Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cearta

Triúr daoine óga ag dul timpeall na cathrach. Tá duine amháin acu i gcathaoir rothaí. Téacs ag rá: le chéile ar mhaithe le cearta, #EUDisabilityRights, #UnionOfEquality.

Tá dul chun cinn déanta ag an Aontas Eorpach lena chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as a gcearta. Tá an ceart chun comhionannais agus neamh-idirdhealaithe cumhdaithe i gConarthaí agus i ndlíthe. Fuarthas réidh le bacainní chun áit níos inrochtana a dhéanamh den Aontas Eorpach agus muid ag bogadh i dtreo na sprice fíor-chomhionannas iomlán a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas. Ach tá obair le déanamh fós má tá daoine faoi mhíchumas le lántairbhe a bhaint as a gcearta san oideachas, san fhostaíocht, sa tsláinte agus sna réimsí uile lena gcruthófar saol fíorshásúil agus fíor-neamhspleách. Ba cheart go mbeadh daoine faoi mhíchumas ábalta leas a bhaint as na cearta sin díreach mar a bhaineann gach duine eile.

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Sin an áit a dtagann Straitéis deich mbliana an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas isteach sa scéal. Oibreoidh an tAontas Eorpach lena bhallstáit chun dul chun cinn nithiúil a bhaint amach i bpríomhréimsí a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca:

  • Oibriú
  • Maireachtáil go neamhspleách
  • Taisteal faoi shaoirse ar fud an Aontais Eorpaigh
  • Páirt a ghlacadh in oideachas agus in oiliúint ardchaighdeáin
  • Ról gníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach

Dul ar an mbus, dul ar saoire, an cúram sláinte atá uait a fháil, a roghnú cén áit agus cén dóigh a mbeidh tú i do chónaí agus slí bheatha a fhorbairt – is iad sin rudaí a bhfuil ceart againn go léir iad a dhéanamh. Is rudaí iad a bhfuil dualgas orainn mar shochaí go ndéanaimid iad a sholáthar do chách, ar bhonn cothrom chomh maith.

Tá bacainní fós ann
  • Is mó seans go mbeidh daoine faoi mhíchumas faoi bhochtaineacht nó go mbeidh siad fágtha amachgo sóisialta ón tsochaí
  • Mothaíonn leath díobh go bhfuil idirdhealú á dhéanamh orthu
  • Is lú seans go mbeidh post acu
  • Tá ceithre huaire níos lú seans ann go bhfreastalófar ar a riachtanais cúraim sláinte.

“Tá an ceart ag daoine faoi mhíchumas dálaí maithe a bheith acu san ionad oibre, maireachtáil go neamhspleách, comhdheiseanna a fháil, páirt iomlán a ghlacadh i saol a bpobail. Tá an ceart ag gach uile dhuine saol gan aon bhacainní a bheith acu. Agus tá sé de dhualgas orainne, mar phobal, a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí a chinntiú, ar bhonn comhionann le daoine eile.”

Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen

Le Chéile ar Mhaithe le Cearta

Tugtar chun suntais san fheachtas Le Chéile ar Mhaithe le Cearta na príomhchearta a chuimsítear sa Straitéis:

  1. An ceart ar fhóillíocht agus ar spórt
  2. An ceart chun maireachtáil go neamhspleách
  3. An ceart chun vótála agus chun seasamh i dtoghcháin
  4. An ceart chun chomhdheiseanna san oideachas agus san obair a fháil
  5. An ceart chun rochtain a fháil ar bhonn comhionann le daoine eile

Lean muid le linn an fheachtais chun tuilleadh eolais a fháil faoi cad a chiallaíonn sé sin do dhaoine faoi mhíchumas agus conas a d’fhéadfadh an ghníomhaíocht atá beartaithe saol daoine ar fud an Aontais Eorpaigh a athrú.

Glac am chun féachaint ar ár gCosantóirí feachtais agus iad a leanúint ar na meáin shóisialta. Scaip an scéal! Ní féidir linn comhionannas a bhaint amach ach trí oibriú le chéile.

An leathanach seo a chomhroinnt: