Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Pinsin fhorlíontacha

Is foinse thábhachtach ioncaim do go leor de mhuintir na hEorpa pinsin fhorlíontacha. Toisc nach mbaineann comhordú na slándála sóisialta le formhór na scéimeanna forlíontacha, ghlac an tAontas Eorpach rialacha speisialta lena gcosnaítear na cearta pinsin fhorlíontaigh atá ag oibrithe taistil. Tá feidhm ag na rialacha seo maidir le scéimeanna pinsin atá nasctha le fostaíocht ('pinsin ghairme').

Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint?

De thoradh rialacha áirithe a bhíonn ag scéimeanna pinsin fhorlíontaigh is féidir le hoibrithe a gcearta pinsin a chailleadh nuair a bhogann siad go dtí tír eile san Aontas.

Féadann scéimeanna iallach a chur ar dhaoine coinníollacha áirithe a chomhlíonadh sula gcuirfear a gcearta pinsin ar bhonn 'dílsithe', i.e. sula mbeidh na cearta sin daingean do-athraithe. Mar shampla, an t-oibrí a fhágann a phost agus a bhogann go Ballstát eile, d'fhéadfadh sé nach mbeadh aon chearta pinsin gnóthaithe aige mura mbeadh go leor ama caite aige ag obair don fhostóir.

Fiú má tá na cearta pinsin dílsithe tráth a fhágann an t-oibrí an scéim, féadann boilsciú an luach a bheidh ar na cearta sin ina dhiaidh sin a laghdú mura ndéanfar a luach a choigeartú le himeacht ama d'fhonn iad a chaomhnú.

Cóireáil chomhionann agus íocaíochtaí trasteorann

Treoir 98/49/CE maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe, ba í sin an chéad chéim i dtreo deireadh a chur leis na bacainní ar shaorghluaiseacht i ndáil le pinsin fhorlíontacha. Is féidir achoimre mar seo a leanas a dhéanamh ar na príomhfhorálacha inti:

  • Ní mór cearta pinsin dílsithe an duine a fhágann scéim pinsin toisc go bhfuil sé ag bogadh go Ballstát eile a chaomhnú a oiread a chaomhnófaí cearta duine a d'fhanfadh sa Bhallstát céanna.
  • Tá daoine a thairbhíonn de scéim pinsin fhorlíontaigh i dteideal a sochair a fháil in aon cheann de na Ballstáit.

Cearta pinsin fhorlíontaigh a fháil agus a chaomhnú

Glacadh Treoir 2014/50/AE maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a fháil agus a chaomhnú an 16 Aibreán 2014. Leagtar síos inti na híoschaighdeáin seo a leanas maidir le cearta pinsin oibrithe taistil a chosaint ‑ bhí ar na Ballstáit iad a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta faoin 21 Bealtaine 2018:

  1. Cearta a fháil
  2. Tá cearta pinsin faighte ag oibrí agus ní féidir iad a bhaint de (i.e. tá siad 'dílsithe') tar éis tréimhse trí bliana ar a dhéanaí ó thús na gaolmhaireachta fostaíochta.
  3. Ní féidir le hoibrithe na ranníocaíochtaí a rinne siad féin a chailleadh choíche. Is é sin le rá, má fhágann oibrí scéim pinsin sula ndílseofar a chearta, íocfar a ranníocaíochtaí féin ar ais leis.
  4. Ní ceadmhach do scéimeanna aois os cionn 21 bhliain a shocrú mar aois íosta don dílsiú.
  5. Cearta a chaomhnú
  6. Ar fhágáil scéime pinsin dó, tá oibrí i dteideal a chearta pinsin dílsithe sa scéim a choinneáil, ach amháin má tá sé sásta iad a ghlacadh i bhfoirm íocaíochta caipitil.
  7. Ní mór cearta pinsin an oibrí a d'fhág scéim a chaomhnú ar bhealach cóir i gcomparáid le cearta na n-oibrithe atá fós sa scéim. Is féidir modhanna caomhnaithe éagsúla a úsáid de réir an chineáil scéime atá ann. Mar shampla, is féidir an luach atá ar chearta pinsin a choigeartú i gcomhréir le:
    • an ráta boilscithe nó leibhéil tuarastail (i scéim sochar sainithe go hiondúil);
    • ioncam ó infheistíochtaí atá déanta ag an scéim (i scéim ranníocaíochtaí sainithe go hiondúil).
  8. Eolas
  9. Tá oibrithe i dteideal eolais faoin difear a dhéanfaí dá gcearta pinsin dá mbogfaidís.
  10. Tá iar-oibrithe agus marthanóirí iar-oibrithe (má dhéantar foráil sa scéim i gceist maidir le sochar marthanóra) i dteideal eolais faoi luach agus faoi chóireáil a gcuid ceart.

Baineann an Treoir le hoibrithe a bhogann idir Bhallstáit, ach is féidir le Ballstáit na caighdeáin chéanna a chur i bhfeidhm i dtaobh oibrithe a athraíonn post laistigh den tír chéanna freisin.

Ní chlúdaíonn an Treoir in-aistritheacht pinsean forlíontach, i.e. an deis do chearta pinsin a aistriú go scéim nua má athraíonn tú post.

Ghlac an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Threoir 2014/50/AE an 6 Iúil 2020. 

An leathanach seo a chomhroinnt: