Tá an leathanach seo ar fáil sna teangacha seo a leanas:

Foirm chun gearán a dhéanamh faoi shárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh

1. Maidir leis an bhfoirm ghearáin seo

Is féidir an fhoirm seo a úsáid chun gearán a dhéanamh má shíleann tú go bhfuil dlí an Aontais sáraithe ag Ballstát.

Tabhair do d'aire, áfach, nach dócha gur réiteach díreach ar do chás féin a bheidh sa mhéid a dhéanfaidh an Coimisiún mar gheall ar do ghearán:

  1. Níl aon cheangal ar an gCoimisiún an nós imeachta foirmiúil um shárú a thionscnamh – fiú má tá sé den tuairim go bhfuil sárú ann.
  2. Sa chás go gcuirfidh an Coimisiún próiseas foirmiúil ar bun i leith do ghearáin, is aidhm ghinearálta a bheidh aige – a chinntiú go ndéanfar dlíthe an Bhallstáit atá i gceist a chur ar aon dul le dlí an Aontais agus iad a chur i bhfeidhm i gceart.
    Má dheimhníonn Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa go bhfuil sárú ar dhlí an Aontais ann, caithfidh an Ballstát atá i gceist beart a dhéanamh chun an sárú a chur ina cheart.

Chun réiteach a fháil láithreach ar do chás féin, nó chun cúiteamh a fháil, ní mór duit sásamh a lorg sa Bhallstát a mbaineann an gearán leis.

  • más gá cinneadh a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta a chur ar ceal chun do ghearán a réiteach, is iad cúirteanna na tíre sin, agus iadsan amháin, atá in ann sin a dhéanamh.
  • má tá tú ag lorg cúiteamh i leith damáistí, is ag cúirteanna na tíre sin amháin atá an chumhacht tabhairt ar na húdaráis i ndlínse na tíre sin an cúiteamh sin a íoc.

Nuair a chuirtear gearán faoi bhráid an Choimisiúin, ní chuirtear ar fionraí an teorainn ama le tús a chur le caingean dlí faoin dlí náisiúnta.

Má tá comhairle níos sainiúla de dhíth ort, is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís fiosrúcháin. Is féidir leat eolas a fháil sa ráiteas príobháideachais faoin gcaoi a gcosnaíonn an Coimisiún do shonraí pearsanta. Ná bíodh aon sonraí pearsanta de chuid tríú páirtithe nó sonraí pearsanta íogaire i do ghearán, mura bhfuil géarghá leo chun do ghearán a láimhseáil.

  • (éigeantach)

Tabhair do d'aire: Réimsí a bhfuil réiltín ((éigeantach)) ag gabháil leo, is gá iad a líonadh isteach.

 

2. Eolas faoin ngearánach

Féadfaidh an Coimisiún ríomhphoist a fháil ó ‘sheirbhís ríomhphoist dheimhnithe’ (e.g. ...@pec.it), ach ar chúiseanna teicniúla ní féidir linn freagraí a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist deimhnithe. Dá bhrí sin, ba cheart duit seoladh ríomhphoist caighdeánach agus/nó seoladh poist caighdeánach a thabhairt san fhoirm ghearáin, ionas gur féidir linn freagra a thabhairt ort.

Tá an gearán á chur isteach agam… (éigeantach)

Sonraí an ionadaí












Do chuid sonraí / Sonraí an ghearánaigh













Cé a bheidh ina theagmhálaí oifigiúil ag an gCoimisiún don chomhfhreagras uile maidir le do ghearán? (éigeantach)

 

3. Sonraí an údaráis nó an chomhlachta a bhfuil tú ag déanamh gearáin faoi









 

4. Bearta náisiúnta a bhfuil amhras ann go sáraíonn siad dlí an Aontais

Liostaigh na bearta náisiúnta sonracha (dlí náisiúnta nó bearta eile rialála nó riaracháin) a cheapann tú a sháraíonn dlí an Aontais agus sonraigh an chaoi a sáraíonn siad dlí an Aontais.


An dlí den Aontas a sáraíodh, dar leat

Dlíthe den Aontas (m.sh. conarthaí, rialacháin, treoracha, cinntí) nó bunphrionsabail de chuid dhlí an Aontais.

Mura bhfuil tú cinnte cén dlí den Aontas a sáraíodh, is féidir dul i dteagmháil le An Eoraip Agatsa – Comhairle


 

5. Cur síos ar an bhfadhb


An bhfaigheann an Ballstát lena mbaineann maoiniú ón Aontas i dtaobh an ruda a bhfuil tú ag gearán faoi (nó an bhféadfadh sé an maoiniú sin a fháil amach anseo)? (éigeantach)

An le sárú ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann do ghearán? (éigeantach)


 

6. Doiciméid tacaíochta

Liostaigh aon doiciméad tacaíochta nó aon fhianaise a d'fhéadfá a chur chuig an gCoimisiún dá n-iarrfaí sin ort.

Tabhair do d'aire nach féidir leat aon doiciméad a chur i gceangal ag an gcéim seo, ach d'fhéadfadh sé go mbeimis i dteagmháil leat lena iarraidh ort na doiciméid a chur chugainn más gá.


 

7. Iarrachtaí a rinneadh roimhe seo an fhadhb a réiteach

Tabhair do d'aire:

Beart a dhéanamh nó caingean a thabhairt sa Bhallstát lena mbaineann, sin an t-aon bhealach chun réiteach díreach ar do chás féin a fháil, nó chun cúiteamh a fháil. Ní bheidh tionchar ag nós imeachta foirmiúil um shárú a chuirfidh an Coimisiún ar bun air.

An ndearna tú beart/ar thóg tú caingean cheana féin sa Bhallstát féin féachaint an fhadhb a réiteach? (éigeantach)

Céard atá déanta agat cheana féin? (éigeantach)

Cén fáth nach ndearna tú beart/nár thóg tú caingean chun an fhadhb a réiteach sa Bhallstát féin? (éigeantach)

Tabhair do d'aire:

Is cóir cuimhneamh ar bheart a dhéanamh nó caingean a thabhairt sa Bhallstát féin. Beidh tú in ann do chearta a éileamh go díreach agus go pearsanta ach na bealaí náisiúnta sásaimh a úsáid.

An ndeachaigh tú i dteagmháil le haon cheann d'institiúidí nó de sheirbhísí an Aontais Eorpaigh a bhíonn ag plé le fadhbanna den chineál seo?

Iontráil uimhir thagartha (formáid: XXXX/BBBB) an chomhfhreagrais le Parlaimint na hEorpa:

Iontráil uimhir thagartha (formáid: XXXX/BBBB/AB) an chomhfhreagrais leis an Ombudsman Eorpach:

Iontráil uimhir thagartha an chomhfhreagrais leis an gCoimisiún Eorpach:

Iontráil uimhir thagartha (formáid: XXXX/BB/CC) an chomhfhreagrais le SOLVIT:

An eol duit aon bheart/chaingean sa Bhallstát féin a chlúdaíonn an fhadhb lena mbaineann do ghearán?

 

8. Súil siar ar na sonraí

Caith súil siar ar na sonraí atá iontráilte agat san fhoirm seo sula gcuirfidh tú ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach í.

Más mian leat aon athrú a dhéanamh, cliceáil ar an gcnaipe Siar le dul siar chuig na leathanaigh roimhe.

 

9. Seiceáil slándála


 

10. Údarú

Iarraimid ort cead a thabhairt dúinn do chéannacht a nochtadh do na húdaráis a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu.

Is údarú roghnach é seo ach i gcásanna áirithe d'fhéadfadh sé go mbeadh sé ní b'fhusa déileáil le do chás dá bhféadfaí do chéannacht a nochtadh.

An bhfuil cead ag an gCoimisiún do chéannacht a nochtadh nuair a bheidh teagmháil aige leis na húdaráis a bhfuil tú ag déanamh gearáin fúthu? (éigeantach)

Cliceáil ar an gcnaipe Seol isteach chun do ghearán a sheoladh isteach chuig an gCoimisiún Eorpach.

Tar éis dó do ghearán a fháil, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • clárófar do ghearán agus dearbhófar, laistigh de 15 lá oibre, go bhfuarthas é
  • déanfar do ghearán a mheas laistigh de 12 mhí (más ceist an-chasta atá ann, d'fhéadfadh tuilleadh ama a bheith de dhíth)
  • más cuí, molfar an gearán a chur ar aghaidh chuig an sásra réitithe fadhbanna is oiriúnaí
  • coinneofar ar an eolas thú faoin méid atá déanta i leith do ghearáin.