Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cad iad na rialacha a bhaineann leatsa?

Agus tú ag gluaiseacht laistigh den Aontas Eorpach, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua nó an Eilvéis, ní bheidh tú ach faoi réir reachtaíocht aon tíre amháin in am ar bith. Déanfaidh na hinstitiúidí slándála sóisialta measúnú ar cén tír faoina bhfuil tú cumhdaithe de réir rialacha an Aontais. 
Bain úsáid as ár n-eolaire chun institiúid teagmhála a aimsiú

Oibríonn tú in aon tír amháin

Mar riail bhunúsach, tá tú faoi réir reachtaíocht na tíre ina bhfuil tú ag obair mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i ndáiríre. Is cuma cá bhfuil cónaí ort nó cá bhfuil d’fhostóir lonnaithe. 

Oibríonn tú i dtír amháin ach tá cónaí ort i dtír eile

Má oibríonn tú i dtír eile san Aontas Eorpach seachas an tír ina bhfuil cónaí ort agus má fhilleann tú ar do thír chónaithe gach lá, nó uair sa tseachtain ar a laghad, is oibrí trasteorann thú (nó ‘oibrí imeallchríche’). Is í an tír ina n-oibríonn tú atá freagrach as do shochair slándála sóisialta. Tá rialacha ar leith i bhfeidhm maidir le cúram sláinte agus dífhostaíocht. Tá tuilleadh eolais le fáil inár gceisteanna coitianta.

Tá tú ar postú i dtír eile

Más rud é gur sheol d’fhostóir thú chun a bheith ag obair i dtír eile ar feadh uastréimhse 24 mhí (nó más rud é go ndeachaigh tú féin, má tá tú féinfhostaithe), fanfaidh tú faoi árachas i do thír thionscnaimh. Is amhlaidh atá sé i gcás ‘oibrithe ar postú’, mar a thugtar orthu, a bhfuil feidhm ag coinníollacha sonracha maidir leo. Tá tuilleadh eolais le fáil inár gceisteanna coitianta.

Oibríonn tú i níos mó ná tír amháin

  • Má tá tú ag gabháil do chuid mhór de do ghníomhaíocht, 25% ar a laghad, i do thír chónaithe, is ag reachtaíocht na tíre sin a bheidh tú cumhdaithe.
  • Más rud é nach bhfuil tú ag gabháil do chuid mhór de do ghníomhaíocht i do thír chónaithe, beidh tú cumhdaithe ag reachtaíocht na tíre ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó d’fhostóra lonnaithe.
  • Má oibríonn tú le haghaidh roinnt fostóirí, a bhfuil a n-oifigí cláraithe i dtíortha éagsúla, beidh tú cumhdaithe ag reachtaíocht do thíre cónaithe; fiú mura mbíonn tú ag gabháil do chuid mhór de do ghníomhaíocht sa tír sin.
  • Má tá tú féinfhostaithe agus mura bhfuil tú ag gabháil do chuid mhór de do ghníomhaíocht i do thír chónaithe, beidh tú cumhdaithe ag reachtaíocht na tíre ina bhfuil lárionad leasa do ghníomhaíochtaí lonnaithe.
  • Má tá tú ag gabháil do ghníomhaíocht fhostaithe agus fhéinfhostaithe i dtíortha éagsúla, beidh tú faoi árachas sa tír ina bhfuil tú fostaithe.
    Bain úsáid as ár n-eolaire chun institiúid teagmhála a aimsiú

Ní oibríonn tú

Mura n-oibríonn tú, baineann rialacha an Aontais leat go fóill. Tá tuilleadh eolais le fáil inár gceisteanna coitianta.

An Ríocht Aontaithe

Níl rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le comhordú na slándála sóisialta infheidhme a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, beidh cosaint fós ag cearta na ndaoine a chumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Maidir le daoine nach gcumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, is leis an bPrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a rialaítear comhordú na slándála sóisialta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Cé go bhfuil sé cosúil le rialacha an Aontais agus go bhfuil raon feidhme cuimsitheach ann, ní dhéantar foráil sa Phrótacal maidir leis an leibhéal céanna cosanta agus a thugtar do Rialacháin an Aontais.

Tuilleadh eolais

Féach na ceisteanna coitianta le tuilleadh eolais a fháil.

An leathanach seo a chomhroinnt: