Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Dlí an tsaothair

Cad is dlí an tsaothair ann?

Is i ndlí an tsaothair a leagtar síos do chearta agus d'oibleagáidí mar oibrí nó mar fhostaitheoir.

Clúdaíonn dlí an tsaothair san Aontas dhá phríomhréimse:

  • dálaí oibre – uaireanta oibre, obair pháirtaimseartha agus obair théarma shocraithe, postú oibrithe,
  • oibrithe a chur ar an eolas agus comhairliúchán a dhéanamh leo faoi iomarcaíocht chomhchoiteann, aistriú cuideachtaí, etc.

Conas a fheidhmíonn sé?

An tAontas agus dlí an tsaothair

Tá sé mar aidhm ag beartais an Aontais le blianta anuas

  • ráta ard fostaíochta agus cosaint shóisialta láidir a bhaint amach,
  • dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú,
  • comhtháthú sóisialta a chosaint.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas dul chun cinn sóisialta a chothú agus dálaí maireachtála agus oibre mhuintir na hEorpa a fheabhsú – féach brollach an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ó thaobh dhlí an tsaothair de, cuireann an tAontas leis na tionscnaimh bheartais a dhéanann na Ballstáit iad féin trí íoschaighdeáin a leagan síos. I gcomhréir leis an gConradh – go háirithe Airteagal 153 de – glacann sé dlíthe (treoracha) a leagann síos íoschaighdeáin maidir le

  • dálaí oibre agus fostaíochta,
  • oibrithe a chur ar an eolas agus comhairliúchán a dhéanamh leo.

Is féidir leis na Ballstáit féin leibhéil cosanta níos airde a chur ar fáil más mian leo é. Mar shampla, tá oibrithe i dteideal 4 sheachtaine saoire le pá in aghaidh na bliana de réir na Treorach Eorpaí um Am Oibre, ach is iomaí Ballstát inar leagadh síos teidlíocht níos féile ná sin.

Údaráis náisiúnta agus dlí an tsaothair

Glacann an tAontas treoracha a mbíonn ar na Ballstáit a ionchorprú sa dlí náisiúnta agus a chur chun feidhme. Fágann sé sin gurb iad na húdaráis náisiúnta – lucht cigireachta agus na cúirteanna, mar shampla – a dhéanann na rialacha a fhorghníomhú.

Lárionad Eorpach Saineolais

In 2016, bhunaigh an tAontas Eorpach lárionad Eorpach saineolais do na réimsí seo: dlí an tsaothair, an fhostaíocht agus beartas an mhargaidh saothair. Leis an lárionad saineolais cumhdaítear na gnéithe reachtaíochta, rialála, eacnamaíocha agus beartais de na margaí fostaíochta agus saothair, lena n-áirítear athchóirithe, sna 27 mBallstát, sa Ríocht Aontaithe, i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), sna tíortha is iarrthóirí agus is iarrthóirí ionchasacha atá incháilithe chun páirt a ghlacadh san ais 'Progress' de Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta.

Ó thaobh dhlí an tsaothair de, is iad príomhchuspóirí an lárionaid Eorpaigh saineolais:

  • cabhrú leis an gCoimisiún dlí an Aontais Eorpaigh a cur i bhfeidhm i gceart sna Ballstáit uile agus faireachán a dhéanamh ar athchóirithe ar reachtaíocht an tsaothair mar chuid de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh i gcomhthéacs straitéis 2020 an Aontais Eorpaigh;
  • cur le cumas an Choimisiúin aon saincheisteanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh chur i bhfeidhm Threoracha an Aontais Eorpaigh a thuar, agus anailís a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí a d'fhéadfadh a bheith ann agus ar thionchar rialuithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
  • feasacht a fheabhsú agus díospóireacht phoiblí a chur chun cinn ar shaincheisteanna ábhartha maidir le dlí saothair an Aontais Eorpaigh.

Is féidir leat na tuarascálacha míosúla maidir le forbairtí i réimse dhlí an tsaothair sna Ballstáit agus i dtíortha LEE a cheadú.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus dlí an tsaothair

Nuair atá díospóid os comhair cúirt náisiúnta a bhaineann le ceist faoi conas treoir ón Aontas Eorpach a fhorléiriú, is féidir leis an gcúirt sin an tsaincheist a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ansin tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na freagraí don chúirt náisiúnta a theastaíonn uaithi chun an díospóid a réiteach.

An Coimisiún Eorpach agus dlí an tsaothair

Seiceálann an Coimisiún go ndéantar na treoracha ón Aontas a ionchorprú sa dlí náisiúnta agus cinntíonn sé, trí fhaireachán córasach, go gcuirtear na rialacha chun feidhme i gceart.

Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil treoir ionchorpraithe i gceart sa dlí náisiúnta ag Ballstát, féadfaidh sé tús a chur le himeachtaí um shárú.

Ar an dóigh sin, cinntíonn sé go bhfuil na cearta ar fad atá leagtha amach sna treoracha ar fáil sa dlí náisiúnta. Ní féidir leis an gCoimisiún sásamh a chur ar fáil do dhaoine aonair (i.e. cúiteamh díobhála a thabhairt dóibh nó cás a chur ina cheart) – is faoi na húdaráis náisiúnta inniúla atá sé é sin a dhéanamh.

Cén toradh a bhíonn air?

Tá os cionn 240 milliún oibrí san Aontas Eorpach, mar sin de téann na cearta atá acu faoi dhlí saothair an Aontais Eorpaigh chun tairbhe go díreach do líon mór saoránach agus déanann siad difear dearfach i gcuid ríthábhachtach phraiticiúil dá saol.

Thairis sin, téann dlí saothair an Aontais Eorpaigh chun tairbhe d'fhostóirí agus don tsochaí ar fad mar

  • cuireann sé creat follasach de chearta agus d'oibleagáidí sa láthair oibre ar fáil,
  • déanann sé sláinte an fhórsa oibre a chosaint,
  • cuireann sé fás eacnamaíoch inbhuanaithe chun cinn.

Tá dlúthbhaint idir dlí saothair an Aontais Eorpaigh agus an margadh aonair. Caithfidh rialacha dhlí an tsaothair a bheith ann in éineacht le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus oibrithe ionas go mbeidh tíortha agus cuideachtaí in iomaíocht le chéile go cóir ar bhonn mhaitheas a dtáirgí – seachas trí chaighdeáin fostaíochta a ísliú.

An leathanach seo a chomhroinnt: