Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách

Ba cheart go mbeimis go léir ábalta cá háit, cén dóigh agus cé leo ar mian linn cónaí a chinneadh. Ach ní féidir le go leor daoine faoi mhíchumas é sin a dhéanamh, mar gheall ar easpa seirbhísí sa phobal, easpa tacaíochta do theaghlaigh agus do chúramóirí agus timpeallachtaí agus seirbhísí neamh-inrochtana go minic. Tarraingíodh aird le paindéim Covid-19 ar na dúshláin atá roimh dhaoine faoi mhíchumas, cibé an bhfuil cónaí orthu sa phobal nó in institiúidí. I Straitéis deich mbliana maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas an Choimisiúin tugtar aghaidh ar an neamhionannas sin agus leagtar amach gníomhaíochtaí lena dtabharfar níos mó smachta do dhaoine faoi mhíchumas ar an ngné is bunúsaí sin dá saol.

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo

An tacaíocht cheart chun maireachtáil go neamhspleách agus bheith mar chuid den phobal

Bean scothaosta i gcathaoir rothaí agus greim láimhe aici ar bheirt pháistí óga. Téacs ag rá: le chéile ar mhaithe leis an maireachtáil neamhspleách, #EUDisabilityRights, #UnionOfEquality.

Tá breis agus milliún duine faoi mhíchumas faoi bhun 65 bliain d'aois ina gcónaí in institiúidí san Aontas Eorpach. Ardaíonn an figiúr sin go dtí dhá mhilliún do dhaoine os cionn 65 bliain d’aois. Tá cuid acu scartha óna bpobal agus níl dóthain cead cainte acu ina saol féin. Chun níos mó smachta a thabhairt ar ais dóibh agus ligean dóibh maireachtáil go neamhspleách, ní mór seirbhísí a fheabhsú. Teastaíonn seirbhísí áitiúla inrochtana, inacmhainne agus oiriúnaithe ó dhaoine faoi mhíchumas chun cónaí ina dtithe féin nó lena dteaghlaigh. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé i gceist leis sin seirbhísí cúraim rialta, cúnamh leighis sa bhaile, cúnamh le taisteal nó cuidiú leo a saol laethúil a bhainistiú (buiséadú, siopadóireacht, etc.). Agus ní mór an cúnamh sin a bheith ar fáil i bpobail tuaithe níos iargúlta, ní i mbailte agus i gcathracha amháin.

Cuirtear chun cinn sa Straitéis sraith gníomhaíochtaí chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas an dóigh a maireann siad a roghnú agus a n-áit is dual dóibh a fháil ina bpobal. Tá roinnt díobh liostaithe thíos.

  • Soláthróidh an Coimisiún treoir maidir le conas maireachtáil neamhspleách a fheabhsú faoi 2023.
  • Ba cheart do thíortha AE tithíocht shóisialta inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a mhaoiniú agus dul i ngleic le dúshlán na heaspa dídine i measc daoine faoi mhíchumas.
  • Soláthróidh an Coimisiún creat le haghaidh Seirbhísí Sóisialta Sármhaitheasa do dhaoine faoi mhíchumas freisin faoi 2024 chun feabhas a chur ar an gcúnamh atá ar fáil. Breathnóidh sé freisin ar conas is féidir an earnáil seo a dhéanamh níos mealltaí le hoibriú inti i bhfianaise a tábhachta.
  • Ba cheart do thíortha AE leas a bhaint as na dea-chleachtais atá sainaitheanta lena chinntiú go n-éireoidh leis an aistriú ó institiúid go saol níos neamhspleáiche sa phobal.

Tá freagracht ar an tsochaí as a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas fíor-roghanna a dhéanamh maidir le cá háit agus cé leis a bhfuil siad ina gcónaí.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: