Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Scileanna agus cáilíochtaí

An dóigh a n-oibrímid, an dóigh a bhfoghlaimímid, an dóigh a nglacaimid páirt sa tsochaí agus an dóigh a gcaithimid ár saol ó lá go lá, tá sin ar fad ag athrú de bharr forbairtí teicneolaíochta agus dúshláin dhomhanda agus dhéimeagrafacha. Agus na scileanna cearta ag daoine, is fearr is féidir leo iad féin a chur in oiriúint do na hathruithe sin agus a sláinte a chosaint, agus san am céanna cur leis an tsochaí, leis an táirgiúlacht agus leis an bhfás eacnamaíoch.

Sa lá atá inniu ann, is gá do dhaoine scileanna éagsúla a bheith acu. Ina measc sin tá bunscileanna ar nós na litearthachta, na huimhearthachta agus scileanna digiteachascileanna gairme agus teicniúla, scileanna fiontraíochta agus scileanna idirdhisciplíneacha ar nós teangacha iasachta nó forbairt phearsanta agus foghlaim conas foghlaim.

Tá roinnt dúshlán roimh an Eoraip inniu:

  • Tá na dóigheanna a mairimid, a n-oibrímid agus a ndéanaimid teagmháil le chéile á n-athmhúnlú ag an aistriú glas agus ag an aistriú digiteach, agus ní mór dúinn ár réimsí scileanna a athrú má táimid chun lántairbhe a bhaint as na haistrithe sin.
  • Is gá don Eoraip tarraingt ar na buanna agus ar an éagsúlacht uile atá aici chun aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach. San am céanna, cruthófar deiseanna nua fostaíochta i ngeilleagair na scothaoise agus an chúraim.
  • Mar gheall ar phaindéim COVID-19 is gnáthchuid den saol anois iad an teilea-obair agus an chianfhoghlaim do na milliúin daoine san Aontas, agus léirigh an phaindéim na lochtanna atá ar an ullmhacht dhigiteach. Tá tionchar diúltach ag an bpaindéim ar dheiseanna fostaíochta go leor daoine freisin.
  • Tá barraíocht daoine ann nach bhfuil in ann post a fháil toisc nach bhfuil na scileanna cearta acu, nó toisc go bhfuil siad ag obair i bpoist nach dtagann lena mbuanna.
  • San am céanna, ní féidir le 40% d’fhostóirí daoine a bhfuil na scileanna cearta acu a aimsiú chun a bhfolúntais a líonadh; agus níl go leor daoine ann a bhfuil na réimsí scileanna ná an tacaíocht chuí acu le go mothóidís gur rogha réalaíoch é dóibh a ngnó féin a bhunú.
  • Bíonn duine as gach cúigear Eorpach ag streachailt leis an léitheoireacht agus leis an scríbhneoireacht – céatadán atá ró-ard agus do-ghlactha – agus is mó fós líon na ndaoine a bhfuil drochscileanna uimhearthachta agus digiteacha acu.
  • Ba cheart an deis a bheith ag gach duine a scileanna a uasghrádú go rialta – ach ní ghlacann ach ceathrar as gach deichniúr daoine fásta páirt san fhoghlaim.

Is iad na Ballstáit atá freagrach as an oideachas agus as an oiliúint san Eoraip. Tá dúshláin ar leith ag baint le margaí saothair agus le córais oideachais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil ach is ar aon dul le chéile atá na fadhbanna agus na deiseanna atá ag na Ballstáit.

Sin an fáth a bhfuil sé d’aidhm ag na tionscnaimh Eorpacha um scileanna páirtithe leasmhara a spreagadh sna réimsí gníomhaíochta seo a leanas:

Sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip, a seoladh an 1 Iúil 2020, leagtar amach plean gníomhaíochta cúig bliana ina bhfuil 12 ghníomhaíocht a chabhróidh le daoine scileanna níos fearr a shealbhú.

Moltaí tírshonracha a bhaineann le scileanna a fhorbairt, dírítear iad sin ar líon mór Ballstát gach bliain chun a gceapadh beartais náisiúnta a threorú agus cabhraíonn maoiniú ón Aontas chun dearaí beartais a chur i bhfeidhm:

An leathanach seo a chomhroinnt: