Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

An ais Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta de EaSI

Tá dhá roinn théamacha ann a fhaigheann tacaíocht faoin ais don Mhicreamhaoiniú agus don Fhiontraíocht Shóisialta:

Cuspóirí

  • Tuilleadh micreamhaoinithe a bheith ar fáil do mhicrifhiontair agus do ghrúpaí leochaileacha ar mian leo gnó a bhunú, sin agus cur leis an rochtain ar an maoiniú sin.
  • Fothú a dhéanamh ar an acmhainn institiúideach atá i lucht soláthair micrichreidmheasa.
  • Tacú le forbairt na bhfiontar sóisialta, go háirithe trí rochtain ar mhaoiniú a éascú.

Maoiniú

Ráthaíocht EaSI

De thairbhe Ráthaíocht an EaSI, tá EUR 96 mhilliún ar fáil cheana do sholáthraithe leasmhara micrichreidmheasa agus d’fhiontair shóisialta. Cuirfidh sé ar chumas soláthraithe micrichreidmheasa agus infheisteoirí i bhfiontair shóisialta maoiniú a thairiscint d’fhiontraithe, rud nach mbeadh ar a gcumas a dhéanamh murach sin, de dheasca na rioscaí atá ag gabháil leis. Tá an Ciste Eorpach Infheistíochta roghnaithe ag an gCoimisiún ar an eintiteas iontaobhais a chuirfidh Ráthaíocht EaSI chun feidhme.

Chun iarratas a dhéanamh ar Ráthaíocht EaSI (ráthaíocht dhíreach nó frithráthaíocht), tabhair freagra ar ghlao ar léiriú spéise ar shuíomh gréasáin an Chiste Eorpaigh Infheistíochta.

Acmhainní EaSI a fhorbairt

Tá EUR 16 mhilliún ar fáil tríd an bhFuinneog Infheistíochtaí chun Acmhainní EaSI a fhorbairt. Tá sé d’aidhm aici borradh a chur faoi chumas institiúideach idirghabhálaithe airgeadais áirithe nach bhfuil inbhuanaithe go fóill nó a bhfuil caipiteal riosca de dhíth orthu d’fhonn fás agus forbairt na n-idirghabhálaithe sin a chothú. Cumhdaíonn sé an cothromas, agus i gcásanna eisceachtúla, cumhdaíonn sé iasachtaí chomh maith. Tá an Ciste Eorpach Infheistíochta roghnaithe ag an gCoimisiún ar an eintiteas iontaobhais a chuirfidh an Fhuinneog Infheistíochtaí chun Acmhainní EaSI a fhorbairt chun feidhme.

Chun iarratas a dhéanamh ar an bhFuinneog Infheistíochtaí chun Acmhainní EaSI a fhorbairt, tabhair freagra ar ghlao ar léiriú spéise ar shuíomh gréasáin an Chiste Eorpaigh Infheistíochta.

Ionstraim arna maoiniú ag EaSI

Is ciste iasachta €200 milliún í an Ionstraim arna maoiniú ag EaSI. Cuirtear iasachtaí sinsearacha agus fo-iasachtaí ar fáil léi d’institiúidí micreamhaoiniúcháin agus d’iasachtóirí fiontair shóisialta chun borradh a chur faoi lean-iasachtú le micrifhiontair agus le fiontair shóisialta. 

Is é is aidhm don ionstraim arna maoiniú ag EaSI rochtain níos fearr ar airgeadas a thabhairt do mhicrifhiontair, daoine féinfhostaithe agus iad siúd a fhostaíonn daoine leochaileacha ina measc, chomh maith le fiontair shóisialta, chun tacú le cruthú post agus leis an gcuimsiú sóisialta.

Is comhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta é an ciste iasachta. Roghnaíodh an Ciste Eorpach Infheistíochta mar bhainisteoir an chiste.

Cúnamh teicniúil

Cúnamh Teicniúil EaSI do Mhicreamhaoiniú

Is éard a dhéanann seirbhísí Cúnamh Teicniúil EaSI do Mhicreamhaoiniú tacaíocht a thairiscint d’idirghabhálaithe airgeadais poiblí agus príobháideacha atá gníomhach in earnáil an mhicreamhaoinithe san Eoraip. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí cumhdaithe ag na seirbhísí, gníomhaíochtaí arb éard is sprioc dóibh feabhas a chur ar phróisis inmheánacha na n-institiúidí micreamhaoinithe, mar aon le méadú a chur ar an rochtain ar mhaoiniú, sin agus éiceachóras Eorpach inbhuanaithe a thabhairt chun cinn i réimse an mhicreamhaoinithe.

Áirítear na seirbhísí seo a leanas i measc na seirbhísí sin: measúnuithe institiúideacha, oiliúint shainiúil, an oiliúint san ullmhacht don infheistíocht, an grádú airgeadais nó sóisialta (roghnach), ceardlanna agus cuairteanna léinn, Deasc chabhrach faoi leith, oiliúint i gcur chun feidhme Chód na hEorpa um Dhea-Iompar, agus sa mheasúnú comhlíontachta a dhéantar i ndáil leis an gCód sin.

Cód na hEorpa um Dhea-Iompar i Soláthar an Mhicrichreidmheasa  

Féachann an Coimisiún Eorpach leis an scothchleachtas a chur chun cinn i réimse an mhicreamhaoinithe. Sin é an fáth ar sheas an Coimisiún Eorpach le dearadh agus le cur chun feidhme sraith choiteann treoirlínte ar a dtugtar Cód na hEorpa um Dhea-Iompar i Soláthar an Mhicrichreidmheasa (an Cód).

Is éard is aidhm don chód treoir don scothchleachtas a leagan amach i gcomhair na ngeallsealbhóirí ar fad san earnáil, idir lucht maoinithe, lucht infheistíochta, chustaiméirí, úinéirí, agus lucht rialta. Tharlódh ceachtar de dhá ní i gceist d’institiúidí leasmhara:

  • Institiúidí a fhaigheannmicreamhaoiniú nach ó bhanc é, is féidir teastas comhlíontachta a bhronnadh orthu faoin gCód
  • Bancanna a chuireann micreamhaoiniú ar fáil, is féidir leo formhuiniú a dhéanamh ar an gCód

Institiúidí micreamhaoinithe gur suim leo tairbhe a bhaint as tacaíocht an Aontais faoi ionstraimí airgeadais EaSI, tá sé de réamhriachtanas dóibh a n-ainm a chur leis an gCód, sin nó formhuiniú a dhéanamh air.

Cúnamh Teicniúil EaSI do mhaoiniú fiontair shóisialta

Is éard a dhéanann Cúnamh Teicniúil EasSi don mhaoiniú i gcomhair na bhfiontar sóisialta tacaíocht a thairiscint d’idirghabhálaithe airgeadais poiblí agus príobháideacha atá gníomhach i réimse airgeadas na bhfiontar sóisialta san Eoraip.

Tá réimse leathan gníomhaíochtaí cumhdaithe ag na seirbhísí, gníomhaíochtaí arb éard is sprioc dóibh cur leis an acmhainn atá i lucht soláthair airgeadais na bhfiontar sóisialta, sin agus malartú agus craobhscaoileadh na ndea-chleachtas a chothú san earnáil seo san Eoraip. Ina measc sin, tá an oiliúint shainiúil i gcomhair shainriachtanais na n-idirghabhálaithe, an oiliúint san ullmhacht don infheistíocht, an oiliúint idir piaraí, cuairteanna léinn, agus ceardlanna airgeadais sna fiontair shóisialta.

Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh ann?

Ní mhaoiníonn an Coimisiún Eorpach fiontraithe ná fiontair shóisialta go díreach, ach cuireann sé ar chumas soláthraithe micrichreidmheasa agus infheisteoirí sna fiontair shóisialta san Aontas méadú a chur ar na hiasachtaí a chuireann siad ar fáil.

Is féidir le heagraíocht iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú más eagraíocht phoiblí nó phríobháideach í, bíodh sí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, agus más eagraíocht í a chuireann micrichreidmheas ar fáil do dhaoine agus do mhicrifhiontair agus/nó a chuireann maoiniú ar fáil d'fhiontair shóisialta sna tíortha sin.

An leathanach seo a chomhroinnt: