Cad is fianán ann?
Is comhad beag téacs é an fianán. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin sábhálann an suíomh gréasáin an fianán ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste.
- Is éard is fianáin chéadpháirtí ann fianáin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní fhéadann ach an suíomh gréasáin sin na fianáin sin a léamh. Ina theannta sin, féadfaidh suíomh gréasáin seirbhísí seachtracha a úsáid, agus féadfaidh na seirbhísí sin a bhfianáin féin, ar a dtugtar fianáin tríú páirtí, a shocrú freisin.
- Is fianáin iad fianáin rianaithe a shábháiltear ar do ríomhaire ach nach ndéantar iad a scriosadh go huathoibríoch ar do bhrabhsálaí nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí, murab ionann is fianán neamhbhuan, a ndéantar é a scriosadh nuair a dhruideann tú do bhrabhsálaí.
Gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin, iarrtar ort fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú.
Is é an cuspóir leis sin cur ar chumas an tsuímh cuimhneamh ar do shainroghanna (mar shampla d’ainm úsáideora, do theanga, srl) ar feadh tréimhse ama áirithe.
Ar an dóigh sin, ní gá duit iad a chur isteach arís agus tú ag brabhsáil ar an suíomh le linn na cuairte céanna.
Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna.
Conas a úsáidtear fianáin?
Úsáideann suíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh “fianáin chéadpháirtí” den chuid is mó. Is fianáin iad seo atá socraithe agus rialaithe ag an gCoimisiún, ní ag aon eagraíocht sheachtrach.
Chun amharc ar chuid dár gcuid leathanach, áfach, beidh ort glacadh le fianáin ó eagraíochtaí seachtracha.
Bíonn na 3 chineál d’fhianán céadpháirtí a úsáidimid ann chun:
- sainroghanna cuairteoirí a stóráil
- ár suíomhanna gréasáin a chur i mbun feidhme
- sonraí anailísíochta a bhailiú (maidir le hiompraíocht úsáideoirí)
Sainroghanna cuairteoirí
Is muidne a shocraíonn iad sin agus ní féidir ach linn féin iad a léamh. Cuimhníonn siad:
- má dhearna tú beartas fianáin an tsuímh seo a ghlacadh (nó a dhiúltú)
- má thug tú freagra ar ár suirbhé aníos cheana (faoina chuidithí agus atá ábhar an tsuímh) – ionas nach n-iarrfar ort arís é
| Ainm | Seirbhís | Cuspóir | Cineál agus fad an fhianáin |
|---|---|---|---|
| eu_cookie_consent | Pacáiste toilithe fianáin | Stórálann sé do shainroghanna fianáin (ionas nach n-iarrfar ort arís iad) | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| ecsi | Uirlisí le haghaidh suirbhé ar an suíomh gréasáin | Stóráiltear faisnéis faoi cé acu ar thug tú nó nár thug tú freagra ar shuirbhé aníos – ionas nach n-iarrfar sin ort arís. | Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 mhí |
| cck3 | Pacáiste toilithe fianáin | Stórálann sé do shainroghanna d’fhianáin tríú páirtí (ionas nach n-iarrfar ort arís iad) | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
Fianáin oibríochtúla
Bíonn roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Go háirithe:
- fianáin fíordheimhniúcháin
- fianáin theicniúla a bhíonn ag teastáil ó chórais TF áirithe
Fianáin fíordheimhniúcháin
Déantar iad a stóráil nuair a dhéanann tú logáil isteach ar shuíomh de chuid an Choimisiúin trí úsáid a bhaint as ár seirbhís fíordheimhniúcháin (EU Login). Nuair a dhéanann tú é sin, glacann tú leis an mbeartas príobháideachais lena mbaineann.
| Ainm | Seirbhís | Cuspóir | Cineál agus fad an fhianáin |
|---|---|---|---|
| MyECASDomain | Seirbhís Bainistíochta Aitheantais | Cuimhníonn sin ar d’fhearann | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| __Secure_CASTGC | Seirbhís Bainistíochta Aitheantais | Aithníonn sí do sheisiún | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| __Secure_ECAS_SESSIONID | Seirbhís Bainistíochta Aitheantais | Aithníonn sí seisiún reatha na Lársheirbhíse Fíordheimhniúcháin | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| ECAS_PREFS | Seirbhís Bainistíochta Aitheantais |
Cuimhníonn sin ar do shocruithe agus do shainroghanna: aitheantas úsáideora, ainm úsáideora, beartas fianáin aitheanta, modh ardchodarsnachta, modh príobháideachais, amharc ar shonraí an chuntais tar éis an logáil isteach, an neart deiridh arna roghnú |
Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| CASPRIVACY |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| CASTGC |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| EURES_CAS_LOGGED_IN |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis fíordheimhniúcháin EURES | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
Féadfaidh sé go n-athróidh ainmneacha na bhfianán sin, ar chúiseanna teicniúla (go háirithe __Secure-CASTGC agus __Secure-ECAS_SESSIONID).
Fianáin theicniúla
| Ainm | Seirbhís | Cuspóir | Cineál agus fad an fhianáin |
|---|---|---|---|
| has_js | Ardán bainistíochta ábhair chorparáidigh, bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Drupal |
Cinneann sé cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Javascript cumasaithe ar do bhrabhsálaí. Ligeann sé sin dár suíomhanna gréasáin feidhmiú go cuí. |
Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| JSESSIONID / CFID / CFTOKEN | Ardán TF Java / Ardán TF Coldfusion | Coinníonn siad do sheisiún slán, le linn do chuairte. | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| ecsi | Uirlisí le haghaidh suirbhé ar an suíomh gréasáin | Stóráiltear faisnéis faoi cé acu ar thug tú nó nár thug tú freagra ar shuirbhé aníos – ionas nach n-iarrfar sin ort arís. |
Fianán rianaithe céadpháirtí, 1 mhí |
| theoplayer-session-id | Seinnteoir físeán na Seirbhíse Closamhairc | Cumasaíonn sé anailísíocht an tseinnteora féin, níl sé in úsáid faoi láthair. | Eochair localStorage, sonraí seasmhacha |
| theoplayer-stored-network-info | Seinnteoir físeán na Seirbhíse Closamhairc | Cuireann sé ar chumas chóras measta bandaleithid an tseinnteora cinneadh a dhéanamh faoin mbandaleithead tosaigh is fearr agus eispéireas an úsáideora a fheabhsú. |
Eochair localStorage, sonraí seasmhacha |
| EURES_CVO_SESSION_ID |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis seisiúin EURES | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| EURES_JVSE_SESSIONID |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis seisiúin EURES | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| EURES_LF_MARKETPLACE_SESSIONID |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis seisiúin EURES do Liferay | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| EURES_LF_PLUGINS_SESSIONID |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis seisiúin EURES do Liferay | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| LFR_SESSION_STATE_xxxxx |
EURES – an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile |
Faisnéis seisiúin EURES do Liferay | Fianán neamhbhuan céadpháirtí, a scriostar tar éis duit do bhrabhsálaí a dhruidim |
| cck1atlassian-analytics.confluence.lock | Vicithe poiblí | Coinníonn sé anailísíocht Confluence díchumasaithe |
Eochair localStorage, sonraí seasmhacha |
| confluence.sidebar.width | Vicithe poiblí | Cuimhníonn sé ar leithead an taobh-bharra |
Eochair localStorage, sonraí seasmhacha |
| jquery.feature.detection.cache | Vicithe poiblí | Braitheann sé é nuair a lódáiltear leathanach ó thaisce an bhrabhsálaí |
Eochair localStorage, sonraí seasmhacha |
| jquery.feature.detection.cache.useragent | Vicithe poiblí | Cuimhníonn sé an bhfuil gné ar leith ar fáil sa bhrabhsálaí. |
Eochair localStorage, sonraí seasmhacha |
Fianáin anailísíochta
Úsáidimid iad seo le haghaidh taighde inmheánach faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí go léir.
Ní dhéanann na fianáin ach an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir gan ainm (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a shainaithint go pearsanta).
Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach leis an gCoimisiún.
Is féidir leat na cineálacha sin fianán a dhiúltú – leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt nó ag Europa Analytics.
| Ainm | Seirbhís | Cuspóir | Cineál agus fad an fhianáin |
|---|---|---|---|
| _pk_id# | Seirbhís anailísíochta gréasáin chorparáidigh, atá bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Matomo | Aithníonn sí cuairteoirí ar an suíomh gréasáin (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta faoin úsáideoir). | Fianán rianaithe céadpháirtí, 13 mhí |
| _pk_ses# | Seirbhís anailísíochta gréasáin chorparáidigh, atá bunaithe ar bhogearraí foinse oscailte Matomo |
Aithníonn sí na leathanaigh ar ar amharc an t-úsáideoir céanna le linn na cuairte céanna. (ar bhonn anaithnid – ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta faoin úsáideoir). |
Fianán rianaithe céadpháirtí, 30 nóiméad |
Fianáin tríú páirtí
Léiríonn cuid dár leathanaigh ábhar ó sholáthraithe seachtracha, e.g. YouTube, Facebook agus Twitter.
Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí seo, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha ar dtús. Áirítear leis sin a mbeartais fianáin, nach bhfuil aon smacht againn orthu.
Ach mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáiltear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas.
Soláthraithe tríú páirtí ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin
You Tube
Internet Archive
Google Maps
Twitter
TV1
Vimeo
Microsoft
Facebook
Google
LinkedIn
Livestream
SoundCloud
Parlaimint na hEorpa
Bíonn na seirbhísí tríú páirtí seo saor ó rialú an Choimisiúin. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, srl a athrú ag am ar bith.
Conas a choinnítear smacht ar na fianáin?
Is féidir leat fianáin a bhainistiú nó a scriosadh de réir mar is mian leat – gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi sin ag aboutcookies.org.
Fianáin a bhaint de do ghléas
Is féidir leat na fianáin go léir atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Bainfidh sé sin na fianáin go léir ó na suíomhanna gréasáin go léir ar ar thug tú cuairt.
Bíodh a fhios agat áfach go bhféadfá roinnt faisnéise a sábháladh a chailliúint (e.g. sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh srl).
Fianáin a bhaineann go sonrach le suíomh a bhainistiú
Chun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh, seiceáil na socruithe príobháideachais agus fianáin i do bhrabhsálaí sainroghnaithe
Fianáin a bhlocáil
Is féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú chun bac a chur ar fhianáin a bheith curtha ar do ghléas, ach tharlódh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh/leathanach. Agus tharlódh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí go cuí ar chor ar bith (e.g. logáil isteach ar phróifíl).
Ár bhfianáin anailísíochta a bhainistiú
Is féidir leat do shainroghanna maidir le fianáin ó Europa Analytics a bhainistiú ar leathanach Europa Analytics.