Ag seasamh leis an Úcráin chun an tsaoirse agus an daonlathas a chosaint

Le cogadh foghach gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá cogadh ar siúl san Eoraip an athuair.

Ón lá tragóideach sin, an 24 Feabhra 2022 i leith, tráth a thrasnaigh trúpaí na Rúise an teorainn, tá an Eoraip ag seasamh le muintir na hÚcráine le tiomantas daingean.

Tá dídean curtha ar fáil againn do na daoine atá ag teitheadh ó bhuamaí Putin. Tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil againn chun cuidiú leis an tír í féin a chothú. Tá cúnamh míleata curtha ar fáil againn. Tá smachtbhannaí curtha i bhfeidhm againn ar dhéantóirí na gcoireanna.

Agus thacaíomar leis an Úcráin gach céim den bhealach chun go mbeidh sí níos gaire don Aontas Eorpach.

‘Seasfaidh an Eoraip taobh leis an Úcráin gach aon lá den chogadh, agus gach lá ina dhiaidh sin freisin’

Ursula von der Leyen

Ag cur le frithbheartaíocht agus athléimneacht na hÚcráine 

Tá cúnamh daonnúil, airgeadais agus míleata gan fasach curtha ar fáil againn, arb ionann é agus €118.3 billiún go dtí seo, agus €43.5 mbilliún i gcúnamh míleata mar chuid de. Tríd an tSaoráid nua don Úcráin, cuirfimid €50 billiún eile ar fáil sna ceithre bliana amach romhainn.

Cuideoidh an méid sin chun seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil, cuir i gcás scoileanna a choinneáil ar oscailt, tuarastail agus pinsin a íoc. Agus san am céanna, leanann muintir na hÚcráine ar aghaidh ag cur i gcoinne an ionraidh.

Le linn na tréimhse dorcha seo, tá solas á thabhairt againn isteach ina dtithe trí na milliúin bolgán solais a chur ar fáil, mar aon leis na mílte claochladán agus gineadóirí cumhachta.

Tá na céadta busanna scoile curtha ar fáil againn chun go mbeidh sé níos éasca agus níos sábháilte do leanaí na hÚcráine dul ar scoil.

Agus sheasamar leo siúd ar cuireadh iallach orthu a dtithe a fhágáil ina ndiaidh. Chuir muintir na hEorpa fáilte ó chroí roimh dhaoine isteach ina dtithe féin. 

I dtaca leis an mbreis agus ceithre mhilliún duine a tháinig isteach san Aontas, chuireamar cúnamh, cónaí, tithíocht, rochtain ar phoist, ar chúram sláinte agus ar scoil ar fáil dóibh.

An Rúis a thabhairt chun cuntais

Nuair a sheasaimid i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, táimid seasaimid leis an gceartas.

Tá smachtbhannaí fadréimseacha forchurtha ag an Aontas ar an Rúis chun a meaisín cogaidh a lagú agus chun dochar a dhéanamh dá cumas tionsclaíoch agus eacnamaíoch cogadh a chur ar siúl.

Oibreoimid lena chinntiú go n-íocfaidh na daoine atá freagrach as a gcoireanna agus go dtabharfar chun cuntais iad ag an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha san Úcráin sa Háig.

Na coireanna cogaidh agus na coireanna in aghaidh an chine dhaonna a rinneadh in Bucha, Mariupol, Kharkiv, Kherson, Lvyv, Irpin agus go leor áiteanna eile, ní féidir linn dearmad a dhéanamh orthu, agus ní dhéanfar dearmad orthu choíche.

An bealach a leagan amach i dtreo todhchaí chomhroinnte agus níos gile

Is cuid dár dteaghlach Eorpach í an Úcráin.

Díreach tar éis don Rúis a fogha gan údar a sheoladh, rinne an Úcráin iarratas ar bhallraíocht san Aontas agus níos lú ná dhá bhliain ina dhiaidh sin, chomhaontaigh ceannairí an Aontais tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Úcráin.

Tá dlús á chur ag an Eoraip freisin lena conair féin i dtreo todhchaí níos athléimní. Laghdaigh an tAontas go mór iompórtálacha breoslaí iontaise na Rúise, rud a mhéadaíonn ár slándáil fuinnimh agus a chuireann dlús leis an aistriú chuig foinsí fuinnimh níos glaine, iad táirgthe sa bhaile.

Léirigh an t-ionsaí brúidiúil sin freisin gur gá dúinn feabhas a chur ar ár slándáil agus ar ár gcosaint féin. Tá Straitéis Thionsclaíoch nua um an gCosaint Eorpach á forbairt againn anois chun iarrachtaí na mBallstát a threisiú, idir taighde agus táirgeadh nó soláthar, agus chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú ar an iomlán.

‘Seasann an Úcráin ag túslíne, í ag cosaint na nithe go léir is ansa le muintir na hEorpa: ár saoirse, ár ndaonlathas, ár saoirse smaointeoireachta agus ár saoirse cainte.’

Ursula von der Leyen

Slava Ukraini
agus gura fada a mhairfidh an Eoraip