Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Teangacha ar ár suíomhanna gréasáin

Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún Eorpach deimhin a dhéanamh de go mbeidh na daoine a thugann cuairt ar an suíomh seo in ann teacht ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu i dteanga a thuigeann siad, fiú murab í a máthairtheanga í.

Eolas i líon mór teangacha

Tá sé d’aidhm againn eolas a chur ar fáil ar ár suíomhanna gréasáin i ngach aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Mura bhfuil ábhar ar leith ar fáil i do rogha teanga de chuid an Aontais, tá méadú tagtha ar líon na suíomhanna gréasáin a chuireann eTranslation, seirbhís mheaisínaistriúcháin an Choimisiúin, ar fáil.

Tá sé d’aidhm againn cothromaíocht réasúnta a bhaint amach idir meas a léiriú ar chainteoirí theangacha an Aontais agus ceisteanna praiticiúla ar nós acmhainní teoranta aistriúcháin. Tá ábhar áirithe ann, an reachtaíocht mar shampla, a bhíonn ar fáil i gcónaí i ngach ceann de theangacha an Aontais. D’fhéadfadh sé nach mbeadh ábhar eile ar fáil ach i dteangacha ina rachfar i bhfeidhm ar an lucht léite is mó, de réir an taighde.

Déantar gach ní a fhoilsiú i mBéarla ar a laghad, mar go bhfuil sé léirithe le taighde gurb é an Béarla teanga dhúchais nó an teanga iasachta is fearr le 90% díobh siúd a théann chuig ár suíomhanna.

Cad iad na teangacha a úsáidtear ar ár leathanaigh ghréasáin?

Ábhar tosaíochta, an reachtaíocht, príomhdhoiciméid pholaitiúla agus roinnt de na leathnaigh ghréasáin de chuid an Choimisiúin is mó ar a dtugtar cuairt ar an bhfearann gréasáin ‘Europa’, cuir i gcás ‘Suíomh oifigiúil an Aontais Eorpaigh’, tá siad ar fáil i ngach aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

Eolas práinneach nó eolas nach mbainfidh tábhacht leis ar feadh i bhfad, d’fhéadfaí é a chur ar fáil i dtosach amach i roinnt teangacha nó in aon teanga amháin go fiú. D’fhéadfaí leaganacha teanga eile a chur ar fáil níos déanaí, ag brath ar riachtanais an phobail.

D’fhéadfaí saineolas (eolas teicniúil, feachtais, glaonna ar thograí, nuacht áitiúil agus imeachtaí áitiúla) a chur ar fáil i roinnt teanga nó in aon teanga amháin go fiú – braitheann an rogha sin ar an lucht léite.