Jacques Delors

Anam a thabhairt don Eoraip

Ailtire físeach na hEorpa

Chuaigh cumas agus diongbháilteacht bhuanseasmhach Jacques Delors i gcion go mór ar chreatlach an Aontais Eorpaigh.  

Ó 1985 go 1995, mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, ba é Jacques Delors an t-ailtire físeach a leag síos an bhunchloch agus a chothaigh cuid de na héachtaí ba shuntasaí a bhain leis an tionscadal Eorpach.  

Ní caibidil ama a bhí ina thréimhse 10 mbliana, ach ré inar tharla athrú ollmhór, rud a d’fhág lorg buan ar an Aontas Eorpach mar a bhfuil aithne againne inniu air. 

Deich mbliana fichead ina dhiaidh sin, maireann oidhreacht Delors fós i stair na hEorpa. 

Is ann do dhaoine a bhíonn sásta agóid a dhéanamh i gcoinne na sochaí reatha, agus is ann do dhaoine eile a bhíonn ag iarraidh í a athrú go gníomhach. Is fearr liom féin a bheith sa dara catagóir.
Jacques Delors

Cinniúint na hEorpa a leagan amach 

Oidhreacht dhomhain na haontachta 

Nuair a ceapadh Jacques Delors ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, bhí air dul i ngleic le mór-roinn a bhí i ngreim géarchéime. Bhí an t-éadóchas i réim in eacnamaíocht na hEorpa, agus bhí amhras ann faoi bhunchlocha an tionscadail Eorpaigh. Titim Bhalla Bheirlín, athaontú na Gearmáine, deireadh Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha agus na cogaí san iar-Iúgslaiv – is tréimhse achrannach chlaochlaitheach a bhí ann. 

Sa chomhthéacs sin, tháinig ceannaireacht Delors chun cinn mar a bheadh léaró athléimneachta ann. Leag a chuid gníomhaíochtaí cinntitheacha an bealach amach i dtreo na haontachta.  

Mar thoradh ar a thríú téarma mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh in 1995, bhí an tAontas Eorpach níos athléimní, níos cothroime, níos láidre agus níos dlúithe ná riamh. 

‘Muintir na hEorpa, sin í an Eoraip.’
Jacques Delors
Mír 1 as 3
Oscailt Bhalla Bheirlín

11 Samhain 1989, titim Bhalla Bheirlín

11 Samhain 1989, titim Bhalla Bheirlín

Jacques Delors agus Helmut Kohl

28 Meitheamh 1991, in éineacht le Seansailéir na Gearmáine, Helmut Kohl

28 Meitheamh 1991, in éineacht le Seansailéir na Gearmáine, Helmut Kohl

Lech Wałęsa agus Jacques Delors

3 Aibreán 1991, in éineacht le Lech Wałęsa, Uachtarán na Polainne

3 Aibreán 1991, in éineacht le Lech Wałęsa, Uachtarán na Polainne

Tús an Mhargaidh Aonair

Bhí Jacques Delors go mór i bhfách le lánpháirtiú na hEorpa. Chuir a dhíograis thógálach fís chomhroinnte in iúl go tapa i measc na mBallstát, agus síníodh an Ionstraim Eorpach Aonair dá bharr. Réitigh sí sin an bealach i dtreo an Margadh Aonair a chruthú faoi 1992, rud a cheadaigh saorghluaiseacht daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí.  

Tá sé in am anam a thabhairt don Eoraip.
Jacques Delors
Jacques Delors agus é ag beannú don lucht féachana

28 Bealtaine 1986, an searmanas lenar osclaíodh glacadh bhratach na hEorpa

28 Bealtaine 1986, an searmanas lenar osclaíodh glacadh bhratach na hEorpa

An euro, ár n-airgeadra nua

D’fhág Jacques Delors lorg buan ar chruthú an euro, ar bhunú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta Eorpaigh, agus ar bhunú Chonradh Maastricht. Le Conradh Maastricht, leagadh síos an bhunchloch d’airgeadra aonair nua, an euro, agus cruthaíodh an tAontas Eorpach agus an tsaoránacht Eorpach. 

Dúthracht ó chroí d’Eoraip aontaithe ba ea tiomantas diongbháilte Delors, a rannpháirtíocht féin san obair sin san áireamh. 

Comhartha d’aontacht na hEorpa is ea an euro. Ní mór dúinn é a chosaint agus a neartú.
Jacques Delors

An tsaoránacht Eorpach: daoine a thabhairt níos gaire dá chéile

Bhí a fhios ag Jacques Delors go raibh i bhfad níos mó i gceist leis an tionscadal Eorpach ná comhtháthú eacnamaíoch.

Is éard atá i gceist leis an tionscadal Eorpach daoine a thabhairt níos gaire dá chéile, agus bród a chothú as aontas a mbímid níos láidre le chéile dá bharr.  

Bhí sé ar chruthaitheoirí limistéar Schengen, limistéar inar féidir le níos mó ná 400 milliún duine taisteal gan bhac idir na Ballstáit faoi láthair gan dul trí rialuithe teorann.  

Is a bhuí le Delors atá an clár Erasmus againn, clár malartaithe mac léinn an Aontais Eorpaigh atá ar cheann de na brandaí is suntasaí de chuid an Aontais. 

Cuirimis i gcuimhne dúinn féin ar dtús go bhfuil fréamhacha doimhne na hEorpa ann i gcónaí a bhuí le Erasmus.
Jacques Delors

An fear taobh thiar den oidhreacht

Rugadh i bPáras é an 20 Iúil 1925, agus chaith sé an chuid luath dá ghairmréim ag obair i mBanc na Fraince. Chuaigh sé isteach sa pholaitíocht ansin agus bhí poist éagsúla aige, mar Aire Rialtas na Fraince agus mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa san áireamh. 

Nuair a bhí sé ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, agus ó tharla gur tháinig sé slán ó bhearta cruálacha an Dara Cogadh Domhanda, d’aithin sé gurbh é coincheap na síochána raison d'être an Chomhphobail. Is trí rathúnas agus aontacht na mór-roinne a chur chun cinn a chuidigh sé leis an tsíocháin a bhaint amach inti. 

Mír 1 as 3
An Pápa Eoin Pól II in éineacht le Jacques Delors

20 Bealtaine 1985, é in éineacht leis an bPápa Eoin Pól II

20 Bealtaine 1985, é in éineacht leis an bPápa Eoin Pól II

Nelson Mandela agus Jacques Delors

8 Deireadh Fómhair 1993, chuir Jacques Delors fáilte roimh Nelson Mandela, Uachtarán na Comhdhála Náisiúnta Afracaí

8 Deireadh Fómhair 1993, chuir Jacques Delors fáilte roimh Nelson Mandela, Uachtarán na Comhdhála Náisiúnta Afracaí

Jacques Delors agus Ronald Regan

1 Bealtaine 1985, é in éineacht le Ronald Reagan, Uachtarán na Stát Aontaithe

1 Bealtaine 1985, é in éineacht le Ronald Reagan, Uachtarán na Stát Aontaithe

As ucht a chuid seirbhísí don tionscadal Eorpach, cheap an Chomhairle Eorpach é ina Shaoránach Oinigh den Eoraip in 2015, gradam nár bronnadh ach ar thriúr go dtí seo. 

Jacques Delors agus é sa seomra cruinnithe

9 Nollaig 1989, Comhairle Eorpach Strasbourg

9 Nollaig 1989, Comhairle Eorpach Strasbourg

‘Allons, courage, le Printemps de l’Europe est toujours devant nous!’
Jacques Delors

Au revoir, a Uachtaráin