Cuireann EAfA fostaíocht don aos óg chun cinn agus tacaíonn sé le haidhm na Ráthaíochta don Aos Óg, agus an éagothromaíocht idir soláthar scileanna agus éileamh ar mhargadh an tsaothair á laghdú ag an am céanna.

Cad atá déanta go dtí seo?

Tá an Comhaontas tar éis Ballstáit an Aontais, tíortha CSTE agus tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas a shlógadh, agus líon mór páirtithe leasmhara a shlógadh chun dul i mbun printíseachtaí ar ardchaighdeán.

D’éascaigh sé líonrú, comhar agus comhroinnt dea-chleachtas leis an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus leis an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) a chuireann saintacaíocht straitéiseach ar fáil.

Chomh maith céanna, rannchuidigh an Comhaontas le feasacht a ardú maidir leis na buntáistí a bhaineann le printíseachtaí.

Ó seoladh an EAfA athnuaite, ghlac comhaltaí páirt i ngníomhaíochtaí comhroinnte eolais amhail Plé Beo, seimineáir ghréasáin agus imeachtaí ardleibhéil.

Tá réimse gníomhaíochtaí cruthaithe ag an gComhaontas chun cuidiú le printíseachtaí ardchaighdeáin agus éifeachtacha a éascú tríd an leabharlann ar líne, trí Mhodúil Oiliúna ar Líne agus trí shraith Podchraoltaí EAfA.

An leathanach seo a chomhroinnt: