Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Le Chéile ar Mhaithe le Cearta: an straitéis le haghaidh daoine faoi mhíchumas

Fáilte go Le Chéile ar Mhaithe le Cearta, feachtas an Choimisiúin Eorpaigh le cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin.

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

87 milliún
duine faoi mhíchumas san AE.
Mothaíonn 50 %+
díobh go ndéantar idirdhealú orthu
50.8 %
díobh fostaithe
Ní féidir le 40.9 %
díobh costais gan choinne a íoc.
Tá cónaí ar 1 mhilliún +
duine faoi 65 bliain d'aois in institiúidí.

In ainneoin dul chun cinn in go leor réimsí, bhíonn bacainní suntasacha fós roimh dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain ar chúram sláinte, oideachas, fostaíocht, gníomhaíochtaí fóillíochta agus rannpháirtíocht sa saol polaitiúil.

Níl an fhadhb sin ina hábhar imní do dhaoine faoi mhíchumas nó do ghrúpaí abhcóideachta amháin ach is fadhb í don tsochaí ina hiomláine.

Is é is aidhm leis an bhfeachtas Le Chéile ar son Cearta go mbainfidh gach duine leas as a gcearta agus go mairfidh gach duine mar a chéile inAontas Comhionannais fíor.

Is í ár sprioc a thaispeáint do dhaoine faoi mhíchumas, dá líonra tacaíochta agus do shaoránaigh i gcoitinne cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach lena chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach.

Straitéis deich mbliana AE maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas

Triúr páistí ag súgradh le chéile go sona sásta. Tá siondróm Down ar dhuine amháin acu. Téacs ag rá: le chéile ar mhaithe le cearta, #EUDisabilityRights, #UnionOfEquality.

Tá sé mar aidhm le Straitéis deich mbliana an Choimisiúin Eorpaigh athrú dearfach a dhéanamh ar shaol daoine faoi mhíchumas san AE agus níos faide i gcéin. Ba cheart go mbeadh gach duine saor ó idirdhealú agus bheith ábalta leas a bhaint as a gcearta in Aontas Comhionannais.  Ba cheart go mbeidís ábalta oideachas maith a fháil, post a fháil, taisteal agus roghanna a dhéanamh gan aon bhacainní. Tá gníomhaíochtaí nithiúla sa Straitéis seo ionas gur féidir le daoine faoi mhíchumas lántairbhe a bhaint as a gcearta agus na deiseanna céanna a bheith acu sa saol agus atá ag gach duine eile.
Faigh tuillleadh eolais.

Bí páirteach

Creidimid go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas a roghanna féin a dhéanamh faoina saol. Is é sin an fáth gur cruthaíodh an feachtas seo i gcomhar le daoine faoi mhíchumas agus lena lucht tacaíochta.

Spreagaimid gach duine a bheith páirteach agus clárú lenár liosta seoltaí chun nuashonruithe is déanaí an fheachtais, agus ábhair ar féidir leat a chur in oiriúint duit féin a fháil.

Tá gach tuairim tábhachtach, tá gach clic tábhachtach.

Glac páirt inár bpobal, bí i do thacadóir.

Buail lenár gCosantóirí

Tá ár gCosantóiríina n-ambasadóirí don fheachtas, agus cuireann siad chun cinn é ar fud na hEorpa. Is tionchairí agus daoine faoi mhíchumas iad a bhfuil a leagan amach féin acu ar na bacainní a bhíonn rompu agus cad is gá a dhéanamh lena chinntiú gur féidir leo na deiseanna go léir atá ar fáil dóibh a ghlacadh.

Buail leis na Costantóirí.

Na meáin

An mian leat ár scéal a insint? An mian leat an feachtas a chur chun cinn nó tuilleadh eolais a fháil faoi díreach? Is féidir leat teacht ar ábhar agus ar an bhfoireann uirlisí meán ar Rannóg na meán.

An leathanach seo a chomhroinnt: