Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Comhordú Shlándáil Shóisialta an AE

Cuireann an tAontas Eorpach rialacha comhchoiteanna ar fáil chun do chearta slándála sóisialta a chosaint agus tú ag gluaiseacht laistigh den Eoraip (27 mBallstát an Aontais + an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis). Tá rialacha sonracha comhordúcháin i bhfeidhm maidir leis an Ríocht Aontaithe. Na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta, ní chuireann siad aon chóras amháin Eorpach in ionad na gcóras náisiúnta atá ann cheana. Is faoi gach tír ar leith atá sé a chinneadh cé na daoine atá le cur faoi árachas faoina reachtaíocht féin, cé na sochair is ceart a thabhairt agus cé na coinníollacha a ghabhann leis sin.

Cé leis a mbaineann na rialacha seo?

Na ceithre phríomhphrionsabal

  1. Níl tú cumhdaithe ach faoi reachtaíocht aon tíre amháin ag aon am amháin agus mar sin ní íocann tú ranníocaíochtaí ach in aon tír amháin. Is iad na hinstitiúidí slándála sóisialta a chinneann cén reachtaíocht náisiúnta a bhaineann leatsa. Ní féidir leatsa an rogha sin a dhéanamh.
    Féach leat cé na rialacha a bhaineann leatsa
  2. Tá na cearta céanna agat agus na hoibleagáidí céanna ort agus atá ag náisiúnaigh na tíre ina bhfuil tú cumhdaithe. Prionsabal na córa comhionainne nó an neamh-idirdhealaithe a thugtar air sin.
  3. Nuair a dhéanann tú éileamh ar shochar, cuirtear san áireamh do thréimhsí árachais, oibre nó cónaithe i dtíortha eile roimhe sin más gá.
  4. Má tá tú i dteideal sochar airgid ó thír amháin, go hiondúil bíonn tú in ann é a fháil fiú agus tú i do chónaí i dtír eile. Prionsabal na hin-onnmhairitheachta a thugtar air sin.

Tuilleadh eolais

Ó bhí an 1 Bealtaine 2010 ann, tá feidhm ag Rialacháin nua maidir le comhordú nuachóirithe (Rialacháin 883/2004 agus 987/2009). Féach na ceisteanna coitianta chun tuilleadh eolais a fháil ina leith sin.  Tuilleadh eolais faoi rialacha slándála sóisialta na tíre a bhaineann leat.

An 13 Nollaig 2016 mhol an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le comhordú ar an tslándáil shóisialta. Tá an togra á phlé faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Cabhair uait fós?

Nach bhfuair tú an t-eolas atá uait? 

Cuir fiosrúchán isteach trí Europe Direct 00800 6 7 8 9 10 11
Réitigh fadhbanna le córas riaracháin náisiúnta (SOLVIT)
Faigh comhairle dlí ón tseirbhís ‘An Eoraip Agatsa – Comhairle’

An leathanach seo a chomhroinnt: