Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Ag obair i dtír eile de chuid an AE

© Anya Berkut

Mar náisiúnach AE tá tú i dteideal obair a dhéanamh nó a chuardach i dtír eile AE. Faoi láthair, tá 17 milliún saoránach den Aontas Eorpach ina gcónaí nó ag obair i dtíortha eile nach a dtíortha dúchais iad. Cuireann an tAontas Eorpach dálaí fostaíochta cothroma chun cinn do dhaoine atá ag obair i dtír eile, mar chuid de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Soláthraítear faisnéis ar an suíomh gréasáin seo maidir le cearta oibrithe chun gluaiseacht ar fud AE agus na cearta eile a bhaineann leis sin, chomh maith leis na teorainneacha atá i bhfeidhm ar oibrithe ó thíortha a ghlac ballraíocht in AE níos déanaí.

Tá forbhreathnú gairid ar fáil chomh maith maidir le cearta náisiúnach ó thíortha lasmuigh den AE i dtaca le hobair i dtír AE.

Gheobhaidh tú sonraí fosta maidir leis na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm má chuireann d’fhostóir go Ballstát eile thú ar bhonn sealadach le do chuid oibre a dhéanamh mar oibrí ar phostú.

Tá gréasán EURES, le breis agus 1000 comhairleoir EURES agus tairseach gréasáin EURES ina bhfuil folúntais phoist agus comhairle phraiticiúil ar fáil chun cuidiú leat post a fháil agus chun do bhogadh thar lear a ullmhú.

Cinntíonn an tÚdarás Eorpach Saothair go ndéantar rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair agus comhordú na slándála sóisialta a fhorfheidhmiú ar bhealach cothrom éifeachtach.

An leathanach seo a chomhroinnt: