Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht

Tá spásanna inrochtana – idir fhisiciúil agus fhíorúil – ina gcéad chéim ríthábhachtach don chomhionannas. Mura féidir le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar iompar, ar shiopaí, ar pháirceanna, ar shuíomhanna gréasáin agus mar sin de, ní bheidh an tsaoirse acu a roghanna féin a dhéanamh agus smacht a bheith acu ar a saol. Le Straitéis deich mbliana maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas an Choimisiúin déantar forbairt ar dhlíthe reatha AE chun deireadh a chur leis na baic is bunúsaí ach is suntasaí ar an gcomhionannas.

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Fail réidh le baic fhisiciúla agus fhíorúla

Fear i gcathaoir rothaí agus bean ag déanamh meangadh gáire lena chéile sa meitreo. Téacs ag rá: le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht, #EUDisabilityRights, #UnionOfEquality.

Bíonn deacrachtaí ag na milliúin daoine faoi mhíchumas maidir le húsáid a bhaint as iompar, rochtain a fháil ar fhoirgnimh agus leas a bhaint as ár spásanna comhroinnte amhail tránna agus ionaid spóirt. Tá an timpeallacht fhíorúil chomh dúshlánach céanna.

Is féidir leis sin bac a chur orthu bheith ag obair, dul chuig coinní leighis, bheith ag sóisialú, siopadóireacht a dhéanamh ar líne, na meáin shóisialta a úsáid agus an t-eolas ríthábhachtach a fháil a theastaíonn uathu chun a saol a bhainistiú. B’fhéidir nach mbeadh siad ábalta leas a bhaint as na bunrudaí sa saol a ndéanann go leor againn go talamh slán díobh.

Tá dul chun cinn déanta i ndlíthe reatha AE amhail an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta agus cearta paisinéirí do dhaoine faoi mhíchumas. Ach tá obair le déanamh fós.

Leagtar amach sa Straitéis sraith gníomhaíochtaí chun fáil réidh le cuid de na baic atá ar an gcomhionannas fós.

  • Seolfaidh an Coimisiún Eorpach an t-ionad acmhainní Eorpach AccessibleEU in 2022 chun tacú le cur chun feidhme beartas inrochtaineachta ar fud an Aontais Eorpaigh. Soláthróidh sé eolas agus dea-chleachtais sna hearnálacha go léir. Is í an sprioc ná a chinntiú go mbeidh rochtain níos fearr ag daoine faoi mhíchumas lena n-áirítear ar iompar, foirgnimh, faisnéis, na meáin chlosamhairc agus cumarsáid.
  • Ba cheart do thíortha AE a chinntiú go mbeidh inrochtaineacht san áireamh i ngach réimse, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar níos glaise agus geilleagar digiteach agus ba cheart dóibh gairmithe a oiliúint ina leith sin.
  • Breathnóidh an Coimisiún ar an dóigh a gcuirtear dlíthe inrochtaineachta atá ann cheana i bhfeidhm, sainaithneoidh sé easnaimh agus féachfaidh sé an dteastaíonn níos mó dlíthe.

Is féidir linn go léir páirt a ghlacadh i bhfeabhsú inrochtaineachta agus an dlí a chur i bhfeidhm. Teastaíonn ailtirí uainn chun foirgnimh nuálacha agus inrochtana a dhearadh, teastaíonn innealtóirí uainn chun áiteanna súgartha a thógáil inar féidir le páistí de gach cumas bheith ag súgradh le chéile, teastaíonn dearthóirí gréasáin uainn chun timpeallachtaí ar líne a chruthú ar féidir le daoine faoi mhíchumas agus fostóirí úsáid a bhaint astu chun ionaid oibre inrochtana a chruthú do chomhghleacaithe faoi mhíchumas. Glac páirt san iarracht ar son sochaí níos cuimsithí.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: