ALMA: tionscnamh gníomhach cuimsithe do dhaoine óga © Getty Images Seasann ALMA do ‘Aim, Learn, Master, Achieve nó Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh’. Is tionscnamh de chuid an Aontais é agus is é is aidhm dó tacú le daoine óga nach bhfuil i mbun aon chineál fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna). Is é an sprioc atá ann cabhrú leis na daoine óga is mó atá faoi mhíbhuntáiste (idir 18 agus 29 mbliana d’aois) imeascadh sa tsochaí trí rochtain a fháil ar obair nó ar oiliúint. De ghnáth, is daoine leochaileacha iad i dtaca leis na deiseanna atá acu chun rochtain a fháil ar fhostaíocht nó ar oiliúint ar chúiseanna aonair nó struchtúracha (e.g. míchumas, dífhostaíocht fhadtéarmach, cáilíochtaí/scileanna neamh-leordhóthanacha, cúlra imirce). Cuireann an tionscnamh sin an méid seo a leanas ar fáil do na rannpháirtithe: Dianoiliúint shaincheaptha ina dtír dhúchais (an chéim ullmhúcháin) Socrúchán oibre faoi mhaoirseacht agus seirbhísí meantóireachta ag gabháil leis ar feadh tréimhse idir 2 agus 6 mhí i mBallstát eile den Aontas (an chéim soghluaisteachta) Nuair a fhilleann siad ar a dtír dhúchais, tabharfar treoir dóibh faoi thacaíocht leantach le go mbeidh siad in ann na scileanna nua atá foghlamtha acu a úsáid chun fostaíocht a fháil nó chun tabhairt faoi oideachas breise (an chéim leantach) Cad iad na costais a chlúdófar? Clúdaíonn ALMA na costais a bhíonn ar na rannpháirtithe, cuir i gcás: taisteal árachas slándáil shóisialta bunriachtanais, cuir i gcás bia agus lóistín oiliúint agus comhairleoireacht roimh an tréimhse i dtír eile, lena linn agus ina diaidh freisin An féidir le daoine óga iarratas díreach a dhéanamh? Ní féidir le daoine aonair iarratas díreach a dhéanamh ar ALMA. Ós rud é go bhfuil ALMA á chur chun feidhme faoi láthair faoi chláir náisiúnta agus réigiúnacha de chuid Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), is iad na heagraíochtaí a chómhaoiníonn na cláir sin na heagraíochtaí a shainaithníonn na rannpháirtithe. Cén chaoi ar féidir le heagraíochtaí páirt a ghlacadh in ALMA? Más eagraíocht phoiblí nó phríobháideach thú, má tá tú lonnaithe i mBallstát den Aontas Eorpach agus más mian leat páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme an tionscnaimh seo, téigh i dteagmháil le húdarás bainistíochta CSE+ i do thír agus/nó réigiún. I measc na samplaí tá eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla, ionaid phoist, scoileanna, soláthraithe gairmoideachais/gairmoiliúna. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le EMPL-ALMA@ec.europa.eu agus seiceáil lámhleabhar treorach ALMA. Cúlra Is é is aidhm do ‘Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh,’ nó ALMA, cuimsiú agus fostaíocht na rannpháirtithe a chothú ina dtír dhúchais trí fheabhas a chur ar na scileanna, ar an eolas agus ar an taithí atá acu, sin agus deis a thabhairt dóibh naisc nua a chruthú ar fud na hEorpa. Cuireann na Ballstáit i bhfeidhm é agus tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis ar leibhéal an Aontais. Tá ALMA ag tógáil ar thionscnamh maidir le cuimsiú sóisialta atá á chur chun feidhme sa Ghearmáin ó bhí 2008 ann (IdA, Integration durch Austausch). In 2012 ghlac líonra trasnáisiúnta, a fuair tacaíocht ó CSE agus ina raibh 15 Bhallstát páirteach (Líonra Soghluaisteachta TLN), seilbh ar an tionscnamh agus ó bhí 2015 ann, trí ghlao trasnáisiúnta ar thograí i gcomhthéacs Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) Seoladh glao píolótach go déanach in 2022 (buiséad táscach €15 mhilliún) chun cabhrú le Ballstáit an Aontais ALMA a chomhtháthú ina gcláir CSE+, trí ghníomhaíocht de chineál ALMA a phíolótú nó a mhéadú. An cúlra polaitiúil Leis an tionscnamh sin, déanann an Coimisiún a ngealltanas a athdhearbhú i dtaca leis na tionscnaimh seo a leanas: Colún Eorpach na gCeart Sóisialta Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg Déanann ALMA comhlánú ar na cláir atá ann cheana lena dtacaítear le soghluaisteacht daoine óga, cuir i gcás: Erasmus Plus An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach