• An fhaisnéis ar fad faoi eagraíochtaí agus tionscadail infheistíochta a chuireann an Coimisiún ar fáil trí Thairseach InvestEU (dá ngairfear ‘Faisnéis Tionscadail’ feasta), cuirtear ar fáil í ar an tuiscint go mbeidh úsáideoirí géarchúiseach agus cáiréiseach i ndáil leis an Tairseach a úsáid.

  • I dtaca leis an bhFaisnéis Tionscadail, is é an t-úsáideoir féin atá freagrach as a c(h)uí-dhícheall a dhéanamh maidir le gach aon tionscadal infheistíochta.

  • Ní thugann an Coimisiún aon bharánta ná ní dhéanann sé aon uiríoll, cibé acu go follasach nó go hintuigthe é, go bhfuil an Fhaisnéis Tionscadail saor ó earráidí. Cuirtear an Fhaisnéis Tionscadail ar fáil gan aon ghealltanais, coinníollacha nó barántaí i dtaobh chruinneas na faisnéise sin.

  • Ní ghlacfaidh an Coimisiún le haon dliteanas i leith caillteanas ná damáiste díreach, indíreach nó iarmhartach a thabhaíonn an t-úsáideoir i ndáil leis an suíomh gréasáin seo ná i ndáil le húsáid, le heaspa cumais úsáide ná le hiarmhairtí úsáid Fhaisnéis an Tionscadail, na Tairsí, aon suíomhanna gréasáin a bhfuil nasc chuici orthu ná aon ábhar atá foilsithe uirthi agus san áireamh sa mhéid sin, gan teorainn, tá aon dliteanas i leith: caillteanas ioncaim nó láimhdeachais, caillteanas gnó, caillteanas brabúis nó conarthaí, caillteanas coigiltis ionchais, caillteanas sonraí, caillteanas clú nó cáilmheasa agus aon sórt caillteanais nó dochair eile, cibé slí a dtarlóidh sin.

  • Cuirtear an t-ábhar atá ar an suíomh gréasáin seo ar fáil ar an tuiscint nach gcuirtear ceangal dá bhíthin sin ar an gCoimisiún comhairle ghairmiúil a thabhairt chun críche ar leith.

  • Mar a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 (dá ngairfear an ‘Rialachán’ feasta), níl aon cheangal idir an Fhaisnéis Tionscadail a fhoilsiú, ar chun críocha na faisnéise amháin é, agus aon tacaíocht a d’fhéadfaí a thabhairt, amach anseo, do na tionscadail a thuairiscítear sa Rialachán seo, faoi aon ionstraim eile de chuid an Aontais, nó do chistiú poiblí.

  • Sula mbaine siad leas as an ábhar, ba cheart do na húsáideoirí meastóireacht chúramach a dhéanamh ar chruinneas, iomláine agus ábharthacht na faisnéise chun a gcríoch agus a n-úsáide féin, a gcuí-dhícheall a dhéanamh agus comhairle ghairmiúil a lorg a oireann dá gcúinsí féin.

  • Ná glactar leis i gcás ina luaitear an Coimisiún in aon chuid den Fhaisnéis Tionscadail go bhfágann sin go ndeachthas teagmháil le seirbhísí inniúla an Choimisiúin maidir leis an tionscadal atá i gceist.

  • Na tuairimí agus na moltaí sin de chuid tríú páirtithe a áirítear san Fhaisnéis Tionscadail, ní gá gur léiriú ceart iad ar thuairimí an Choimisiúin ná gur léiriú iad ach oiread ar a thiomantas ná a dhíograis i dtaca le cur chuige ar leith.

  • Is mar áis a chuirtear isteach naisc chuig suíomhanna gréasáin; ní formhuiniú atá ansin, áfach, ar aon ábhar dá bhfuil ar na suíomhanna sin ná ar aon táirge nó seirbhís de chuid eagraíocht ghaolmhar. Glactar leis go bhfuil na foinsí seachtracha faisnéise seo lasmuigh de chúram an Choimisiúin a fhad a bhaineann le cuí-dhícheall a dhéanamh. Faoi gach úsáideoir atá sé, mar sin, a chinntiú an bhfuil an fhaisnéis ar na suíomhanna gréasáin sin cothrom le dáta, cruinn, iontaofa agus ceart.

  • A luaithe a cheadaíonn úsáideoirí an Fhaisnéis Tionscadail nó aon fhaisnéis eile atá le fáil trí bhíthin na Tairsí, tarscaoilfear leis sin aon chearta cúláraigh a bhí acu i leith an Choimisiúin agus scaoilfear an Coimisiún saor, dá bhrí sin, ó aon éileamh a d’fhéadfaí a dhéanamh air maidir le hábhar a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin a úsáid nó maidir le hiontaofacht na faisnéise sin.