Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Ceisteanna agus freagraí

Cad atá bainte amach go dtí seo?

  • Tá córas nua-aimseartha digitithe cruthaithe ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na córais slándála sóisialta a chomhordú thar theorainneacha. Leis an gcóras sin, is éasca atá sé do na húdaráis eolas a mhalartú agus cuireann sé feabhas ar an gcaoi a gcuireann comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal. 
  • Chuir córas EESSI feabhas ar mhalartú eolais agus ar an gcomhar idir institiúidí slándála sóisialta.
  • Tá obair ar bun freisin chun idirghníomhaíochtaí a éascú idir daoine a oibríonn nó a reáchtálann gnólachtaí i mBallstáit eile an Aontais agus idir comhlachtaí poiblí ar fud na hEorpa:
    • a bhuí leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, faoi mhí na Nollag 2023, ba cheart rochtain a bheith ag daoine agus ag gnólachtaí ar thrí nós imeachta um chomhordú na gcóras slándála sóisialta atá go hiomlán ar líne agus lena gcuirtear an t-aschur ar fáil go leictreonach
    • seoladh tionscadal píolótach ESSPASS chun féachaint ar réiteach digiteach chun teidlíochtaí slándála sóisialta a eisiúint agus a fhíorú ar bhonn trasteorann

Cén fáth a bhfuil gníomhaíocht á moladh ag an gCoimisiún sa réimse sin?

Faoi rialacha an Aontais, tugtar cosaint cheana féin do chearta slándála sóisialta na saoránach atá ag gluaiseacht laistigh den Eoraip agus cinntíonn siad go bhfuil rochtain acu ar shochair incháilithe. Is féidir leis an digitiú cabhrú chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla. Leis an tionscnamh seo, leagtar síos an bealach do bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo chun saol na saoránach soghluaiste a éascú tuilleadh tríd an digitiú, sin agus chun an t-ualach a laghdú ar ghnólachtaí agus ar údaráis náisiúnta a bhíonn ag plé le slándáil shóisialta trasteorann. Cuirfidh sin le haistriú digiteach na hEorpa freisin.

Cén chaoi a gcuideoidh tuilleadh digitithe le comhordú na gcóras slándála sóisialta?

Leis an digitiú, cuirfear feabhas ar an gcomhordú idir na córais slándála sóisialta agus cuideofar le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh shaoránaigh, gnólachtaí agus comhlachtaí poiblí, mar shampla:

  • Is minic a bhíonn dúshláin roimh dhaoine atá ina gcónaí nó a reáchtálann gnólachtaí i dtíortha eile san Aontas agus iad ag idirghníomhú le hinstitiúidí slándála sóisialta agus le comhlachtaí poiblí eile. D’fhéadfadh na próisis chun teidlíochtaí slándála sóisialta a dheimhniú agus a fhíorú a bheith am-íditheach agus is minic a bhíonn siad ag brath ar mhalartú doiciméad fisiciúil (tugtar ‘doiciméid iniompartha’ orthu sin freisin, an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) ina measc). D’fhéadfadh sé go mbeadh ar chuideachtaí dul i ngleic le costais agus constaicí riaracháin, go háirithe agus a gcuid fostaithe á gcur chun oibre go sealadach acu thar lear.
  • Is minic a bhíonn deacrachtaí ag institiúidí slándála sóisialta eolas a rochtain agus a chomhroinnt toisc nach leor an idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta. Tá costais ann freisin a bhaineann le teidlíochtaí a fhíorú, doiciméid a eisiúint nó doiciméid a athsholáthar, calaois agus earráidí a bhaineann le doiciméid iniompartha nó le húsáid mhíchuí EHIC.

Cad iad na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gCoimisiún?

Is é is aidhm do phleananna an Choimisiúin:

  1. digitiú chomhordú na gcóras slándála sóisialta atá dírithe ar an saoránach a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
  • eispéiris dhigiteacha réidhe a chur ar fáil do dhaoine atá ag taisteal, ag bogadh agus ag obair i dtíortha eile san Aontas nó atá ag reáchtáil gnólachtaí thar lear nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú le comhlachtaí poiblí
  • seirbhísí poiblí trasteorann atá éifeachtúil, digiteach agus idir-inoibritheach a sholáthar, ar seirbhísí iad atá éasca a rochtain agus a úsáid
  1. feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an malartú eolais slándála sóisialta idir institiúidí

I measc na ngníomhaíochtaí atá san áireamh, tá:

  • cur chun feidhme EESSI a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2024 ar a dhéanaí agus feabhas leanúnach a chur ar an gcóras atá ann cheana
  • tiomantas breise i measc thíortha an Aontais do ghníomhaíochtaí ESSPASS agus, bunaithe ar thorthaí, measúnú ón gCoimisiún maidir leis an gcur in úsáid ar mhórscála a d’fhéadfadh a bheith ann
  • nósanna imeachta eile a dhigitiú, seachas na cinn atá le digitiú faoin Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, faoi 2025, mar shampla, i réimsí na sochar dífhostaíochta, na dtimpistí ag an obair agus na ngalar ceirde agus an chúraim sláinte
  • feabhas ar mhalartú sonraí agus ar idir-inoibritheacht i gcomhthéacsanna trasteorann
  • infheistíocht leanúnach i bpróisis uathoibrithe le haghaidh cásanna a bhaineann le comhordú na gcóras slándála sóisialta
  • anailís ar dheiseanna simpliúcháin le haghaidh eispéiris dhigiteacha réidhe do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair thar lear san Aontas Eorpach
  • cruinnithe ardleibhéil bliantúla leis na Ballstáit chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun tacú leis

Conas a rachaidh tuilleadh digitithe sa réimse seo chun tairbhe do dhaoine, do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí poiblí?

I gcás saoránaigh atá ag gluaiseacht laistigh den Eoraip:

  • rochtain réidh agus níos rianúla ar sheirbhísí poiblí, lena n-áirítear rochtain níos tapúla ar dhoiciméid chun a gcearta slándála sóisialta thar lear a chruthú
  • doiciméid dhigiteacha i dtiachóga leictreonacha chun go mbeidh sé níos éasca teidlíochtaí a aithint agus smacht agus úinéireacht iomlán na sonraí pearsanta an duine lena mbaineann a dhearbhú
  • níos éasca cearta slándála sóisialta a fheidhmiú i dtíortha eile, amhail cóir leighis neamhphleanáilte thar lear
  • próiseáil níos tapúla agus níos sláine ar éilimh shochair slándála sóisialta

I gcás institiúidí slándála sóisialta agus comhlachtaí poiblí eile:

  • éifeachtúlacht fheabhsaithe agus cáilíocht níos fearr seirbhísí slándála sóisialta, lena n-áirítear seirbhísí trasteorann
  • fíorú digiteach iontaofa ar theidlíochtaí slándála sóisialta, costais agus riosca earráidí agus calaoise a laghdú
  • comhar feabhsaithe agus rochtain níos fearr ar shonraí slándála sóisialta agus comhroinnt na sonraí sin, lena n-áirítear thar theorainneacha, faoi réir dianrialacha cosanta sonraí agus slándála

I gcás gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí thar lear:

  • nósanna imeachta riaracháin agus idirghníomhaíochtaí níos éasca le hinstitiúidí slándála sóisialta, lena n-áirítear doiciméid a iarraidh agus a eisiúint ar líne, e.g. nuair a chuirtear a bhfostaithe chun oibre i mBallstát eile

Cad iad na cearta atá agat faoi láthair leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC)? An dtiocfaidh athrú ar aon cheann acu sin faoin tionscnamh nua?

Ní bheidh aon athrú ar rialacha an Aontais maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta mar thoradh ar na bearta atá beartaithe sa Teachtaireacht. Leanfaidh EHIC de rochtain a thabhairt duit ar chúram sláinte atá riachtanach ó thaobh leighis de agus a chuireann an stáit ar fáil in aon cheann de 27 dtír an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna le daoine a bhfuil áracahs acu sa tír sin.

Cad iad na chéad chéimeanna eile maidir le ESSPASS – an mbeidh sé sin éigeantach do na Ballstáit?

Le tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún, tá píolótú á dhéanamh faoi láthair ag dhá chuibhreannas d’institiúidí thíortha an Aontais ar eisiúint agus ar fhíorú an deimhnithe A1 agus an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte. Bunaithe ar thorthaí na ngníomhaíochtaí píolótachaí, ar cheart iad a thabhairt chun críche in 2025, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis na chéad chéimeanna eile, lena n-áirítear an fhéidearthacht ESSPASS a chur in úsáid i ngach tír den Aontas agus an mbeadh creat reachtach nua ag teastáil chuige sin.

Tuilleadh eolais faoin bPas Eorpach Slándála Sóisialta.

Cad é an staid mar atá maidir leis an gcóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI)? Cé mhéad Ballstát/cé na Ballstáit atá páirteach ann, agus conas a spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit eile chun é sin a dhéanamh?

Tar éis roinnt blianta de chur chun feidhme, tá EESSI ag feidhmiú sna 32 thír rannpháirteacha uile (AE27, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe) agus tá 13 thír díobh sin (BG, DK, EE, FR, CY, LV, HU, MT, PT, SE agus IS, NO agus an Ríocht Aontaithe) in ann malartú a dhéanamh i ngach limistéar agus brainse slándála sóisialta. Tá níos mó ná 90% den chur chun feidhme bainte amach ag 18 dtír. A bhuí le EESSI, ar bhealach níos gasta agus níos sláinte, láimhseáil institiúidí slándála sóisialta 16 mhilliún cás slándála sóisialta ina mbíonn daoine ag taisteal, ina gcónaí, ag staidéar, ag dul ar scor agus/nó ag obair i dtír eile ó bhí 2019 ann.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag cabhrú leis an gcur chun feidhme sna Ballstáit agus soláthraíonn sé faireachán agus tuairisciú ráithiúil ar iarrachtaí náisiúnta ar shuíomh gréasáin Europa de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fostaíochta, na nGnóthaí Sóisialta agus an Chuimsithe.

Cad iad na tionscnaimh dhigiteacha eile atá ann chun tacú le saorghluaiseacht agus le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair?

An Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach

Leis an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach, iarrtar ar thíortha an Aontais a chur ar chumas na saoránach agus na ngnólachtaí, faoin 12 Nollaig 2023, 21 phróiseas riaracháin a rochtain agus a chur i gcrích go hiomlán ar líne trí shuíomh gréasáin Your Europe agus an t-aschur a fháil go leictreonach.

Is iad seo a leanas na próisis a bhaineann le comhordú na gcóras na slándála sóisialta:

  • iarraidh ar an reachtaíocht slándála sóisialta is infheidhme a chinneadh;
  • iarratais ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC).
  • pinsean a éileamh.

Tá an ‘Córas Teicniúil Aonuaire’ á fhorbairt le haghaidh malartú trasteorann doiciméad agus eolais a theastaíonn do na 21 nós imeachta. Is é an aidhm atá ann eolas atá i bhformáid leictreonach cheana féin ag údaráis riaracháin eile san Eoraip a athúsáid.

An Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach

Leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (EUDI), beidh sé níos éasca do dhaoine agus do ghnólachtaí san Aontas rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha thar theorainneacha. Eiseoidh tíortha an Aontais tiachóga céannachta digití comhchuibhithe de chuid an Aontais, rud a chuirfidh ar chumas daoine aonair agus cuideachtaí a gcuid sonraí agus doiciméad digiteach a stóráil agus a chomhroinnt dá ndeoin féin. D’fhéadfaí an creat sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta.

Chun tástáil a dhéanamh ar na tiachóga céannachta digití, tá tionscnaimh phíolóta ar mórscála á reáchtáil le tacaíocht ón gClár don Eoraip Dhigiteach. Tá píolótú á dhéanamh faoi láthair ag grúpa institiúidí ó thíortha éagsúla maidir le heisiúint agus fíorú an deimhnithe A1 agus an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte, i measc nithe eile.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a bhfuil sé i gceist ag ESSPASS cur le creat EUDI.

Togra don Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach

Is é is aidhm don Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach atá beartaithe creat comhair a bhunú do riaracháin phoiblí ar fud an Aontais chun teacht ar chomhaontú maidir le réitigh choiteanna idir-inoibritheacha.  Bainfidh daoine agus gnólachtaí araon níos mó tairbhe as seirbhísí poiblí níos éifeachtúla, a bhuí le riaracháin phoiblí dhigiteacha atá idirnasctha níos fearr agus le comhroinnt sonraí níos fearr ar fud na n-earnálacha uile agus thíortha an Aontais.

An Straitéis Eorpach maidir le Sonraí

Is é is aidhm don straitéis Eorpach maidir le sonraí, a tugadh isteach in 2020, comhroinnt sonraí idir údaráis phoiblí a éascú, i measc nithe eile. Cuidíonn sin le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí, ach freisin leis an ualach riaracháin a laghdú ar shaoránaigh shoghluaiste agus ar chuideachtaí atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair.

Díríonn na gníomhaíochtaí ar na nithe seo a leanas:

  • creat rialachais trasearnála le haghaidh rochtain agus úsáid sonraí
  • córais agus bonneagar teicneolaíochta
  • scileanna digiteacha a fheabhsú
  • spásanna sonraí Eorpacha a chur chun cinn in earnálacha straitéiseacha

Seirbhís Rianaithe Eorpach um Pinsin 

Tá an tSeirbhís Rianaithe Eorpach (ETS) á forbairt, le tacaíocht ón gCoimisiún, chun eolas maidir lena gcearta pinsin sna Ballstáit ina bhfuil siad ag obair a chur ar fáil do dhaoine tráth ar bith ina ngairmréim.

Ní thagann ETS in ionad an ghá atá ann go ndéanfadh daoine aonair a d’oibrigh i dtíortha éagsúla a bpinsin a éileamh ag deireadh a ngairmréime, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta. Baineann institiúidí slándála sóisialta úsáid as córas EESSI chun eolas a mhalartú chun pinsin a ríomh. Faigheann saoránaigh foirm P1, ar achoimre agus ríomh oifigiúil í ar a gcearta pinsin.

Tionscadal maidir le cártaí aitheantais saothair agus sóisialta 

I dtíortha éagsúla, tugadh isteach cártaí aitheantais saothair nó sóisialta chun a chinntiú go gcomhlíonfar ceanglais an dlí saothair d’oibrithe, iad siúd a oibríonn ar fud tíortha éagsúla ina mesac. Tá comhpháirtithe sóisialta an Aontais in earnáil na tógála ag féachaint an bhféadfaí idir-inoibritheacht a dhéanamh idir na cártaí sin, le tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún.

Tá measúnú á dhéanamh freisin ag an Ardán Eorpach chun dul i ngleic le hObair Neamhdhearbhaithe laistigh den Údarás Eorpach Saothair ar éifeachtacht na gcártaí aitheantais sóisialta mar uirlis chun obair neamhdhearbhaithe a chomhrac.

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus Ríomhdhearbhú maidir le hoibrithe a phostú thar lear

Cuidíonn Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) leis na húdaráis comhoibriú thar theorainneacha agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh i réimsí éagsúla, lena n-áirítear faoi reachtaíocht an Aontais maidir le hoibrithe a phostú thar lear.

Cad é an Ríomhdhearbhú maidir le hoibrithe a phostú?

Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair chun foirm leictreonach choiteann a fhorbairt (Ríomhdhearbhú) ar féidir le tíortha í a úsáid dá ndeoin féin agus oibrithe á bpostú thar lear. Is é an aidhm atá ann an t-ualach riaracháin ar sholáthraithe seirbhíse a laghdú agus é a dhéanamh níos éasca do na húdaráis ábhartha eolas a mhalartú. D’fhéadfadh sé cabhrú freisin chun calaois agus mí-úsáid an chórais a chomhrac.

Oibrithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar

Le Treoir (AE) 2020/1057 tugadh isteach ceanglais shonracha riaracháin agus rialaithe maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Ní mór d’oibreoirí iompair de bhóthar dearbhú maidir le postú a chur isteach tríd an suíomh gréasáin ilteangach ‘Iompar de Bhóthar - Dearbhú Poist’, atá nasctha le córas IMI.

Tionscnaimh r-Shláinte 

Faoin Spás Eorpach Sonraí Sláinte atá ar na bacáin, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit lánúsáid a bhaint as an mbonneagar digiteach ‘MyHealth@EU’ ar fud na hEorpa chun ríomhoidis, achoimrí ar eolas faoi othair, torthaí saotharlainne, tuarascálacha scaoilte ospidéil agus íomhánna leighis a mhalartú.

D’fhéadfadh sin cabhrú le simpliú a dhéanamh ar nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haisíoc costas cúraim sláinte trasteorann faoin Treoir maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm.

In 2023, tá MyHealth@EU ag feidhmiú cheana féin in aon Bhallstát déag a bhfuil seirbhísí ríomhoideas agus seirbhísí achoimre othar acu.

Bonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blochshlabhra

Is tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhpháirtíochta Eorpaí Blocshlabhra é an Bonneagar Eorpach um Sheirbhísí Blocshlabhra (EBSI). Is é is cuspóir dó tacú le seirbhísí poiblí trasteorann a sholáthar trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí blocshlabhra.

Is féidir EBSI a úsáid chun eolas a stóráil ar bhealach iontaofa díláraithe. Cumasaíonn sé cineálacha nua fíoraithe, inrianaitheachta agus trédhearcachta do dhaoine aonair agus iad ag idirghníomhú le seirbhísí poiblí san Aontas. Roghnaíodh ESSPASS ar cheann de na cásanna úsáide a bhí le píolótú ar EBSI.

An leathanach seo a chomhroinnt: