- Soláthar Poiblí
Cuirfear tionscadal píolótach ar bun in Aibreán 2015, i gcomhréir leis na Treoracha nua maidir le Soláthar Poiblí (2014/24/AE agus 2014/25/AE), chun faisnéis a mhalartú lena ndéanfar seiceáil ar acmhainn airgeadais agus theicniúil tairgeoirí, nó lena seiceálfar go gcomhlíonann siad na caighdeáin cáilíochta agus comhshaoil.
- Réada cultúrtha a thabhairt ar ais
Ó mhí na Nollag 2015 amach, de thoradh ghlacadh Threoir 2014/60/AE, cuideoidh IMI leis na húdaráis faisnéis a mhalartú faoi réada cultúrtha a tógadh óna gcríoch go mídhleathach.
- Cur chun feidhme na Treorach maidir le hoibrithe a phostú
Úsáidfear IMI chun faisnéis a mhalartú le haghaidh fíneálacha agus pionóis trasteorann a chur i bhfeidhm i ndáil le postú oibrithe, ó Mheitheamh 2016 amach, i gcomhréir le Treoir 2014/67/AE. Faoin Treoir chéanna, daingnítear úsáid IMI chun faisnéis ghinearálta a mhalartú maidir le hoibrithe postaithe. Tá sé sin á thástáil i dtionscadal píolótach ó 2011 i leith.