1. TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Sa doiciméad seo leagtar amach na Téarmaí agus Coinníollacha a bhfuil eintitis dhlíthiúla ar tionscnóirí tionscadal iad agus úsáideoirí cláraithe eile (dá ngairtear le chéile ‘Úsáideoirí Cláraithe’) faoina réir agus iad ag rochtain shuíomh Thairseach InvestEU (an Tairseach) ag baint úsáide as agus ag cur ábhar leis. Ní mór d’Úsáideoirí Cláraithe a dheimhniú, sula n-úsáideann siad an Tairseach, go bhfuil na Téarmaí agus Coinníollacha léite acu agus go bhfuil glactha acu leo (lena n-áirítear Ráiteas Príobháideachais na Tairsí; féach pointe 9 thíos) agus go dtoilíonn siad déanamh dá réir. Is féidir le hÚsáideoirí Cláraithe an Tairseach a úsáid ar choinníoll go dtoilíonn siad go sainráite glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha sin. Ní bheidh feidhm ag Pointe 5 go Pointe 7 de na Téarmaí agus Coinníollacha ach amháin maidir le hÚsáideoirí Cláraithe a chuireann ábhar nó faisnéis chuig an Tairseach lena bhfoilsiú.

2. RAON FEIDHME THAIRSEACH INVESTEU

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach (an ‘Bainisteoir Suímh’) Tairseach InvestEU de bhonn Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107/30, 26.3.2021). Le Cinneadh Cur chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) 2021/626 an 14 Aibreán 2021 [IO L 131, 16.4.2021, lch. 183–186] leagtar amach sonraíochtaí teicniúla na Tairsí mar bhunachar trédhearcach don Aontas Eorpach de thionscadail infheistíochta atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Foráiltear le hAirteagal 26 den Rialachán gur d’fhonn a bheith infheicthe ag infheisteoirí agus d’fhonn faisnéis a chur ar fáil a thaispeánfar tionscadail ar an Tairseach agus foráiltear, freisin, go mbeidh taispeáint tionscadal ar an Tairseach gan dochar do na cinntí a dhéanfar maidir leis na tionscadail deiridh arna roghnú faoin Rialachán nó faoi aon ionstraim eile de chuid an Aontais, nó arna roghnú le haghaidh maoiniú poiblí.

Aithníonn an tÚsáideoir Cláraithe nach ionann tionscadal a fhoilsiú ar an Tairseach agus a rá go bhfaighidh an tionscadal sin maoiniú poiblí (bíodh sé ón mBainisteoir Suímh nó ó fhoinse eile) sa todhchaí agus, ina theannta sin, nach mór, chun cur isteach ar mhaoiniú poiblí, nósanna imeachta atá ann chuige sin a leanúint.

Gach tionscadal a chuirtear faoi bhráid an Bhainisteora Suímh lena fhoilsiú, caithfidh sé a bheith i gcomhréir leis na coinníollacha iontrála a leagtar amach in Airteagal 2 den Chinneadh.

3. CLÁRÚ AGUS DINTIÚIR

Ceadaítear d’úsáideoirí cláraithe iarratais a sheoladh chuig Tairseach InvestEU agus úsáid a bhaint as a cuid seirbhísí foláirimh tar éis dóibh próiseas féinchlárúcháin a chur i gcrích, próiseas ar cuid de sonraí teagmhála agus faisnéis faoi Úsáideoir Cláraithe mar eintiteas dlíthiúil a chur ar fáil. Ní bheidh an Bainisteoir Suímh faoi dhliteanas mura mbeidh an Tairseach ar fáil ar chúis ar bith ag am ar bith go ceann tréimhse ar bith.

Ó am go ham, féadfaidh an Bainisteoir Suímh srian a chur le rochtain ar chodanna den Tairseach, nó ar an Tairseach ina hiomláine, gan fógra ná údar a thabhairt roimh ré.

Aon fhógra atá le tabhairt nó aon ní atá le cur in iúl ag an mBainisteoir Suímh don Úsáideoir Cláraithe de bhun na dTéarmaí agus Coinníollacha seo nó i ndáil leo, measfar go bhfuil an méid sin faighte ag an úsáideoir cláraithe a luaithe a sheolfar é chuig an seoladh ríomhphoist a thug sé le linn an phróisis clárúcháin. Ní mór d’Úsáideoirí Cláraithe na bearta is gá a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de gur féidir ríomhphoist a sheachadadh chuig an seoladh sin agus gur ag daoine údaraithe amháin atá rochtain air. Ar an gcuma chéanna, aon fhógra a thugann Úsáideoir Cláraithe nó aon ní a chuireann sé in iúl don Bhainisteoir Suímh tríd an seoladh ríomhphoist sin, measfar gur ón Úsáideoir Cláraithe a tháinig, agus ní ghlacfar le haon mhaíomh gur a mhalairt atá fíor. Is féidir le hÚsáideoirí Cláraithe dul i dteagmháil leis an mBainisteoir Suímh chun faisnéis a lorg, ceisteanna a chur nó iarratas a dhéanamh, tríd an bhfoirm ar líne atá ar an suíomh gréasáin a úsáid, agus mura bhfuil an fhoirm sin ar fáil, trí ríomhphost a chur chuig .

Ní mór d’Úsáideoirí Cláraithe bearta slándála cuí a dhéanamh sa chaoi agus nach nochtfar a n-ainm úsáideora agus a bpasfhocal gan údarás agus ní mór dóibh an Bainisteoir Suímh a chur ar an eolas láithreach má fhaigheann úsáideoir neamhúdaraithe a bpasfhocal amach. Tá sé de cheart ag an mBainisteoir Suímh cód aitheantais úsáideora nó pasfhocal ar bith a dhíchumasú ag am ar bith, má fheictear dó nár chomhlíon Úsáideoir Cláraithe ceann éigin d’fhorálacha na dTéarmaí agus Coinníollacha seo. D’fhéadfadh sé go mbeadh Úsáideoirí Cláraithe faoi dhliteanas i ndáil le nochtadh le faillí nó d’aonghnó a gcód aitheantais nó a bpasfhocal do thríú páirtí de shárú ar na téarmaí agus na coinníollacha seo, nó i ndáil le tríú páirtí iad a shárú, rud nach saorfaidh Úsáideoirí Cláraithe óna ndualgais faoi na Téarmaí agus Coinníollacha seo. Faoi chúram Úsáideoirí Cláraithe atá sé deimhin a dhéanamh de go bhfuil gach duine a fhaigheann rochtain ar an Tairseach trína nasc idirlín ar an eolas faoi na Téarmaí agus Coinníollacha seo agus go gcloíonn siad leo.

4. DLITEANAS A THARSCAOILEADH

An fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd an Tairseach, cuirtear ar fáil í gan aon ráthaíocht, coinníollacha nó barántaí i dtaobh a cruinnis ag dul léi. Ní fhoilseoidh an Bainisteoir Suímh ach an fhaisnéis sin a chuireann Úsáideoirí Cláraithe chuige, ar choinníoll go gcomhlíonann an fhaisnéis sin, de réir bhreith an Bhainisteora Suímh amháin agus de réir a bhreithe siúd amháin, na caighdeáin inneachair a leagtar amach i Roinn 5 thíos; níl aon dliteanas ar an mbainisteoir suímh i ndáil le hÚsáideoirí Cláraithe thairis sin. Dá bhrí sin, tarscaoileann an Bainisteoir Suímh aon dliteanas a eascróidh as spleáchas ar fhaisnéis den chineál sin ag Úsáideoirí Cláraithe, nó aon duine eile a gcuirtear a hinneachar in iúl dó dul i muinín na faisnéise sin.

Ní ghlacfaidh an Bainisteoir Suímh le haon dliteanas i leith caillteanas ná damáiste díreach, indíreach nó iarmhartach a thabhaíonn an t-úsáideoir i ndáil leis an Tairseach nó i ndáil le húsáid, le heaspa cumais úsáide nó le hiarmhairtí úsáid na Tairsí, aon suíomhanna gréasáin a bhfuil nasc chuici orthu nó aon ábhar atá foilsithe uirthi agus san áireamh sa mhéid sin, gan teorainn, tá aon dliteanas i leith:

  • caillteanas ioncaim nó láimhdeachais (coigilteas ionchais san áireamh);
  • caillteanas gnó;
  • caillteanas brabúis nó conarthaí;
  • caillteanas sonraí;
  • caillteanas dea-thola;
  • aon chaillteanas eile nó damáiste de chineál ar bith, cibé slí a n-éireoidh siad agus cibé acu tort ( faillí san áireamh), sárú ar chonradh nó eile is cúis leo, fiú má tá siad intuartha

5. CAIGHDEÁIN INNEACHAIR

Beidh feidhm ag na caighdeáin inneachair sin maidir le haon ábhar nó faisnéis a chuireann Úsáideoirí Cláraithe isteach lena fhoilsiú ar an Tairseach (‘Faisnéis arna Cur Isteach’) ina iomláine. Faoi na hÚsáideoirí Cláraithe, agus fúthu siúd amháin, atá sé deimhin a dhéanamh de go bhfuil Faisnéis arna Cur Isteach i gcomhréir leis na caighdeáin inneachair sin.

Maidir le Faisnéis arna Cur Isteach, is ceart:

  • í a bheith cruinn (i gcás ina dtugtar fíorais inti), í a chur ar fáil le hintinn mhaith (i gcás ina nochtar tuairimí inti) agus í a bheith cothrom le dáta i gcónaí;
  • duine í a chur isteach atá i dteideal sin a dhéanamh, in ainm agus thar ceann Úsáideora Cláraithe;
  • i gcás ina mbaineann sí le háireamh tionscadal i dTairseach InvestEU, an tionscadal sin a bheith i gcomhréir leis na coinníollacha iontrála seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 2 den Chinneadh:- beidh méid nach ísle ná EUR 500 000 sa tionscadal, i dtéarmaí na n-infheistíochtaí atá de dhíth;- beidh an tionscadal faoi raon feidhme na réimsí atá incháilithe d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán;- ní mór nach ndéanfar an tionscnóir a eisiamh ó chonarthaí a mhaoinítear ó bhuiséad an Aontais ná ní ghearrfar smachtbhanna air i ngeall ar mhí-iompar gairmiúil tromchúiseach, ar ghníomhaíochtaí coiriúla, ná ar easnaimh shuntasacha i gcomhlíonadh a oibleagáidí faoi Rialachán 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 193, 30.7.2018);- ní mór nach gníomhaíochtaí eisiata a bheidh sa tionscadal mar a leagtar amach i bpointe B d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán;- ní mór an tionscadal a bheith lonnaithe san Aontas, nó i dtír nó críoch thar lear atá nasctha le Ballstát mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le CFAE;- ní mór nach mbeidh rioscaí clú i gceist don Choimisiún leis an tionscadal;- ní mór cur chun feidhme an tionscadail a bheith tosaithe nó go measfar go dtosóidh sé laistigh de thrí bliana ón dáta a chuirfear chuig Thairseach InvestEU é;- ní mór tuairisc shoiléir a bheith tugtha san iarratas tionscadail gur tionscadal infheistíochta atá ann agus ní mór an fhaisnéis a thabharfar ann a bheith cruinn agus an méid maoiniúcháin is gá chun an tionscadal a dhéanamh a bheith sonraithe ann; agus - ní mór dlí agus beartais an Aontais a bheith á gcomhlíonadh ag an tionscadal.
  • a bheith i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme.

Maidir le Faisnéis arna Cur Isteach, ní ceart:

  • aon ábhar a bheith inti atá clúmhillteach, bagarthach, tarcaisniúil, gráiniúil, gríosaithe nó sáraitheach ar phríobháideachas duine eile;
  • idirdhealú ná aon ghníomhaíocht mhídhleathach a chur chun cinn trína bíthin;
  • í a bheith ina sárú ar mhaoin intleachtúil duine ar bith, lena n-áirítear, mar shamplaí, sáruithe ar chóipcheart, ar bhunachar sonraí nó ar thrádmharc;
  • í a bheith ina sárú ar dhualgas dlíthiúil atá dlite do thríú páirtí, e.g. dualgas conarthach nó dualgas muiníne;
  • baint a bheith aici le tionscadail a bhaineann le: armlón agus airm throda, trealamh nó bonneagar míleata/póilíneachta (ábhar pléascach agus airm sheilge san áireamh); trádáil an ghnéis agus an t-infreastruchtúr, na seirbhísí agus na meáin a ghabhann leis an infreastruchtúr sin; cearrbhachas agus an trealamh lena mbaineann, óstáin ina bhfuil casino; tobac (táirgeadh, monarú, próiseáil agus dáileadh);
  • í a úsáid chun duine ar bith a phearsanú, nó léargas mícheart a thabhairt ar chéannacht Úsáideora Chláraithe ná ar chleamhnacht le duine ar bith;
  • a thabhairt le fios léi gur ón mBainisteoir Suímh í, mura bhfuil sin fíor.

6. FAISNÉIS TIONSCADAIL A FHOILSIÚ, A ATHRÚ AGUS A BHAINT

Maidir le Faisnéis arna Cur Isteach, tá ag an mBainisteoir Suímh gach ceart í a fhoilsiú (ach amháin má chuirtear isteach í agus na réimsí ‘neamhfhoilsithe’ nó ‘níl le foilsiú’ marcáilte ar an bhfoirm) nó a foilsiú a dhiúltú go hiomlán nó i bpáirt, de réir mar is rogha leis féin. A mhéid atá Faisnéis arna Cur Isteach, nó cuid di, faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla Úsáideora Chláraithe, tugann an tÚsáideoir Cláraithe saorcheadúnas don Bhainisteoir Suímh an foilsiú sin a dhéanamh. Féadfaidh an Bainisteoir Suímh diúltú Faisnéis arna Cur Isteach a fhoilsiú ar chúiseanna dlí nó clúmhillte nó ar chúiseanna eile agus níl Úsáideoirí Cláraithe i dteideal a éileamh go dtabharfar aon údar sonrach nó pearsantaithe leis sin.

Féadfaidh an Bainisteoir Suímh leagan amach agus paraiméadair theicniúla na Tairsí a athrú ag am ar bith. Más gá, féadfaidh an Bainisteoir Suímh rochtain ar an Tairseach a chur ar fionraí nó í a dhúnadh ar feadh tréimhse éiginnte. Is féidir aon chuid den ábhar atá ar an Tairseach a bheith as dáta ag am ar bith, agus ní bheidh an Bainisteoir Suímh faoi dhliteanas é a thabhairt cothrom le dáta.

7. TÁILLE PRÓISEÁLA

Ní ghearrtar táille próiseála i láthair na huaire.

8. FIONRAÍ AGUS FOIRCEANNADH

Is féidir go mbeidh mar thoradh ar gan na Téarmaí agus Coinníollacha seo a chomhlíonadh tarraingt siar láithreach, shealadach nó bhuan an chirt chun an Tairseach a úsáid, nó baint láithreach, shealadach nó bhuan aon phostála nó aon ábhair a d’uaslódáil Úsáideoir Cláraithe chuig an Tairseach.

I gcás ina maíonn aon tríú páirtí go raibh faisnéis a cuireadh isteach ina shárú ar na caighdeáin inneachair, féadfaidh an Bainisteoir Suímh, sula ndéanfaidh sé aon cheann de na bearta thuasluaite, soiléiriú a iarraidh ar an Úsáideoir Cláraithe laistigh de thréimhse ama áirithe.

Eisiafaidh an Bainisteoir Suímh dliteanas maidir le gníomhartha a dhéanfaidh sé mar fhreagairt ar sháruithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha sin. An liosta freagairtí atá tugtha sna Téarmaí agus Coinníollacha seo, ní liosta iomlán é, agus féadfaidh an Bainisteoir Suímh aon bheart eile is cuí a dhéanamh, lena n-áirítear faisnéis a nochtadh d’údaráis forfheidhmithe an dlí nó tús a chur le himeachtaí dlíthiúla i gcoinne Úsáideoir Cláraithe.

9. COSAINT FAISNÉISE AGUS MIONSONRAÍ PEARSANTA A CUIREADH ISTEACH

Níl ach aon chuspóir amháin ag bailiú faisnéise ó Úsáideoirí Cláraithe, is é sin í a úsáid chun críocha na Tairsí (ábhar fógraíochta i dtaobh na Tairsí san áireamh). Beidh rochtain ag Úsáideoirí Cláraithe ar an bhfaisnéis a chuireann siad ar fáil agus beidh siad i dteideal í a scriosadh ag am ar bith. I gcás nach bhfuil an Tairseach ar fáil (féach Roinn 3 thuas), féadfaidh Úsáideoirí Cláraithe iarraidh ar an mBainisteoir Suímh, le ríomhphost, faisnéis ina leith a scriosadh agus déanfaidh an bainisteoir suímh sin gan mhoill mhíchuí. Coinneoidh an Bainisteoir Suímh faisnéis i leith na nÚsáideoirí Cláraithe a chuir siad isteach sna réimsí foirme a bhfuil an marc ‘neamhfhoilsithe’/‘níl le foilsiú’ faoi rún agus stórálfaidh sé ar a fhreastalaithe féin í agus ní nochtfaidh sé aon fhaisnéis den chineál sin chun críocha tráchtála. Ní bheidh tionchar aige sin ar an gceart atá ag an mBainisteoir Suímh faisnéis a chur chuig institiúidí eile de chuid an Aontais, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, chuig comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU nó chuig Ballstáit an Aontais, chun críche tacú agus cur le bainistiú na Tairsí de réir Airteagal 26 den Rialachán agus chun na críche sin amháin. Is ionann an Tairseach a úsáid agus úsáideoirí cláraithe toiliú leis an láimhseáil sin faisnéise.

Na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine nádúrtha agus a bhailíonn agus a phróiseálann an Tairseach a thuilleadh, is de chineál bunúsach iad agus is beag a líon. Tá an chosaint is cuí, i gcomhréir leis na dlíthe atá infheidhme, ag na sonraí sin. I Ráiteas Príobháideachais na Tairsí atá arna ionchorprú de bharr tagartha sna Téarmaí agus Coinníollacha seo agus atá ina chuid de na Téarmaí agus Coinníollacha sin, tá tuilleadh eolais faoi chosaint sonraí.

10. FORÁLACHA TEICNIÚLA

Féadfaidh Úsáideoirí Cláraithe nasc a dhéanamh le leathanach baile na Tairsí, ar choinníoll go ndéanann siad é ar shlí atá cothrom agus dleathach, nach ndéanann damáiste do chlú an Bhainisteora Suímh agus ar choinníoll nach mbainfidh siad tairbhe tráchtála as. Níor cheart dóibh, ámh, tabhairt le fios ar aon slí go bhfuil baint ag an mBainisteoir Suímh leis nó go bhfuil sé faofa nó formhuinithe aige.

Ní bhainfidh Úsáideoirí Cláraithe mí-úsáid as an Tairseach trí víris nó aon ábhar dochrach ó thaobh na teicneolaíochta de a thabhairt isteach ann d’aon ghnó. Ní dhéanfaidh Úsáideoirí Cláraithe iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar an Tairseach, ar an bhfreastalaí ar a bhfuil an Tairseach stóráilte nó ar aon fhreastalaí, ríomhaire nó bunachar sonraí atá ceangailte leis an Tairseach. Ní dhéanfaidh Úsáideoirí Cláraithe ionsaí ar an Tairseach trí bhíthin ionsaí diúltaithe seirbhíse nó ionsaí diúltaithe seirbhíse leithdháilte.

Ní bheidh an Bainisteoir Suímh faoi dhliteanas cailleadh ná damáiste ar bith a bhíonn mar thoradh ar ionsaí diúltaithe seirbhíse leithdháilte, víris nó aon ábhar eile atá dochrach ó thaobh na teicneolaíochta de a d’fhéadfadh trealamh ríomhaireachta, ríomhchláir, sonraí nó ábhar dílsithe eile de chuid Úsáideoirí Cláraithe a ionfhabhtú de thoradh an Tairseach a úsáid nó aon ábhar atá foilsithe uirthi nó ar shuíomh gréasáin atá nasctha léi a íoslódáil.

11. LEASUITHE

Féadfaidh an Bainisteoir Suímh athbhreithniú a dhéanamh ar na Téarmaí agus Coinníollacha seo am ar bith ach an leathanach seo a leasú. Má dhéantar leasú, cuirfear sin in iúl do na hÚsáideoirí Cláraithe agus measfar go dtabharfaidh siad aon athruithe a dhéantar dá n-aire, de bhrí go mbeidh na hathruithe sin ina gceangal orthu. Féadfar forálacha nó fógraí arna bhfoilsiú in áit eile ar an Tairseach a chur in ionad forálacha de na forálacha atá sna téarmaí agus coinníollacha seo.