Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Saorghluaiseacht - Náisiúnaigh an AE

Bunphrionsabal den Chonradh is ea saorghluaiseacht oibrithe, conradh atá cumhdaithe in Alt 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus atá faoi fhorás ag reachtaíocht thánaisteach an AE agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Tá saoránaigh an AE i dteideal:

  • post a chuardach i dtír eile an AE
  • bheith ag obair san áit sin gan cead oibre a bheith de dhíth orthu
  • bheith ina gcónaí san áit sin don chuspóir sin
  • fanacht san áit sin tar eis na fostaíochta a chríochnú
  • tairbhe a bhaint as déileáil chomhionann le náisiúnaigh maidir le rochtain ar fhostaíocht, le dálaí oibre agus le gach tairbhe sóisialta agus cánach eile

Is féidir le náisiúnaigh an AE cineálacha áirithe clúdaigh sláinte agus slándála sóisialta a bheith aistrithe chuig an tír ina bhfuil siad ag cuardach oibre. (féach comhordú na gcóras slándála sóisialta).

Baineann saorghluaiseacht oibrithe freisin, go ginearálta, leis na tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch: an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

Is féidir le daoine atá ag obair i roinnt gairmeacha aitheantas frithpháirteach a fháil ar a gcuid cáilíochtaí gairmiúla thar lear (féach aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí gairmiúla).

Tugtar rialacha i gComhordú slándála sóisialta an AE le cearta na ndaoine a chosaint agus iad ag aistriú laistigh den AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis.

Cé hiad na daoine ar féidir leo leas a bhaint as an tsaoirse seo?

  • Cuardaitheoirí poist, is é sin, náisiúnaigh an AE a d'aistrigh chuig tír eile an AE le post a chuardach, faoi choinníollacha áirithe
  • Náisiúnaigh an AE atá ag obair i dtír eile an AE
  • Náisiúnaigh an AE a fhilleann ar thír a ndúchais féin i ndiaidh bheith ag obair thar lear
  • Daoine dá dteaghlaigh thuasluaite

Is féidir go mbeidh difríochtaí sna cearta do na daoine siúd atá ag iarraidh bheith féinfhostaithe, do mhic léinn, agus do dhaoine atá ar scor ón obair nó nach bhfuil gníomhach ó thaobh an gheilleagair de. Le tuilleadh faisnéise a fháil ar na grúpaí sin, féach D'Eoraip.

Cad iad na srianta?

  • Baineann na cearta ar a bhfuil cur síos déanta ar an suíomh seo le daoine a bhaineann leas as an gceart saorghluaiseachta le haghaidh oibre.
  • Tá teorannacha ann atá bunaithe ar dhálaí slándála poiblí, ar bheartas poiblí, ar bhunús sláinte poiblí agus ar fhostaíocht san earnáil phoiblí.

An leathanach seo a chomhroinnt: