Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Reachtaíocht an AE

Rialacháin maidir le comhordú na slándála sóisialta

Bunaíodh forálacha an Aontais faoi chomhordú na scéimeanna slándála sóisialta le Rialacháin Uimh. 3 agus 4 de 1958. Nuashonraíodh agus leathnaíodh go minic iad.

Tá an t-athbhreithniú is déanaí i bhfeidhm san Aontas ó bhí an 1 Bealtaine 2010 ann. Áirítear leis na rialacháin chomhdhlúite seo a leanas:

Áirítear sna rialacháin sin na hathruithe a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus ar Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 trí Rialachán (CE) Uimh. 988/2009, Rialachán (AE) Uimh. 1244/2010 ón gCoimisiún, Rialachán (CE) Uimh. 465/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1224/2012 ón gCoimisiún.

Is é an chéad athchóiriú mór ó rialacháin na 1970idí a bhí infheidhme le blianta fada:

Chun dul trí airteagail na bpíosaí reachtaíochta thuas agus chun teacht ar chásdlí gaolmhar CBAE, is féidir leat féachaint ar bhunachar sonraí na Rialachán maidir le Comhordú na Slándála Sóisialta.

Náisiúnaigh ó thíortha nach bhfuil san Aontas

Ón 1 Eanáir 2011, le Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 leathnaítear rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta chuig náisiúnaigh de thíortha nach bhfuil san Aontas (náisiúnaigh tríú tíortha) a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil san Aontas agus atá i staid trasteorann. Cumhdaítear baill teaghlaigh agus marthanaigh freisin má tá siad san Aontas.

Níl feidhm aige maidir leis an Danmhairg.

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 123/2010 beidh cearta, mar shampla, ag náisiúnach tríú tír a bhog ó thír amháin den Aontas go tír eile ar mhaithe leis an obair, ach ar fhan a pháistí sa tír den Aontas ina raibh sé.

An Eilvéis

Tá rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta i bhfeidhm i dtaca leis an Eilvéis ón 1 Aibreán 2012.

An LEE (Limistéar Eorpach Eacnamaíoch)

Tá rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta i bhfeidhm i dtaca leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin (tíortha LEE) ón 1 Bealtaine 2012.

An Ríocht Aontaithe

Níl rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le comhordú na slándála sóisialta infheidhme a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, beidh cosaint fós ag cearta na ndaoine a chumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Maidir le daoine nach gcumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, is leis an bPrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a rialaítear comhordú a slándála sóisialta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Cé go bhfuil sé cosúil le rialacha an Aontais agus go bhfuil raon feidhme cuimsitheach ann, ní dhéantar foráil sa Phrótacal maidir leis an leibhéal céanna cosanta agus a thugtar do Rialacháin an Aontais.

An tÚdarás Eorpach Saothair (ELA)

I mí Iúil 2019, bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) chun cuidiú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún Eorpach a chinntiú go ndéanfar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú ar bhealach cothrom éifeachtach. Tá ról tábhachtach ag an Údarás Eorpach Saothair freisin maidir le soghluaisteacht éifeachtach an lucht saothair a éascú agus a chinntiú san Eoraip.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: