Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Dífhostaíocht

Cuirtear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm i gcás dífhostaíochta i dtír an AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis.

Na háiteanna ar chóir sochair a éileamh

Ní mór duit clárú leis na seirbhísí fostaíochta agus sochair dhífhostaíochta a éileamh sa tír dheireanach inar oibrigh tú, ach amháin má tá cónaí ort i dtír eile. 
Bain úsáid as ár n-eolaire chun institiúid teagmhála a aimsiú

Má tá cónaí ort i dtír eile

  • Má tá cónaí ort i dtír eile san Aontas Eorpach, nó san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn nó Lichtinstéin agus d'fhill tú ar an tír sin go laethúil, nó ar a laghad uair sa tseachtain, ní mór duit clárú leis na seirbhísí fostaíochta agus sochair a éileamh sa tír ina bhfuil cónaí ort. Sin mar atá i gcás na n-oibrithe ar a dtugtar “oibrithe trasteorann” i rialacháin an Aontais. Féadfaidh tú clárú, mar chéim bhreise, leis na seirbhísí fostaíochta sa tír ina raibh tú ag obair agus post a chuardach sa tír sin, ach fós féin gheobhaidh tú na sochair ón tír ina bhfuil cónaí ort agus ón tír sin amháin.
  • Má tá cónaí ort i dtír eile san Aontas, nó san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn nó Lichtinstéin ach filleann tú ar an tír sin níos lú ná uair sa tseachtain, beidh rogha agat filleadh ar do thír chónaithe nó fanacht sa tír dheiridh ina raibh tú ag obair agus clárú leis na seirbhísí fostaíochta agus sochair a éileamh sa tír a gcinneann tú post a chuardach inti. Féadfaidh tú clárú, mar chéim bhreise, leis na seirbhísí fostaíochta sa tír nach bhfuil tú ag fáil na sochar inti. Sin mar atá i gcás oibrithe séasúracha go hiondúil.

Faigh amach faoi do chearta de réir tíre

Má tá tú dífhostaithe go páirteach

Má tá tú dífhostaithe go páirteach, is í an tír atá freagrach as do shochair dhífhostaíochta i gcónaí ná an tír ina bhfuil tú ag obair go páirteach.

Tréimhsí oibre thar lear a chur le chéile

Nuair atá na hinstitiúidí ag plé le d'éileamh, ní mór dóibh tréimhsí árachais a chur san áireamh a caitheadh i dtíortha eile an AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis, má tá sé seo riachtanach do do theidlíocht sochar.
Bain úsáid as ár n-eolaire chun institiúid teagmhála a aimsiú

Do shochair agus post á chuardach agat thar lear

Más mian leat post a chuardach i dtír eile an AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis, is féidir leat do shochair dhífhostaíochta a fháil go fóill, faoi choinníollacha áirithe, ar feadh trí mhí (is féidir an tréimhse seo a leathnú suas go dtí sé mhí). Tá na mionsonraí le fáil faoinár gceisteanna coitianta.

Tuilleadh faisnéise

Scrúdaigh ár gceisteanna coitianta chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: